I.R. Uimh. 31/1988 -An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Sheirbhísí Lena Náirítear Imdháil), 1988.


De bhun na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 16(1) den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926), agus leis an Ordú um na hAchta Staidrimh, 1926 agus 1946 (Feidhmeanna Aire d'Aistriú), 1949 (I.R. Uimh. 142 de 1949), ordaíonn an Taoiseach leis seo mar a leanas:—

1. An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Sheirbhísí lena náirítear Imdháil), 1988, is teideal don Ordú seo.

2. Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937), leis an Ordú seo.

3. Baineann an tOrdú seo le gach gnóthas a ghabhann d'imdháil earraí ar miondíol nó ar mórdhíol sa bhliain 1988, nó a bhí ag gabháil don imdháil sin aon tráth sa bhliain 1987, nó a ghabhann d'aon ghníomhaíocht seirbhíse eile sa bhliain 1988.

4. Déanfar staidreamh (dá ngairtear "an staideamh" san Ordú seo) maidir leis na gnóthais lena mbaineann an tOrdú seo a bhailiú sa bhliain 1988 is dtaobh na nithe iomaí atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis seo.

5. Is iad na foirmeacha a úsáidfear chun an staidreamh sin a bhailiú na foirmeacha a thaispeántar i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis seo, a bhfuil sraith díobh, agus iad séalaithe le Séala Oifigiúil an Taoisigh, taiscthe i Roinn an Taoisigh.

6. Is é an duine a thabharfaidh tuairisceáin agus eolas, chun críocha an staidrimh, i leith aon ghnóthais lena mbaineann an tOrdú seo, an duine a sheolann an gnóthas agus ar a ndéanfar leor-éileamh faoi alt 8 den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926).

AN SCEIDEAL

CUID I

Is leis an mbliain 1988 (ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt) a bhaineann an t-ábhar a luaitear sa chuid seo.

Maidir le gach bunachas:—

(a) Ainm agus suíomh an bhunachais;

(b) Tuairisc an ghnó a sheoltar;

(c) Sonraí i dtaobh líon na ndaoine a bhí fostaithe sa bhunachas i rith na seachtaine dar chríoch an 20 Feabhra, 1988;

(d) Sonraí i dtaobh úinéireacht an bhunachais;

I dteannta (a) go (d) thuas:—

(e) Do bhunachais bhrainse de chuid gnóthas a oibríonn níos mó ná bunachas amháin:

(i) Ainm agus seoladh cheanncheathrú nó phríomh-bhrainse an ghnóthais;

(ii) Tuairisc ar an ngnó a sheoltar i gceanncheathrú nó i bpríomh-bhrainse an ghnóthais.

( f ) Do cheanncheathrú nó príomh-bhrainse gnóthas a oibríonn níos mó ná aon bhunachas amháin—

(i) An líon bunachas atá á oibriú ag an ngnóthas sa Stát;

(ii) An líon daoine a bhí fostaithe i rith na seachtaine dar chríoch an 20 Feabhra, 1988.

I dteannta (a) go (f) thuas:—

(g) Sonraí trádála 1987 do bhunachais a bhí ag gabháil d'imdháil earraí ar miondíol (lena n-áirítear tithe tábhairne, garáistí agus stáisiúin líonta) nó ar mórdhíol:—

(i) An tréimhse dhá mhí dhéag lena mbaineann na sonraí;

(ii) Sonraí i dtaobh láimhdeachais nó admhálacha ó ghníomhaíocht seirbhíse (gan CBL a áireamh);

(iii) Sonraí i dtaobh ceannachán earraí lena n-athdhíol (gan CBL a áireamh);

(iv) Sonraí i dtaobh CBL a muirearaíodh ar láimhdeachas agus CBL inasbhainte a íocadh ar cheannacháin earraí lena nathdhíol;

(v) Stoic earraí lena n-athdhíol i dtús agus i ndeireadh na bliana;

(vi) Sonraí i dtaobh pá agus tuarastal a íocadh;

(vii) An modh díola agus an líon cuntar amach más féinseirbhís atá i gceist (i gcás bunachas miondíola);

(viii) Spás díola (i gcás bunachas miondíola gan garáistí, stáisiúin líonta ná ceannaithe breosla a áireamh).

CUID II

Imdháil earraí ar miondíol agus/nó ar mórdhíol (lena n-áirítear tithe tábhairne, garáistí agus stáisiúin líonta):

Foirm D1 — le cur go dtí seoladh an bhunachais lena mbaineann an fhoirm;

Foirm D2 — le cur go dtí an gnóthas ag seoladh nach seoladh an bhunachais lena mbaineann an fhoirm.

Gníomhaíochtaí seirbhíse eile:

Foirm S1 — le cur go dtí seoladh an bhunachais lena mbaineann an fhoirm;

Foirm S2 — le cur go dtí an gnóthas ag seoladh nach seoladh an bhunachais lena mbaineann an fhoirm.

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Taoisigh,

an 26 là seo de Feabhra, 1988.

CATHAL S. Ó hEOCHAIDH,

Taoiseach.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN.

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi è.)

Is é is cusp'r don ionstraim seo a chumasú Móráireamh ar Sheirbhísí (lena n-áiritear imdháil) a dheanamh sa bhliain 1988, a réim a shonrú agus a éileamh nach foláir tuairisceáin a sholáthar don Phríomh-Oifig Staidrimh a bhainfidh le gach gnóthas a n-eiseofar an foirm fhorordaithe ina leith.