I.R. Uimh. 291/1981 -An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Tháirgeadh), 1981.


De bhun na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 16 (1) den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926), agus leis an Ordú um na hAchta Staidrimh, 1926 agùs 1946 (Feidhmeanna Aire d'Aistriú), 1949 (I.R. Uimh. 142 de 1949) ordáimse, Gearóid Mac Gearailt, Taoiseach, leis seo, mar a leanas:—

1. An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Tháirgeadh) 1981, is teideal don Ordú seo.

2. Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937) , leis an ordú seo.

3. Baineann an tOrdú seo le gach gnóthas de na gnóthais seo a leanas is é sin le rá, na tionscail, na ceirdeanna agus na gnóthaí a shomaítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis seo.

4. Baileofar staidreamh (dá ngairtear “an staidreamh” san ordú seo) sa bhliain 1981, maidir leis na gnóthais lena mbaineann an tOrdú seo, i dtaobh na nithe ar leithligh ata leagtha amach i gCuid II'den Sceideal a ghabhann leis seo.

5. Is iad na foirmeacha a úsáidfear chun an staidreamh a bhailiú na foirmeacha a thaispeántar i gCuid III den Sceideal a ghabhann leis seo, agus tá sraith díobh sin atá séalaithe le Séala Oifigiúil an Taoisigh taiscthe i Roinn an Taoisigh.

6. Is é an duine a sheolann an gnóthas, agus ar a ndéanfar leoréileamh faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926) , a thabharfaidh tuairisceáin agus eolas uaidh, chun críche an staidrimh, maidir le haon ghnóthas lena mbaineann an tOrdú seo.

AN SCEIDEAL

CUID I

TIONSCAIL, CEIRDEANNA AGUS GNÓ THAÍ

Fuinneamh agus Uisce

Baint ghuail agus mhóna, astarraingt ola agus gáis nádúrtha (lena n-áirítear ullmhú láithreán) mar aon le sirtheoireacht nó taiscéalaiocht i ndáil leis an geéanna. ola mhianrúil a mhínghlanadh agus fuinneamh leictreach a ghiniúint, a tharchur agus a dháileadh, déanamh gáis in Oibreacha Gáis, soláthar agus dáileadh uisce.

Mianrai Neamhfhuinniúla

Mianraí neamhfhuinniúla agus táirgí díobh a astarraingt agus a phróisiú agus sirtheoireacht nó taiscéalaíocht i ndáil leis an gcéanna (lena n-áirítear ullmhú láithreán).

Tionscail Déantúsaíochta

Substaintí, idir orgánach agus neamhorgánach, a chlaochló go meicniúil nó go ceimiciúil ina dtáirgí nua, mar aon leis an obair dheisiúcháin atá gaolmhar leis sin agus cóimeáil compháirteanna de tháirgí déantúsaíochta.

Foirgníocht

Foirgníocht agus Cothabháil Oibreacha ag Iarnróid, údaráis áitiúla agus údaráis Phoiblí eile, lena n-áirítear Foirgnimh, Oibreacha Séarachais agus Siltin, Canálacha, Cuanta agus Dugaí, Bóithre Poiblí agus Droichid agus Oibreacha eile den saghas sin.

CUID II

Is leis an mbliain 1980 a bhaineann an méid atá sa Chuid seo (ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt).

EOLAS, TUAIRISCEáIN AGUS SONRAí

Caibidil I

Maidir le gnóthais a ndéantar leoréileamh, ina leith faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926, ar cheann amháin nó níos mó de na foirmeacha a shonraítear i gCuid III (A) den Sceideal seo.

Uimh. 1.—Sonraí an Bhunachais

(a) Ainm trádála.

(b) Seoladh Príomh-Oifige.

(c) Seoladh iomlán poist an bhunachais.

(d) Uimhir theileafóin.

Uimh. 2—Athruithe ar na Sócmhainní Caipitiúla Dochta i rith na bliana

(a) — Méaduithe ar na Sócmhainní Caipitiúla Dochta agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

(i) Costas gléasra, innealra, trealaimh agus feithíclí

(ii) Foirgnimh (lena n-áirítear méaduithe agus athruithe substaintiúla) agus gach uile obair tógála eile.

(iii) Costas na sócmhainní caipitiúla dochta eile go léir (lena n-áirítear talamh).

(b) — Laghduithe ar na Sócmhainní Caipitiúla Dochta i rith na bliana agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

(i) Toradh díolachán gléasra, innealra, trealaimh agus feithiclí.

(ii) Toradh díolachán foirgneamh.

