I.R. Uimh. 284/1986 - An tOrdú um Réamhchúram in Aghaidh Aer-ruathar (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1986
Ar iarratas ón Aire Cosanta agus i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 2 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977), ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas:— 1. An tOrdú um Réamhchúram in Aghaidh Aer-Ruathar (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1986 is teideal don Ordú seo. 2. Déantar leis seo cumhachtaí agus dualgais uile an Aire Cosanta faoi na hAchta um Réamhchúram in Aghaidh Aer-Ruathar, 1939 agus 1946, a tharmligean chuig FEARGHAS O'BRIAIN, Aire Stáit ag an Roinn Cosanta. | ||
ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais an 24ú lá seo d'Iúil, 1986. | ||
GEARÓID Mac GEARAILT, | ||
Taoiseach. | ||
NÓTA MÍNIÚCHÁIN. | ||
(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é.) | ||
Déantar leis an Ordú seo cumhachtaí agus dualgais an Aire Cosanta maidir le hábhair a bhaineann le Cosaint Shibhialta a tharmligean chun an Aire Stáit ag an Roinn Cosanta. |