I.R. Uimh. 360/1988 -An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Tháirgeadh) (Uimh. 2), 1988.


De bhun na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 16 (1) den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926) agus leis an Ordú um na hAchta Staidrimh, 1926 agus 1946 (Feidhmeanna Aire d'Aistriú), 1949 (I.R. Uimh. 142 de 1949), ordaímse, CATHAL S. Ó hEOCHAIDH, Taoiseach, leis seo mar a leanas:

1. An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Tháirgeadh) (Uimh. 2), 1988, is teideal don Ordú seo.

2. Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937), leis an Ordú seo.

3. Baineann an tOrdú seo le gach gnóthas de na gnóthais seo a leanas, is é sin le rá, na tionscail, na ceirdeanna agus na gnóthaí a shonraítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis seo.

4. Baileofar staidreamh (dá ngairtear "an staidreamh" san Ordú seo) sa bhliain 1989, maidir leis na gnóthais lena mbaineann an tOrdú seo, i dtaobh na nithe ar leithligh atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis seo.

5. Is iad na foirmeacha a úsáidfear chun an staidreamh a bhailiú na foirmeacha a thaispeántar i gCuid III den Sceideal a ghabhann leis seo, agus tá sraith díobh sin atá séalaithe le Séala Oifigiúil an Taoisigh taiscthe i Roinn an Taoisigh.

6. Is é an duine a sheolann an gnóthas, agus ar a ndéanfar leoréileamh faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926), a thabharfaidh tuairisceáin agus eolas uaidh, chun críche an staidrimh, maidir le haon ghnóthas lena mbaineann an tOrdú seo.

AN SCEIDEAL

CUID I

TIONSCAIL, CEIRDEANNA AGUS GNÓTHAÍ

Fuinneamh agus uisce:

Baint ghuail agus mhóna, astarraingt ola agus gáis nádúrtha (lena n-áirítear ullmhú láithreán) mar aon le sirtheoireacht nó taiscéalaíocht i ndáil leis an gcéanna, ola mhianrúil a mhín-ghlanadh agus fuinneamh leictreach a ghiniúint, a tharchur agus a dháileadh, déanamh gáis in oibreacha gáis, soláthar agus dáileadh uisce.

Mianraí nach dtáirgeann fuinneamh:

Mianraí nach dtáirgeann fuinneamh agus táirgí díobh a astarraingt agus a phróiseáil agus sirtheoireacht nó taiscéalaíocht i ndáil leis an gcéanna (lena n-áirítear ullmhú láithreán).

Tionscail déantúsaíochta:

Substaintí, idir orgánach agus neamhorgánach, a chlaochló go meicniúil nó go ceimiciúil ina dtáirgí nua, mar aon leis an obair dheisiúcháin atá gaolmhar leis sin agus cóimeáil comhpháirteanna de tháirgí déantúsaíochta.

CUID II

Is leis an mbliain 1988 a bhaineann an méid atá sa Chuid seo (ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt).

EOLAS, TUAIRISCEÁIN AGUS SONRAÍ

CAIBIDIL I

Maidir le gnóthais a ndéantar leoréileamh ina leith faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926, ar cheann amháin nó níos mó de na foirmeacha a shonraítear i gCuid III (A) den Sceideal seo.

Uimh. 1 — Tuairisc ar an ngnóthas lena mbaineann an tuairisceán:

(a) Tuairisc ar na gníomhaíochtaí a sheoltar.

(b) (i) Suíomh na húinéireachta; (ii) an bhliain ar thosaigh an táirgeadh; (iii) stádas an bhunachais i.e. áitreabh aonair nó ceannáras nó áitreabh brainse; (iv) más áitreabh brainse: ainm agus seoladh an cheannárais.

(c) An bhliain chuntasaíochta lena mbaineann an tuairisceán.

(d) Suíomh an rialaithe margaíochta.

Uimh. 2 — Athruithe ar na sócmhainní caipitiúla dochta i rith na bliand:

(a) Méaduithe ar na sócmhainní caipitiúla dochta agus idirdhealú a dhéandmh eatarthu seo a leanas:

(i) Costas gléasra, innealra, trealaimh agus feithiclí.

(ii) Costas na bhfoirgneamh (lena n-áirítear méaduithe agus athruithe substaintiúla) agus gach uile obair thógála eile.

