I.R. Uimh. 97/1982 -An tOrdú Staidrimh (Cumhachtaí agus Dualgais a Tharmligean), 1982. [Official translation not currently available]


Ar iarratas ón Taoiseach agus i bhfeidmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 2(1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977), ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas:—

1. An tOrdú Staidrimh (Cumhachtaí agus Dualgais a Tharmligean), 1982, is teideal don Ordú seo.

2. Déantar leis seo cumhachtaí agus dualgais an Taoisigh—

( a ) faoi alt 2(2) den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 (Uimh. 16 de 1924) a mhéid a bhaineann sé leis an bPríomh-Oifig Staidrimh,

( b ) faoi na hAchta Staidhrimh, 1926 agus 1946, agus

( c ) faoi Achtanna Rialaithe na Státsheirbhíse, 1956 agus 1958, agus faoi Acht Choimisinéirí na Státsheirbhíse, 1956, a mhéid a bhaineann na hAchtanna sin leis an bPríomh-Oifig Staidrimh,

a tharmligean chuig Pharalán Ó hEacthairn, Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh.

ARNA THABAIRT faoi Shéala Oifigiúil an

Rialtais, an 6ú lá seo d'Aibreán, 1982.

CATHAL Ó hEOCHAIDH,

Taoiseach.

NÓT� M�NIÚCH�IN.

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é).

Tarmligtear leis an Ordú seo cumhachtaí agus dualgais reachtúla an Taoisigh faoi na hAchtanna atá sonraithe in alt 2 chuig Pharalán Ó hEacthairn, Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh.

Tá an leagan Béarla den Ionstraim Reachtúil seo, a ullmhaíodh go hoifigiúil clóite ar an leathanach thall.