I.R. Uimh. 161/1984 -An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Fhoirgníocht agus ar Thógáil), 1984.


De bhun na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 16 (1) den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926) agus leis an Ordú um na hAchta Staidrimh, 1926 agus 1946 (Feidhmeanna Aire d'Aistriú), 1949 (I.R. Uimh. 142 de 1949) agus leis an Ordú Staidrimh (Feidhmeanna Aire a Tharmligean) 1983 (I.R. Uimh. 13 de 1983) ordaímse SEÁN Ó BAIRÉAD, Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh, leis seo, mar a leanas:—

1. An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Fhoirgníocht agus ar Thógáil), 1984, is teideal don Ordú seo.

2. Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937), leis an Ordú seo.

3. Baineann an tOrdú seo le gnóthais atá ag gabháil d'obair fhoirgníochta agus thógála lena n-áirítear mórbhealaí, séaracht, draenáil agus oibreacha eile den chineál céanna.

4. Baileofar sa bhliain 1984 staidreamh (dá ngairtear "an staidreamh" san Ordú seo), maidir leis na gnóthais lena mbaineann an tOrdú seo, i dtaobh na nithe ar leithligh atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis seo.

5. Is iad na foirmeacha a thaispeántar i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis seo na foirmeacha a úsáidfear chun an staidreamh a bhailiú, agus tá sraith díobh sin, agus iad sínithe ag an Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh taiscthe i Roinn an Taoisigh.

6. Is é an duine ag a mbíonn an gnóthas ar siúl, agus ar a ndéanfar leor-éileamh faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926) a thabharfaidh tuairisceáin agus eolas chun críche an staidrimh, maidir le haon ghnóthas lena mbaineann an tOrdú seo.

AN SCEIDEAL.

CUID I.

Is leis an mbliain 1983 a bhaineann ábhar na Coda seo (ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt).

EOLAS, TUAIRISCEÁIN AGUS SONRAÍ.

(A) Do ghnóthais a ndéantar leor-éileamh ina leith faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926, ar an bhfoirm a shonraítear i gCuid II den Sceideal seo ag Uimhir thagartha 1.

UIMH 1 — ATHRUITHE AR NA SÓCMHAINNÍ CAIPITIL

A — Méaduithe ar na Sóchmhainní Caipitil agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

(a) Costas gléasra, innealra agus trealaimh (gan feithiclí a áireamh) a suiteáladh.

(b) Costas feithiclí a ceannaíodh.

(c) Costas foirgneamh nua.

(d) Costas foirgneamh a bhí ann.

(e) Costas talaimh.

(f) Gach sócmhainn chaipitil eile.

B — Laghduithe ar na Sócmhainní Caipitil Dochta i rith na bliana agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

(a) Luach díolachán gléasra, innealra agus trealaimh.

(b) Luach díolachán feithiclí.

(c) Luach díolachán foirgneamh.

(d) Luach díolachán talaimh.

(e) Luach díolachán gach sócmhainn chaipitil eile.

UIMH 2 — STOIC AR LÁIMH AGUS OBAIR IDIR LÁMHA

Luach stoc agus obair idir lámha i dtús agus i ndeireadh na bliana, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

(a) Stoic ábhar, comhpháirteanna, breosla.

(b) Obair idir lámha.

(c) Stoic d'earraí críochnaithe a rinne an gnóthas réidh lena ndíol.

(d) Stoic d'earraí a ceannaíodh lena n-athdhíol gan tuilleadh próiseála.

UIMH 3 — LÁIMHDEACHAS

Láimhdeachas iomlán an ghnóthais i gcaitheamh na bliana agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

(a) Obair a rinneadh mar phríomh-chonraitheoir (lena n-áirítear obair a rinne fochonraitheoirí don ghnóthas) agus idirdhealú a dhéanamh idir obair fhoirgníochta agus obair thógála eile.

(b) Obair a rinneadh mar fhochonraitheoir.

(c) Earraí a rinneadh agus a díoladh i rith na bliana nó a cuireadh le stoc i ndeireadh na bliana.

