I.R. Uimh. 350/1982 -Ordú naLimistéar Gaeltachta, 1982. [Official translation not currently available]


DE BHR� gur limistéir ar Gaeilgeoirí mórchuid de na daoine iontu nó limistéir ina n-aice sin ar dóigh leis an Rialtas gur cheart iad a áireamh sa Ghaeltacht d'fhonn an Ghaeilge a chaomhnú agus a leathnú mar ghnáthurlabhra, na limistéir sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo:

ANOIS, i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dóibh le halt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 (Uimh. 21 de 1956), ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas:

1. Ordú na Limistéar Gaeltachta, 1982, is teideal don Ordú seo.

2. Orduithe na Limistéar Gaeltachta, 1956 go 1982, is teideal d'Orduithe na Limistéar Gaeltachta, 1956 go 1974, agus don Ordú seo, le chéile.

3. Cinntear leis seo gur limistéir Ghaeltachta chun críocha an Achta Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 (Uimh. 21 de 1956), na limistéir a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo.

AN SCEIDEAL

Contae Chorcaí

(1) An chuid sin de thoghroinn cheantair Cheann Droma i gcontae Chorcaí atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Achadh Chonna, Cathair Dáithí, Ceann Droma, Cluain Tí Mhic Airtigh, Doire an Tóchair, Gairdín an tSasanaigh, Gort an Éadain, Cill Mochreamhróg, Cnoc Sathairn, An Lios Buí Beag agus An Lios Buí Mór.

(2) An chuid sin de thoghroinn cheantair Chill na Martra i gcontae Chorcaí atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Brachán, Cluain Collaide, An Chúil Cham, Drom an Gharraí, Drom Mónaidh, Drom Réag, Dún Dá Radharc, An Ghléib, An Cnoc Rua, Páirc an Oileáin agus Seanbhaile Sheáin.

Contae na Mi

(1) An chuid sin de thoghroinn cheantair Bhaile �tha Buí i gcontae na Mí atá comhdhéanta de bhaile fearainn Bhaile an Mhistéalaigh.

(2) An chuid sin de thoghroinn cheantair Chill Bhríde i gcontae na Mí atá comhdhéanta de bhaile fearainn Thulachán Óg.

(3) An chuid sin de thoghroinn cheantair na Ráithe Móire i gcontae na Mí atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Doire Longáin agus Tlachtgha.

(4) An chuid sin de thoghroinn cheantair Dhomhnach Pádraig i gcontae na Mí atá comhdhéanta de bhaile fearainn Bhaile Oraí.

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais an 2ú lá seo de

Nollaig, 1982.

CATHAL Ó hEOCHAIDH,

Taoiseach.

NÓTA M�NIÚCH�IN.

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi è.)

Cinntear leis an Ordú seo gur limistéir Ghaeltachta chun críocha an Achta Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 (Uimh. 21 de 1956), limistéir áirithe i gcontae Chorcaí agus i gcontae na Mí.