I.R. Uimh. 434/1981 -Na RialacháinGhairmoideachais (Deontais i Leith Scéimeanna Bliantúla Coistí) 1981.


/static/images/base/harp.jpg

IONSTRAIMÍ REACHTÚLA.

I.R. Uimh. 434 de 1981.


NA RIALACHÁIN GHAIRMOIDEACHAIS (DEONTAIS I LEITH SCÉIMEANNA BLIANTÚLA COISTÍ) 1981.

I.R. Uimh. 434 de 1981.

NA RIALACHÁIN GHAIRMOIDEACHAIS (DEONTAIS I LEITH SCÉIMEANNA BLIANTÚLA COISTÍ) 1981.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 53 den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Uimh. 29 de 1930) , agus le ceadú an Aire Airgeadais, déanaimse, SEÁN Ó BEOLÁIN, Aire Oideachais, leis seo, na Rialacháin seo a leanas:—

1. Na Rialacháin Ghairmoideachais (Deontais i leith Scéimeanna Bliantúla Coistí), 1981 is teideal do na Rialacháin seo.

2. Sna Rialacháin seo:—

ciallaíonn “An tAcht” an tAcht Oideachais Ghairme Beatha 1930 (Uimh. 29 de 1930) ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Oideachais;

ciallaíonn “coiste” coiste gairmoideachais;

ciallaíonn “limistéar gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath” an limistéar gairmoideachais arb é contaebhuirg Bhaile Átha Cliath é;

ciallaíonn “limistéar gairmoideachais Dhún Laoghaire” an limistéar gairmoideachais arb é buirg Dhún Laoghaire é.

3. Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937) leis na Rialacháin seo.

4. Má bhíonn sa bhliain airgeadais dar tosach an lú lá d'Eanáir, 1981 an ranníoc áitiúil bliantúil a íocfaidh udarás ráthúcháin le coiste níos mó d'aon suim (dá ngairtear an barrachas ranníoca sna Rialacháin seo) na dliteanas bliantúil íosta an údaráis rátúcháin sin i leith an choiste sin, féadfaidh an tAire, sa bhliain airgeadais sin, deontas (dá ngairfear agus ar a dtabharfar Deontas Breise), a thabhairt don Choiste sin, faoi alt 53 den Acht, arb é a bheidh ann:—

(a) suim is comhionann le ceithre oiread an bharrachais ranníoca más é an coiste sin an coiste do limistéar gairmoideachais buirge (seachas limistéar gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath) nó do limistéar gairmoideachais ceantair uirbigh (seachas limistéar gairmoideachais Dhún Laoghaire), nó

(b) suim is comhionann le dhá oiread an bharrachais ranníoca más é an coiste sin an coiste do limistéar gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath nó do limistéar gairmoideachais Dhún Laoghaire, nó

(c) suim is comhionann leis an mbarrachas ranníoca más é an coiste sin an coiste do limistéar gairmoideachais contae.

5. I dteannta an Deontais Bhreise féadfar deontas (dá ngairfear agus ar a dtabharfar Deontas Forlíontach) nach mó ná £328,000 den chaiteachas comhréire faoina rachaidh Coiste Gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath faoi shocruithe arna gceadú ag an Aire agus arna gcomhcheadú ag an Aire Airgeadais, chun ionaid thréineála ógra a bhunú agus a chothabháil nó chun neartú no cabhrú lena gcur ar fáil agus lena gcothabháil i gcómhair limistéar gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath a íoc leis an gCoiste sin in aghaidh na bliana airgeadais dar tosach an lú lá d'Eanáir, 1981.

6. I gcás na bliana airgeadais dar tosach an lú lá d'Eanáir, 1981, féadfaidh an tAire, i dteannta an Deontais Bhreise na deontais seo a leanas a thabhairt faoi alt 53 den Acht:—

(1) do Choiste Gairmoideachais Chathair Chorcaí suim nach mó ná £2,916,750,

(2) do Choiste Gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath suim nach mó ná £24,060,945,

(3) do Choiste Gairmoideachais Chathair Luimnigh suim nach mó ná £3,332,881,

(4) do Choiste Gairmoideachais Chathair Phort Láirge suim nach mó ná £935,957,

(5) do Choiste Gairmoideachais Bhaile Bhri Chualann suim nach mó ná £610,316,

(6) do Choiste Gairmoideachais Bhaile Dhroichead Átha suim nach mó ná £1,003,040,

(7) do Choiste Gairmoideachais Buirg Dhún Laoghaire suim nach mó ná £1,442,339,

(8) do Choiste Gairmoideachais Bhaile na Gaillimhe suim nach mó ná £1,061,657,

(9) do Choiste Gairmoideachais Bhaile Shligigh suim nach mó ná £541,963,

(10) do Choiste Gairmoideachais Bhaile Thrá Lí suim nach mó ná £701,525,

(11) do Choiste Gairmoideachais Bhaile Loch Garman suim nach mó ná £438,494,

(12) do Choiste Gairmoideachais Chontae Cheatharlach suim nach mó ná £1,087,735,

(13) do Choiste Gairmoideachais Chontae an Chabháin suim nach mó ná £1,440,944,

(14) do Choiste Gairmoideachais Chontae an Chlair suim nach mó ná £1,997,888,

(15) do Choiste Gairmoideachais Chontae Chorcaí suim nach mó ná £5,906,883,

(16) do Choiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall suim nach mó ná £3,089,892,

(17) do Choiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath suim nach mó ná £3,047,805,

(18) do Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe suim nach mó ná £2,629,386,

(19) do Choiste Gairmoideachais Chontae Chiarraí suim nach mó ná £2,698,152,

(20) do Choiste Gairmoideachais Chontae Chill Dara suim nach mó ná £2,189,441,

(21) do Choiste Gairmoideachais Chontae Chill Chainnigh suim nach mó ná £1,980,634,

(22) do Choiste Gairmoideachais Chontae Laoise suim nach mó ná £1,198,359,

(23) do Choiste Gairmoideachais Chontae Liatroma suim nach mó ná £1,082,164,

(24) do Choiste Gairmoideachais Chontae Luimnigh suim nach mó ná £1,680,258,

(25) do Choiste Gairmoideachais Chontae an Longfoirt suim nach mó ná £1,084,207,

(26) do Choiste Gairmoideachais Chontae Lú suim nach mó ná £904,240,

(27) do Choiste Gairmoideachais Chontae Mhaigh Eo suim nach mó ná £2,651,541,

(28) do Choiste Gairmoideachais Chontae na Mí suim nach mó ná £2,249,619,

(29) do Choiste Gairmoideachais Chontae Mhuineacháin suim nach mó ná £1,642,657,

(30) do Choiste Gairmoideachais Chontae Uibh Fhailí suim nach mó ná £1,805,448,

(31) do Choiste Gairmoideachais Chontae Roscomáin suim nach mó ná £1,068,641,

(32) do Choiste Gairmoideachais Chontae Shligigh suim nach mó ná £1,101,019,

(33) do Choiste Gairmoideachais Chontae Thiobraid Árann (An Trian Thuaidh) suim nach mó ná £1,760,622,

(34) do Choiste Gairmoideachais Chontae Thiobraid Árann (An Trian Theas) suim nach mó ná £1,740,537,

(35) do Choiste Gairmoideachais Chontae Phort Láirge suim nach mó ná £560,405,

(36) do Choiste Gairmoideachais Chontae na hIarmhí suim nach mó ná £1,313,430,

(37) do Choiste Gairmoideachais Chontae Loch Garman suim nach mó ná £1,773,994,

(38) do Choiste Gairmoideachais Chontae Chill Mhantáin suim nach mó ná £1,672,129,

dá ngairfear agus ar a dtabharfar i ngach cás Deontas Speisialta.

7. Nuair a bheidh aon ríomh á dhéanamh de réir na Rialachán seo:—

(a) ní thabharfar aird ar fhorálacha reachtúla speisialta i dtaobh measúnú éagsúil a dhéanamh ar shaghsanna áirithe maoine nó ar chodanna ar leith de limistéar údaráis rátúcháin;

(b) ní gá aird a thabhairt ar aon chodán de phunt is comhionann le caoga pingin nua nó is lú ná sin agus féadfar gach codán eile den sórt sin a áireamh mar phunt; agus

(c) tá leis an abairt “an dliteanas bliantúil íosta” an bhrí a shanntar di le halt 43 (2) den Acht arna leasú le halt 2 den Acht Gairm-Oideachais (Leasú), 1950 (Uimh. 33 de 1950) .

/images/seal.jpg

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil an 22ú lá seo de Nollaig, 1981.

SEÁN Ó BEOLÁIN.

Ceadaíonn an tAire Airgeadais leis seo na Rialacháin sin roimhe seo.

/images/seal.jpg

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Aire Airgeadais an 22ú lá seo de Nollaig, 1981.

JOHN BRUTON.

NOTA MÍNIÚCHÁIN.

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo, ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é.)

Rialaíonn na rialacháin seo íoc deontas breise agus deontas forlíontach agus deontas speisialta le Coistí Gairmoideachais sa bhliain airgeadais dar tosach an lú Eanáir, 1981.