(iii) Costas na sócmhainní caipitiúla dochta eile go léir (lena n-áirítear talamh).

(b) Laghduithe ar na sócmhainní caipitiúla dochta agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leands:

(i) Toradh díolachán gléasra, innealra, trealaimh agus feithiclí.

(ii) Toradh díolachán foirgneamh.

(iii) Toradh díolachán na sócmhainní caipitiúla dochta eile go léir (lena n-áirítear talamh).

Uimh. 3 — Táirgí a monaraíodh agus obair a rinneadh:

(a) Cainníocht agus luach gach ceann faoi leith de na príomhtháirgí arna chur síos ar leithligh. Sonraí ar na táirgí eile go léir agus luach iomlán na dtáirgí sin le chéile.

(b) Luach na hoibre go léir a rinne fostaithe an bhunachais, lena n-áirítear na suimeanna a fuarthas as an obair a rinneadh ar ábhair a sholáthraigh daoine eile agus na suimeanna a fuarthas as deisiúcháin a rinneadh do dhaoine eile.

(c) An céatadán den táirgeadh a onnmhairíodh.

Uimh. 4 — Ábhair agus comhábhair a úsáideadh:

(a) Sonraí na n-ábhar agus na gcomhpháirteanna a úsáideadh ag táirgeadh nó ag monarú na dtáirgí i rith na bliana agus ag déanamh na hoibre, a n-iarrtar sonraí ina leith in Uimh. 3 den Chaibidil seo.

(b) An céatadán de na hábhair a úsáideadh a táirgeadh in Éirinn.

Uimh. 5 — Stoic agus obair ar siúl:

Luach na nithe seo a leanas i dtús agus i ndeireadh na bliana; (a) stoic d'ábhair agus breosla, (b) obair ar siúl, (c) stoic d'earraí críochnaithe a rinne an bunachas agus a bhí ullamh chun a ndíola, agus (d) stoic d'earraí a ceannaíodh lena nathdhíol gan a thuilleadh próiseála.

Uimh. 6 — Costas earraí agus seirbhísí coimhdeacha:

Costas coimeádán agus ábhair phacála eile a díoladh leis na hearraí; costas na n-ábhar a ceannaíodh le deisiú a dhéanamh ar fhoirgnimh agus ar ghléasra ag fostaithe an bhunachais; suimeanna a íocadh le gnólachtaí eile as deisiú agus cothabháil gléasra, innealra, feithiclí agus foirgneamh; suimeanna a íocadh as obair chonartha a rinne daoine eile ar ábhair a chuir an bunachas ar fáil i ndáil leis na táirgí a n-iarrtar sonraí ina leith in Uimh. 3 den Chaibidil seo.

Uimh. 7 — Breosla, leictreachas, etc., a úsáideadh:

Ní foláir sonraí a thabhairt i dtaobh costas sna hoibreacha gach ceann de na saghsanna éagsúla breosla, olaí agus leictreachais, etc., a úsáideadh i rith na bliana.

Uimh. 8 — Fostaíocht agus olltuilleamh:

(a) An líon daoine a bhí iarbhír ag obair nó as láthair go sealadach i rith na seachtaine pá dár chríoch 17 Meán Fómhair, 1988 nó an dáta ionadaitheach is gaire dó sin, ag idirdhealú na n-aicmí seo a leands agus ag taispeáint líon na bhfear agus na mban ar leithligh:

(i) Dílseánaigh agus baill den teaghlach atá ag obair sa ghnó agus nach n-íoctar pá nó tuarastal seasta leo.

(ii) Foireann bainistíochta, teicniúil agus foireann eile ar tuarastal.

(iii) Foireann cléireachais agus foireann eile oifige.

(iv) Foireann mhaoirseachta lámhoibre.

(v) Oibrithe láimhe, seachas printísigh agus tascoibrithe lasmuigh.

(vi) Printísigh.

(vii) Tascoibrithe lasmuigh.

(b) Méid iomlán an olltuillimh a íocadh i rith na bliand le gach aicme de na haicmí fostaithe atá luaithe i bhfomhíreanna (ii) go (vii) de mhír (a).

