I.R. Uimh. 127/1987 -An tOrdú umRéamhchúram in Aghaidh Aer-Ruathar (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1987.


Ar iarratas ón Aire Cosanta agus i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 2 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977), ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas:—

1. An tOrdú um Réamhchúram in Aghaidh Aer-Ruathar (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1987, is teideal don Ordú seo.

2. Déantar leis seo cumhachtaí agus dualgais uile an Aire Cosanta faoi na hAchta um Réamhchúram in Aghaidh Aer-ruathar, 1939 agus 1946, a tharmligean chuig Uinseann Ó Brádaigh, Aire Stáit ag an Roinn Cosanta.

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais an 5ú la seo de Bhealtaine, 1987.

CATHAL Ó hEOCHAIDH,

Taoiseach.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN.

(Ní cuid den lonstrain an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míiniú dlúthiúil uirthi é.)

Déantar leis an Ordú seo cumhachtaí agus dualgais an Aire Cosanta maidir le hábhair a bhaineann le Cosaint Shibhialta a tharmligean chun an Aire Stáit ag an Roinn Cosanta.