I.R. Uimh. 395/1981 -An tOrdú Staidrimh (Cumhachtaí agus Dualgais a Tharmligean), 1981.


/static/images/base/harp.jpg

IONSTRAIMÍ REACHTÚLA.

I.R. Uimh. 395 de 1981.


AN tORDÚ STAIDRIMH (CUMHACHTAÍ AGUS DUALGAIS A THARMLIGEAN), 1981.

I.R. Uimh. 395 de 1981.

AN tORDÚ STAIDRIMH (CUMHACHTAÍ AGUS DUALGAIS A THARMLIGEAN), 1981.

Ar iarratas ón Taoiseach agus i bhfeidmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 2 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977) , ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas:—

1. An tOrdú Staidrimh (Cumhachtaí agus Dualgais a Tharmligean), 1981, is teideal don Ordú seo.

2. Déantar leis seo cumhachtaí agus dualgais an Taoisigh—

(a) faoi alt 2 (2) den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 (Uimh. 16 de 1924) a mhéid a bhaineann sé leis an bPhríomh-Oifig Staidrimh,

(b) faoi na hAchta Staidhrimh, 1926 agus 1946, agus

(c) faoi Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958, agus faoi Acht Choimisinéirí na StátSheirbhíse, 1956, a mhéid a bhaineann na hAchtanna sin leis an bPríomh-Oifig Staidrimh,

a tharmligean chuig Fearghas Ó Briain, Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh.

/images/seal.jpg

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais, an 17ú lá seo de Samhain, 1981.

GEARÓID MAC GEARAILT,

Taoiseach.

NÓTÁ MÍNIÚCHÁIN.

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é.)

Tarmligtear leis an Ordú seo cumhachtaí agus dualgais reachtúla an Taoisigh faoi na hAchtanna atá sonraithe in alt 2 chuig Fearghas Ó Briain, Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh.

Tá an leagan Béarla den Ionstraim Reachtúil seo, a ullmhaíodh go hoifigiúil clóite ar an leathanach thall.