CAIBIDIL II

Maidir le gnóthais a ndéantar leoréileamh ina leith faoi alt 8 (1) den Acht Staististíochta, 1926, ar an bhfoirm a shonraítear i gCuid III (B) den Sceideal seo. Caithfear na sonraí atá sonraithe in Uimhir 1 go hUimhir 10, den Chaibidil seo a sholáthar i leith gach fiontar tionscail ina raibh fiche duine nó níos mó fostaithe i rith na seachtaine dár chríoch 17 Meán Fómhair, 1988.

Uimh. 1 — Sonraí an Fhiontair:

(a) (i) Ainm dlíthiúil an fhiontair; (ii) ainm trádála (murab ionann); (iii) foirm dhlíthiúil (i.e. cuideachta theoranta, comhpháirtíocht, etc.); (iv) suíomh na húinéireachta; (v) suíomh an rialaithe margaíochta; (vi) an bhliain a ndeachaigh an fiontar i mbun gnó in Éirinn.

(b) An bhliain chuntasaíochta lena mbaineann an tuairisceán.

(c) Seoladh gach bunachais san fhiontar agús cuntas ar an sórt gníomhaíochta a bhíonn ar siúl ann.

(d) Ainm agus seoladh gach fochuideachta de chuid an fhiontair.

Uimh. 2 — Athruithe ar na sócmhainní caipitiúla dochta i rith na bliand:

Méaduithe agus laghduithe ar na sócmhainní caipitiúla dochta agus idirdhealú a dhéandmh eatarthu seo a leanas:

(a) Feithiclí paisinéirí.

(b) Na feithiclí eile uile.

(c) Gléasra, innealra agus trealamh—

(i) a rinne an fiontar lena n-úsáid aige féin,

(ii) a fuarthas ó fhiontair eile.

(d) Obair fhoirgníochta agus thógála—

(i) a rinne an fiontar,

(ii) a rinne conraitheoirí

(e) Foirgnimh chríochnaithe.

(f) Talamh (nár tógadh air).

(g) Na sócmhainní caipitiúla dochta eile go léir.

Uimh. 3 — Stoic agus obair ar siúl:

Luach na nithe seo a leanas i dtús agus i ndeireadh na bliana (a) stoic d'ábhair agus breoslaí, (b) obair ar siúl, (c) stoic d'earraí críochnaithe a rinne an fiontar agus a bhí ullamh chun a ndíola agus (d) stoic d'earraí a ceannaíodh lena n-athdhíol gan a thuilleadh próiseála.

Uimh. 4 — Láimhdeachas:

An méid a sonrascadh (i) do gach custaiméir agus (ii) do chustaiméirí onnmhairithe maidir le:

(a) Earraí a tháirg an fiontar.

(b) Seirbhísí tionscail a chuir an fiontar ar fáil.

(c) Earraí a athdhíoladh gan tuilleadh próiseála.

(d) Míreanna eile láimhdeachais.

Uimh. 5 — Earraí agus seirbhísí a ceannaíodh agus an céatadán a allmhairíodh:

(a) Ábhair.

(b) Breoslaí.

(c) Earraí lena n-athdhíol gan tuilleadh próiseala.

(d) Seirbhísí tionscail a chuir daoine eile ar fáil don fhiontar.

(e) Seirbhísí eile agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

(i) Fruiliú agus léasú oibríoch gléasra, innealra, trealaimh agus feithiclí.

(ii) Cíosanna a íocadh ar áitribh.

(iii) Préimheanna árachais a íocadh ar ghléasra, ar fheithiclí agus ar áitribh.

(iv) Muirir bhainc (gan ús a áireamh).

(v) Muirir theileafóin agus telex.

(vi) Muirir phostais.

(vii) Muirir lastais i ndáil le táirgí an fhiontair a iompair

(viii) Gach seirbhís neamh-thionscail eile.

Uimh. 6 — Cáin bhreisluacha:

(a) CBL a shonrasc an fiontar ar a láimhdeachas iomlán.

(b) CBL inasbhainte nó ingnóthaithe a d'íoc an fiontar, nó is iníoctha aige, ar a cheannacháin (lena n-áirítear CBL a íocadh ar allmhairí ag an tráth taifeadta):

(i) d'Earraí agus seirbhísí.

(ii) de Shócmhainní caipitiúla.

Uimh. 7 — Cánacha indíreacha eile:

(a) Dleacht máil (intíre) a íocadh nó is iníoctha ar earraí a tháirg an fiontar.

(b) Muirir SCA.

(c) Cánacha indíreacha eile a íocadh nó is iníoctha.