(iii) Toradh díolachán na sócmhainní caipitiúla dochta eile go léir (lena n-áirítear talamh).

Uimh. 3—Stoic agus Obair ar Siúl

Luach na nithe seo a leanas i dtús agus i ndeireadh na bliana; (a) stoic d'ábhair agus breosla, (b) obair ar siúl, (c) stoic d'earraí críochnaithe a rinne an bunachas agus a bhí ullamh chun a ndíola, agus (d) stoic d'earraí a ceannaíodh lena n-athdhíol gan a thuilleadh próiseála.

Uimh. 4—Táirgi a Monaraíodh agus Obair a Rinneadh i rith na Bliana

(a) Cainníocht agus luach gach ceann faoi leith de na príomhtháirgí a chur síos ar leithligh. Sonraí ar na táirgí eile go léir agus luach iomlán na dtáirgí sin le chéile.

(b) Na suimeanna a fuarthas as an obair go léir a rinne fostaithe an bhunachais, lena n-áirítear na suimeanna a fuarthas as an obair a rinneadh ar ábhair a sholáthraigh daoine eile agus na suimeanna a fuarthas as deisiúcháin a rinneadh do dhaoine eile.

Uimh. 5—ábhair agus Comhábhair a úsáideadh

Cainníochtaí agus costas (sna hoibreacha) na mbunábhar agus na gcomhpháirteanna go léir a úsáideadh ag táirgeadh nó ag déanamh na dtáirgí i rith na bliana agus ag déanamh na hoibre, a n-iarrtar sonraí ina leith in Uimh. 4 den Chaibidil seo.

Uimh. 6—Costas Coimeádán, Deisiúchán, etc.

Costas coimeádán agus ábhar pacála eile a díoladh leis na hearraí; costas na n-ábhar a ceannaíodh le deisiú a dhéanamh ar fhoirgnimh agus ar ghléasra ag fostaithe an bhunachais: suimeanna a íocadh as obair chonartha a rinne daoine eile ar ábhair a chuir an bunachas ar fáil i ndáil leis na táirgí a n-iarrtar sonraí ina leith in Uimh. 4 den Chaibidil seo; suimeanna a íocadh le gnólachtaí eile as deisú agus cothabháil gléasra, innealra, feithiclí agus foirgneamh.

Uimh. 7—Breosla, Leictreachas, etc., a úsáideadh i rith na Bliana

Ní foláir sonraí a thabhairt i dtaobh cainníocht agus costas (sna hoibreacha) gach ceann de na saghsanna éagsúla breosla, olaí agus leictreachais, etc., a úsáideadh i rith na bliana.

Uimh. 8—Fostaíocht agus Tuarastail agus Pá a íocadh.

A—Maidir le bunachais a bhfuil sé riachtanach tuairisceáin a thabhairt ina leith i ngach ceann de na foirmeacha atá sonraithe i gCuid III (A) den Sceideal seo:

(a) An líon daoine a bhí iarbhír ag obair nó ar laethanta saoire nó ar saoire bhreoiteachta ar a bpá i rith na seachtaine pá dár chríoch 20 Meán Fómhair, 1980, nó an dáta ionadaitheach is gaire dó sin, ag idirdhealú idir na haicmí seo a leanas agus ag taispeáint líon na bhfireannach agus na mbaineannach ar leithligh:—

(i) Dílseánaigh agus daoine den líon tí ag obair sa ghnó gan phá.

(ii) Foireann bainistíochta, teicníochta agus foireann eile ar tuarastal.

(iii) Foireann cléireachais agus foireann eile oifige.

(iv) Bunfhoireann mhaoirseachta.

(v) Oibrithe láimhe, seachas printísigh agus tascoibrithe lasmuigh.

(vi) Printísigh.

(vii) Tascoibrithe lasmuigh.

(b) Méid iomlán na dtuarastal, an phá agus na dtuilleamh a íocadh i rith na bliana le gach aicme de na haicmí fostaithe atá luaite in Uimh. 8A (a) (ii) go (vii).

Caibidil II

Maidir le gnóthais a ndéantar leoréileamh ina leith faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926, ar an bhfoirm a shonraítear i gCuid III (B) den Sceideal seo. Caithfear na sonraí atá sonraithe in Uimh. 1 go hUimh. 11, go huile den Chaibidil seo a sholáthar i leith gach fiontar tionscail ina raibh fiche duine nó níos mó fostaithe i rith na seachtaine dár chríoch 20 Meán Fómhair, 1980.

Uimh. 1—Sonrai an Fhiontair

(a) Ainm trádála.

(b) Seoladh Príomh-Oifige.

