I.R. Uimh. 13/1983 -An tOrdú Staidrimh (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1983.


Ar iarratas ón Taoiseach agus i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 2(1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977), ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas:—

1. An tOrdú Staidrimh (Feidhmeanna Aire A Tharmligean), 1983, is teideal don Ordú seo.

2. Déantar leis seo cumhachtaí agus dualgais an Taoisigh—

( a ) faoi alt 2(2) den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 (Uimh. 16 de 1924) a mhéid a bhaineann sé leis an bPríomh-Oifig Staidrimh,

( b ) faoi na hAchta Staidhrimh, 1926 agus 1946, agus

( c ) faoi Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958, agus faoi Acht Choimisinéirí na Státsheribhíse, 1956, a mhéid a bhaineann na hAchtanna sin leis an b'Príomh-Oifig Staidrimh,

a tharmligean chuig Seán Ó Bairéad, Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh.

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais, an 12ú lá seo

d'Eanáir, 1983.

GEARÓID MACGEARAILT,

Taoiseach.

NÓTÁ MÍNIÚCHÁIN.

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é).

Tarmligtear leis an Ordú seo cumhachtaí agus dualgais reachtúla an Taoisigh faoi na hAchtanna atá sonraithe in alt 2 chuig Seán Ó Bairéad, Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh.