I.R. Uimh. 94/1983 -An tOrdú umRéamhchúram in Aghaidh Aer-Ruathar (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1983.


Ar iarratas ón Aire Cosanta agus i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 2 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977), ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas:—

1. An tOrdú um Réamhchúram in Aghaidh Aer-ruathar (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1983, is teideal don Ordú seo.

2. Déantar leis seo cumhachtaí agus dualgais uile an Aire Cosanta faoi na hAchta um Réamhchúram in Aghaidh Aer-ruathar, 1939 agus 1946, a tharmligean chuig Seán O Bairéad, Aire Stáit ag an Roinn Cosanta.

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais an 29ú lá

seo de Mhárta, 1983.

DICK SPRING,

Tánaiste.

NÓTA MINIÚCHÁIN.

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é).

Déantar leis an Ordú seo cumhachtaí agus dualgais an Aire Cosanta maidir le hábhair a bhaineann le Cosaint Shibhialta a tharmligean chun an Aire Stáit ag an Roinn Cosanta.