(d) Díolachán earraí a ceannaíodh lena n-athdhíol gan tuilleadh próiseála.

(e) Gach fáltas eile.

UIMH 4 — CEANNACH ÁBHAIR FHOIRGNÍOCHTA BREOSLA AGUS LEICTREACHAS

Sonraí i dtaobh costais na n-ábhar uile, breosla agus leictreachais a ceannaíodh.

UIMH 5 — ÍOCAÍOCHTAÍ LE FOCHONRAITHEOIRÍ

Iocaíochtaí ar obair a rinneadh i gcaitheamh na bliana don ghnóthas ag gnólachtaí eile ar chonarthaí a foligeadh chucu i ndáil leis an obair a n-éilítear sonraí ina taobh faoi Uimh. 3 thuas, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

(a) Íocaíochtaí ar obair a rinne daoine a bhí ag obair de réir fhochonartha saothair amháin.

(b) Íocaíochtaí ar obair a rinne gach fochonraitheoir eile.

UIMH 6 — COSTAS EARRAÍ EILE AGUS SEIRBHÍSÍ

Costas earraí eile agus seirbhísí agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

(a) Seirbhísí tionsclaíocha a soláthraíodh don ghnólacht ag daoine eile (mar shampla, obair dheisiúcháin agus chothabhála, obair sheirbhíse agus shuiteála, taighde, etc.).

(b) Costas earraí a ceannaíodh lena n-athdhíol gan tuilleadh próiseála.

(c) Gléasra, innealra, scafall agus trealamh eile a fhruiliú agus a léasú.

(d) Cíosanna a íocadh ar áitribh.

(e) Préimheanna árachais a íocadh ar ghléasra, ar fheithiclí agus ar áitribh.

(f) Muirir bhainc (gan muirir úis a áireamh).

(g) Ábhair eile agus seirbhísí tionsclaíocha eile.

UIMH 7 — CÁNACHA INDÍREACHA

(a) Ab iníoctha

(i) CBL a muirearaíodh ar an láimhdeachas iomlán.

(ii) Dleacht máil a íocadh nó ab iníoctha.

(iii) Gach cáin indíreach eile a íocadh nó ab iníoctha.

(b) Ab inasbhainte

(i) CBL ab inasbhainte ar cheannach breoslaí, ábhar, etc.

(ii) CBL ab inasbhainte ar cheannach Sócmhainní Caipitil.

UIMH 8 — FOSTAÍOCHT AGUS TUARASTAL PÁ A ÍOCADH

Daoine ar Fostú

An méid daoine a bhí ag obair iarbhír nó ar laethanta saoire le pá sa ghnóthas ar feadh na seachtaine pá nó le linn aon chuid den tseachtain phá dar chríoch an 24 Meán Fómhair, 1983 nó an dáta ionadaitheach is gaire dó sin, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

(a) Dílseánaigh.

(b) Fostaithe bainistíochta agus teicniúla (lena n-áirítear stiúrthóirí oibre).

(c) Foireann chléireachais agus foireann eile oifige:—

—Fir.

—Mná.

(d) Bunfhoireann mhaoirseachta (lena n-áirítear saoistí agus maoir).

(e) Oibrithe oilte.

(f) Printísigh.

(g) Oibrithe neamhoilte nó breacoilte:—

—ar rátaí pá aosach.

—ar rátaí pá ógánach.

(h) Daoine a bhí ag obair de réir fochonartha "saothar amháin".

Tuarastail/Pá a íocadh.

Méid iomlán na dtuarastal agus an phá a íocadh sa bhliain, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

(a) le fostaithe bainistíochta agus cléireachais.

(b) le foireann mhaoirseachta agus oibrithe.

UIMH 9 — COSTAIS SAOTHAIR EILE

Costais saothair eile agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

(a) Ranníoc ÁSPC an fhostóra.

(b) Íocaíochtaí iomarcaíochta cnapshuime lúide aisíocaíochtaí a fuarthas.

(c) Íocaíochtaí lúide aisíocaíochtaí faoin Acht Oiliúna Tionscail (i.e. le hAnCO).

