I.R. Uimh. 125/1982 -An tOrdú umRéamhchúram in Aghaidh Aer-Ruathar (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1982.


Ar iarratas ón Aire Cosanta agus i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 2 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977), ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas:

1. An tOrdú um Réamhchúram in Aghaidh Aer-ruathar (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1982, is teideal don Ordú seo.

2. Déantar leis seo cumhachtaí agus dualgais uile Aire Cosanta faoi na hAchta um Réamhchúram in Aghaidh Aer-ruathar, 1939 agus 1946, a tharmligean chuig Pharalán Ó hEacthairn, Aire Stáit ag an Roinn Cosanta.

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an

Rialtais, an 27ú lá seo d'Aibreán, 1982.

CATHAL Ó hEOCHAIDH,

Taoiseach.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN.

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é).

Déantar leis an Ordú seo cumhachtaí agus dualgais an Aire Cosanta maidir le hábhair a bhaineann le Cosaint Shibhialta a tharmligean chuig an Aire Stáit ag an Roinn Cosanta.