Uimh. 8 — Fóirdheontais oibríochta:

Méideanna a fuarthas as cistí Stáit nó ó Institiúidí de chuid na gComhphobal Eorpach mar fhóirdheontais oibríochta, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

(a) Fóirdheontais tomhaltóiri Stáit.

(b) Fóirdheontais fhostaíochta Stáit.

(c) Fóirdheontais CEE:

(i) Fóirdheontais SCA.

(ii) Aisíocaíochtaí onnmhairithe.

(iii) Fóirdheontais eile CEE.

(d) Fóirdheontais eile Stáit.

Uimh. 9 — Fostaíocht agus olltuilleamh:

(a) An líon daoine a bhí iarbhír ag obair nó as láthair go sealadach i rith na seachtaine pá dár chríoch 17 Meán Fómhair, 1988 nó an dáta ionadaitheach is gaire dó sin, ag idirdhealú na n-aicmí seo a leanas agus ag taispeáint líon na bhfear agus na mban ar leithligh:

(i) Dílseánaigh agus baill den teaghlach atá ag obair san fhiontar agus nach n-íoctar pá nó tuarastal seasta leo.

(ii) Foireann bainistíochta, teicniúil agus foireann eile ar tuarastal.

(iii) Foireann cléireachais agus foireann eile oifige.

(iv) Foireann mhaoirseachta lámhoibre.

(v) Oibrithe láimhe, seachas printísigh agus tascoibrithe lasmuigh

(vi) Printísigh.

(vii) Tascoibrithe lasmuigh.

(b) Méid iomlán an olltuillimh a íocadh i rith na bliand le gach aicme de na haicmí fostaithe atá luaite i bhfomhíreanna (ii) go (vii) de mhír (a)

Uimh.10 — Costais saothair eile:

Méid na muirear nó na gcostas a d'íoc an fiontar i rith na bliand i leith na bhfostaithe uile mar gheall ar:

(a) Ranníocaí fostóirí leis an scéim árachais shóisialaigh páchoibhneasa.

(b) Íocaíochtaí iomarcaíochta.

(c) Ranníocaí fostóirí le cistí aoisliúntas agus scéimeanna pinsin eile.

(d) Íocaíochtaí pinsean nó sochar scoir seachas iad sin a íocadh as na cistí aoisliúntas.

(e) Préimheanna árachais a íocadh thar ceann fostaithe le haghaidh tinnis nó gortaithe.

(f) Íocaíochtaí forlíontacha le fostaithe i leith tinnis nó gortaithe.

(g) Íocaíochtaí comhchineáil le fostaithe.

(h) Costais shóisialta eile.

(i) Costais oiliúna.

CAIBIDIL III

Maidir le gnóthais a ndéantar leoréileamh ina leith faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926, ar an bhfoirm a shonraítear i gCuid III (C) den Sceideal seo.

Uimh. 1 — Eolas Ginearálta:

(a) Tuairisc ar an ngníomhaíocht gnó a bhíonn ar siúl ag an ngnóthas.

(b) An bhliain ar thosaigh an táirgeadh.

(c) Suíomh na húinéireachta.

(d) An bhliain chuntasaíochta lena mbaineann an tuairisceán.

Uimh. 2 — Láimhdeachas, agus idirdhealú a dhéandmh eatarthu seo a leanas:

(a) Díolachán earraí a mhonaraigh an gnóthas.

(b) Sonraí eile láimhdeachais.

Uimh. 3 — Fostáiocht:

An líon daoine a bhí fostaithe ag an ngnóthas i rith na seachtaine dár chríoch an 17 Meán Fómhair, 1988.

CUID III

(A) — Maidir le gnóthais ar gá an t-eolas, na tuairisceáin agus na sonraí a fhorordaítear i gCuid II, Caibidil I den Sceideal seo a thabhairt ina leith.

Móráireamh ar Tháirgeadh Tionscail 1988 Foirm Uimhir B.

Tionscal, ceird nó gnó

111

Baint guail

132

/images/si360y88p0010b.gif

Taiscéalaíocht agus astarraingt peitriliam agus gáis aiceanta

134

140

161

Giniúint agus dáileadh cumhacht leictreachais

162

Oibreacha gáis; dáileadh gáis

170

Soláthar uisce; uisce a bhailiú, a íonú agus a dháileadh

212

Baint agus ullmhú mianta miotail neamh fheiriúla

221

Tionscal iarainn agus cruach

222

Monarú tiúbanna cruach

223

Tarraingt, fuar-rollú agus fuar-fhilleadh cruach

224

Táirgeadh agus céadphróiseáil miotal neamh fheiriúil

231

Baint ábhar foirgníochta agus créanna teasfhulangacha

239

Baint mianraí eile; móin

241

Monarú cré-earraí le haghaidh foirgníochta

242

Monarú stroighne, aoil agus plástair

243

Monarú earraí coincréite, stroighne nó plástair le haghaidh foirgníochta

244

Monarú earraí aispeiste

245

Obair chloiche agus obair ar tháirgí mianracha neamh-mhiotalacha eile

246

Táirgeadh clocha meilte agus táirgí scríobacha eile

247

Monarú gloine agus earraí gloine

248

Monarú earrai criadóireachta

251A

Monarú ceimicigh thionscail bhunata (gan leasacháin a áireamh)

251B

Leasacháin

255

Monarú péinteanna, vearnaiseacha, dúch clóite etc.

256

Táirgí ceimiceacha, chun críocha tionscail agus talmhaíochta go formhór (gan leas acháin a áireamh)

257

Monarú táirgí cógaisíochta

258

Gallúnach, glantóirí tacair, cumhráin agus ullmhóidí maisiúcháin

259

Táirgí ceimiceacha eile le haghaidh úsáide tís agus oifige go formhór

260

Tionscal snáithín saorga

311

Teilgcheártaí

312

Gaibhníocht, brú agus stampáil mhiotal

313

Claochló tánaisteach, cóireáil agus cótáil mhiotal

314

Monarú táirgí miotail déanmhais (lena n-áirítear cóimeáil chomhghafa agus suiteáil)

315

Déantóireacht coirí, monarú taiscumar, tancanna agus coimeádán leatháin mhiotail eile

316

319

/images/si360y88p0010a.gif

Monarú airnéise agus earrai miotail críochnaithe agus táirgí eile ceardlainne miotail

321

Monarú innealra talmhaíochta agus tarracóirí

322

/images/si360y88p0010b.gif

Monarú agus cóimeáil—

323

(a) Meaisín-airnéise le miotail a oibriú agus meaisín-airnéise eile

324

(b) Innealra agus gabhálais teicstíleacha Monarú innealra le haghaidh tionscal bia,tionscal ceimiceacha agus tionscal gaolmhar

325

Gléasra agus innealra do mhianaigh, do theil gcheártaí, d'oibreacha cruach agus d'inn ealtóireacht shibhialta (lena n-áirítear crainn tógála) etc.

326

327

/images/si360y88p0010b.gif

Monarú agus cóimeáil trealamh traiseolta do chumhacht thiomána agus innealra agus trealamh do thionscail shonracha

328

Innealra agus trealamh ilghnéitheach

330

Monarú innealra oifige agus innealra próiseála sonraí

341

Sreanga agus cáblaí inslithe

342

Monarú innealra leictreachais (lena n-áirítear mótair leictreachais, gineadóirí, claochladáin, etc.)

343

Monarú gaireas agus fearas leictreachais le haghaidh úsáide tionscail (lena n-áirítear batairí agus cnuasaitheoirí)

344

Monarú trealamh teileachumarsáide, trealamh tomhais, trealamh taifeadta agus trealamh leictriliachta

345

Monarú trealamh raidió, teilifíse agus atáirgeadh agus taifeadadh fuaime

346

Monarú fearas leictreachais tís

347

/images/si360y88p0010b.gif

Monarú

348

(a) lampaí leictreachais agus trealamh soilsiúcháin leictreachais

(b) trealamh leictreachais a shuiteáil

351

Monarú agus cóimeáil mótarfheithiclí

352

/images/si360y88p0010b.gif

Monarú (a) cabhlacha d'flieithiclí leantóiri,

353

carabháin, etc.

(b) páirteanna agus gabhálais do mhótarfheithiclí

361

Déanamh long

362

Monarú rothdhíle iarnróid

363

Monarú rothar, gluaisrothar, páirteanna agus gabhálas

364

Trealamh aeraspáis a mhonarú agus a dheisiú

371

Gléasanna agus gaireas tomhais seiceála agus cruinnis

372

Monarú trealamh liachta, máinliachta, etc.

