I.R. Uimh. 359/1981 -An tOrdú Talmhaíochta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean) (Uimh. 2), 1981.


/static/images/base/harp.jpg

IONSTRAIMí REACHTúLA.

I.R. Uimh. 359 de 1981.


AN tORDú TALMHAíOCHTA (FEIDHMEANNA AIRE A THARMLIGEAN) (UIMH. 2), 1981.

I.R. Uimh. 359 de 1981.

AN tORDú TALMHAíOCHTA (FEIDHMEANNA AIRE A THARMLIGEAN) (UIMH. 2), 1981.

Ar iarratas ón Aire Talmhaíochta agus i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977) , ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas:—

1. An tOrdú Talmhaíochta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean) (Uimh. 2), 1981, is teideal don Ordú seo.

2. Déantar leis seo na cumhachtaí agus na dualgais go léir de chuid an Aire Talmhaíochta faoi na hAchtanna a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo agus na cumhachtaí agus na dualgais go léir de chuid an Aire sin a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo, a tharmligean chuig MICHéAL ó DORCHAIDHE, T.D., Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta.

AN CHéAD SCEIDEAL.

An tAcht Síolrúcháin Eallach Stuic, 1925 (Uimh. 3 de 1925) .

Na hAchtanna um Oideachas Phríomh-Scoile (Talmhaíocht agus Eolaíocht Déiríochta), 1926 agus 1930.

Achtanna na dTréidlea, 1931 go 1960.

Na hAchtanna Talmhaíochta, 1931 go 1974.

Acht na bhFranncach Muisc, 1933 (Uimh. 16 de 1933) .

An tAcht Beodhíle (Intseamhnú Saorga), 1947 (Uimh. 32 de 1947) .

Acht Tionscail na gCon, 1958 (Uimh. 12 de 1958) .

An tAcht Talmhaíochta (An Foras Talúntais), 1958 (Uimh. 17 de 1958) .

An tAcht Margaithe Olla, 1968 (Uimh. 26 de 1968) .

Acht an Udárais Náisiúnta um Chomhairle, Oideachas agus Taighde Talmhaíochta, 1977 (Uimh. 13 de 1977) .

An tAcht Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta), 1979 (Uimh. 9 de 1979) .

Achtanna an Bhainne (Soláthar agus Praghas a Rialáil), 1936 go 1961.

Na hAchta Bainne agus Déirithe, 1935 agus 1956.

AN DARA SCEIDEAL.

Cumhachtaí agus dualgais an Aire Talmhaíochta faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus cumhachtaí agus dualgais an Aire sin maidir le Coimisiún Talún na hEireann, ach amháin a mhéid a bhainfidh aon chumhachtaí agus dualgais den sórt sin le haon Bhille a thionscnófar tar éis an tOrdú seo a dhéanamh.

/images/seal.jpg

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais an 16ú lá seo de Dheireadh Fómhair, 1981.

GEARÓID MAC GÉARAILT,

Taoiseach.

NóTA MíNIúCHáIN.

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur mhíniú dlíthiúil uirthi é.)

Tarmligtear leis an Ordú seo cumhachtaí agus dualgais an Aire Talmhaíochta faoi na hAchtanna atá sonraithe sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an tOrdú agus na cumhachtaí agus dualgais go léir de chuid an Aire sin a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Ordú chun Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta (Micheál ó Dorchaidhe, T.D.).

Wt. 4179. 700. 9/82. Cahill. (8708). G. 16.