(d) Ranníoc an fhostóra le Cistí Aoisliúntas nó le Scéimeanna Pinsin eile.

(e) Préimheanna árachais dliteanais fhostóra, árachais dliteanais phoiblí agus árachais sláinte fhostóra.

(f) Costais saothair eile.

(B) Do ghnóthais a ndéantar leor-éileamh ina leith faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926, ar an bhfoirm a shonraítear i gCuid II den Sceideal seo ag uimhir thagartha 2.

UIMH 1 — AN CINEÁL OIBRE A RINNEADH

Ceanglaítear sonraí a thabhairt ar an gcineál oibre a rinneadh.

UIMH 2 — LAÍMHDEACHAS

(a) Láimhdeachas iomlán sa bhliain agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

(i) Tógáil nua, atógáil agus feabhsú teaghaisí.

(ii) Gach obair thógála nua eile (lena n-áirítear feabhsúcháin agus atógáil).

(iii) Obair dheisithe agus chothabhála.

(b) Láimhdeachas iomlán as obair a rinneadh mar fhochonraitheoir.

UIMH 3 —ÍOCAÍOCHTAÍ LE FOCHONRAITHEOIRÍ

Íocaíochtaí a rinneadh le fochonraitheoirí agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

(i) Íocaíochtaí iomlána le fochonraitheoirí "saothar amháin".

(ii) Íocaíochtaí iomlána le gach fochonraitheoir eile.

UIMH 4 — COSTAIS IOMLÁNÁ NA N-ÁBHAR, AN BHREOSLA AGUS AN LEICTREACHAIS A CEANNAÍODH

UIMH 5 — PÁ AGUS TUARASTAIL IOMLÁNÁ A ÍOCADH

Ba chóir ollphá agus olltuarastail a íoc (i.e. roimh asbhaintí cánach, ÁSPC, etc.) agus ba chóir íocaíochtaí ragoibre, bónais, coimisiúin etc. a áireamh. Níor chóir ranníocaí an fhostóra le hASPC, ciste aoisliúntas agus íocaíochtaí iomarcaíochta agus íocaíochtaí le dílseánaigh oibre a áireamh.

UIMH 6 —FOSTAÍOCHT

An méid daoine a bhí ag obair iarbhír nó ar saoire le pá nó ar saoire bhreoiteachta le pá sa ghnótnas ar feadh na seachtaine pá dar chríoch 24 Meán Fómhair, 1983, nó na gnáthsheachtaine pá is gaire dó sin agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

(i) Dílseánaigh/Úinéirí ag obair sa ghnó.

(ii) Fostaithe bainistíochta, teicniúla agus cléireachais.

(iii) Daoine a bhí ag obair de réir fochonartha "saothar amháin" (mar aon lena gcuiditheoirí).

(iv) Gach fostaí eile (i.e. saoistí, oibrithe, printísigh, etc.).

CUID II

FOIRMEACHA ATÁ LE hÚSÁlD AG BAILIÚ AN STAIDRIMH.

Uimh. Thag.

Foirm Uimh.

Do ghnóthais a n-éilítear an t-eolas, na tuairisceáin, agus na sonraí a fhorordaítear sa chuid thíosluaite den Sceideal seo ina dtaobh:—

1.

C.B.C. 83 c

Cuid 1 (A)

2.

C.B.C. 83 b

Cuid 1 (B)

ARNA THABHAIRT faoi mo Láimh, an 11 lá seo de Meitheamh, 1984.

SEÁN Ó BAIRÉAD,

Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh.

NÓTA MÍNlÚCHÁlN.

Is é is cuspóir don ionstraim seo cumhacht a thabhairt chun Móráireamh reachtúil a dhéanamh ar Fhoirgníocht agus ar Thógáil don bhliain 1983, míniú a thabhairt ar scóp an Mhóráirimh agus a cheangal tuairisceáin a thabhairt don Phríomóh-Oifig Staidrimh i dtaobh na gnóthas uile ar eisíodh na foirmeacha forordaithe ina leith.