373

/images/si360y88p0010b.gif

Monarú

(a) trealamh optúil agus trealamh fótagrafaíochta

374

(b) uaireadóiri agus cloig agus cod anna díobh

411

Margairín agus olaí agus méithris ullmhaithe eile

412

Marú, cóiriú agus leasú feola

413

Monarú táirgí déiríochta

414

Próiseáil agus leasú torthaí agus glasraí

415

Próiseáil agus leasú éisc

416

Muilleoireacht ghráin

417

/images/si360y88p0011a.gif

Monarú

(a) spaigití, macarón, etc.

418

(b) stáirse agus táirgí stáirse

419

Arán agus milseogra plúir (lena n-áirítear brioscaí)

420

Monarú agus mínghlanadh siúcra

421

Monarú milseogra cócó, seacláide agus siúcra

422

Beatha ainmhithe agus beatha éanlaithe clóis

423

Monarú táirgí beatha eile

424

Driogadh agus comhshuíomh biotáille

425

426

428

/images/si360y88p0011b.gif

Monarú fíona, ceirtlise agus deochanna glasa

427A

Grúdaireacht

427B

Brachadh

429

Monarú táirgí tobac

431

Tionscal olla

432

Tionscal cadáis

433

Snáithíní agus uigí sintéiseacha, síoda agus síodúla

434

Cóiriú, sníomh agus fíochán lín, cnáibe agus ramie

436

Tionscal cniotála

437

Críochnú teicstíleacha

438

Brait urláir, líonóil agus clúdaigh eile urláir

439

Iltionscail teicstíleacha

441

Súdaireacht agus cóiriú leathair

442

Monarú táirgí as leathar agus táirgí as bréagleathar

451

Monarú coisbhirt

453A

Éadaí — cultacha fear agus buachaillí, cótaí móra, hataí agus caipiní, etc.

453B

Éadaí — déanamh léinte

453C

Éadaí — éadaí ban agus éadaí cailiní (seachas góiséireacht)

453D

Éadaí — baill éadaí ilghnéitheacha agus gabhálais

455

Teicstíleacha tís agus earraí teicstíleacha comhdhéanta eile

456

Fionnaidh agus earraí fionnaidh

461

Sáibhéaracht agus próiseáil adhmaid

462

Monarú táirgí páirtchríochnaithe adhmaid

463

Monarú comhpháirteanna adhmadóireachta agus siúniréachta

464

Coimeádáin adhmaid

465

Earraí monaraithe adhmaid eile

466

Earraí coirc, tuí, etc., scuaba agus scuaba urláir

467

Monarú troscáin adhmaid

471

Monarú laín, páipéir agus cláir

472

Próiseáil páipéir agus cláir

473

/images/si360y88p0012b.gif

Clódóireacht, foilsitheoireacht agus comhthrádálacha

474

481

/images/si360y88p0012a.gif

482

483

Próiseáil pleaisticí

491

Seodra, earraí gabha óir agus gabha ghil

492

Gléasanna ceoil

493

Saotharlanna fótagrafaíochta agus cineamatagrafaíochta

494

Bréagáin agus earraí spóirt

495

Tionscail mhonaraíochta ilghnéitheacha

(B) — Maidir le gnóthais ar gá an t-eolas, na tuairisceáin agus na sonraí a fhorordaítear i gCuid II, Caibidil II den Sceideal seo a thabhairt ina leith:

Foirm A — Móráireamh ar Tháirgeadh Tionscail, 1988.

(C) — Maidir le gnóthais ar gá an t-eolas, na tuairisceáin agus na sonraí a fhorordaítear i gCuid II, Caibidil III den Sceideal seo a thabhairt ina leith:

Foirm C — Móráireamh ar Tháirgeadh Tionscail, 1988.

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil an 21ú lá seo de Nollaig, 1988.

CATHAL S. Ó hEOCHAIDH,

Taoiseach.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi è.)

Is é is cuspóir don ionstraim seo cumhacht a thabhairt chun Móráireamh reachtúil a dhéandmh ar Tháirgeadh Tionscail don bhliain 1988, míniú a thabhairt ar réimse an Mhóráirimh agus a chur faoi deara tuairisceáin a thabhairt don Phríomh-Oifig Staidrimh i dtaobh na ngnóthas go léir ar eisíodh na foirmeacha forordaithe ina leith.