(c) Uimhir theileafóin.

(d) Sonraí na húinéireachta.

(e) Seoladh gach bunachais san fhiontar agus cuntas ar an sórt gníomhaíochta a bhíonn ar siúl ann.

Uimh. 2—Athruuthe ar na Sócmhainní Calpitiúla Dochta i rith na Bliana

Méaduithe agus laghduithe ar na Sócmhainní Caipitiúla Dochta agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

(i) Féithiclí paisinéirí

(ii) Na feithiclí eile uile

(iii) Gléasra, innealra agus trealamh a rinne foireann an Fhiontair féin

(iv) Gléasra, innealra agus trealamh a ceannaíodh agus a cuireadh i bhfearas

(v) Obair foirgníochta agus tógála a rinne foireann an Fhiontair féin

(vi) Obair foirgníochta agus tógála a rinne conraitheoirí

(vii) Foirgnimh chríochnaithe

(viii) Talamh

(ix) Na sócmhainní caipitiúla dochta eile go léir.

Uimh. 3—Stoic agus Obair ar Siúl

Luach na nithe seo a leanas i dtús agus i ndeireadh na bliana; (a) stoic d'ábhair agus breosla, (b) obair ar siúl, (c) stoic d'earraí críochnaithe a rinne an fiontar agus a bhí ullamh chun a ndiola agus (d) stoic d'earraí a ceannaíodh lena n-athdhíol gan a thuilleadh próiseála.

Uimh. 4—Sonraí Láimhdeachais, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

(a) An méid iomlán a sonraíodh do chustaiméirí maidir le,

(i) earraí a táirgeadh agus a díoladh.

(ii) seirbhísí tionscail a cuireadh ar fáil.

(b) Luach earraí ceannaithe a margaíodh nó a monaraíodh.

(c) Aon ghnéithe eile láimhdeachais.

Uimh. 5—Sonraí Nithe a Ceannaíodh, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

(a) Costas ábhar agus breoslaí lena n-áirítear ábhair i gcomhair earraí caipitil a tháirgeadh.

(b) Costas na seirbhísí tionscail go léir a fuarthas.

(c) Costas earraí a margaíodh nó a monaraíodh.

Uimh. 6—Sonraí Costas Seirbhísí Neamh-Thionscail, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

(a) Gléasra, innealra, trealamh, feithiclí etc., a fhruiliú.

(b) Cíosanna a íocadh ar áitribh.

(c) Préimheanna árachais a íocadh ar ghléasra agus ar áitribh.

(d) Muirir bainc gan muirir úis a áireamh.

(e) Gach seirbhís neamh-thionscail eile.

Uimh. 7—Sonraí Cánach ar Láimhdeachas agus Cánacha Indíreacha, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

(a) An méid iomlán Cánach Breisluacha a cuireadh in aghaidh an láimhdeachais.

(b) An méid d'aon chánacha máil a íocadh nó is iníoctha.

(c) An méid d'aon chánacha indíreacha eile a íocadh nó is iníoctha.

Uimh. 8—Sonraí Cánacha ar Inchur, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

(a) An méid Cánach Breisluacha is inasbhainte nuair a cheannaítear ábhair, breoslaí, earraí le h-athdhíol, etc.

(b) An méid Cánach Breisluacha is inasbhainte nuair a cheannaítear sócmhainní caipitiúla dochta.

Uimh. 9—Sonraí i dtaobh Fóirdheontais Oibríochta.

An méid a fuarthas as cistí Stáit nó ó institiúidí na gComhphobal Eorpach mar fhóirdheontais oibríochta.

Uimh. 10—Fostaíocht agus Tuarastal agus Pá a íocadh

(a) An líon daoine a bhí iarbhír ag obair nó ar laethanta saoire nó ar saoire bhreoiteachta ar a bpá i rith na seachtaine pá dár chríoch 20 Meán Fómhair, 1980, nó an dáta ionadaitheach is gaire dó sin, ag idirdhealú idir na haicmí seo a leanas agus ag taispeáint líon na bhfireannach agus na mbaineannach ar leithligh:—

(i) Dílseánaigh agus a líon tí ag obair sa bhfiontar gan phá.

(ii) Foireann bainistíochta, teicníochta agus foireann eile ar tuarastal,

(iii) Foireann cléireachais agus foireann eile oifige,

(iv) Bunfhoireann maoirseachta,

(v) Oibrithe láimhe, seachas printísigh agus tascoibrithe lasmuigh,

(vi) Printísigh,

(vii) Tascoibrithe lasmuigh.

(b) Méid iomlán na dtuarastal, an phá agus na dtuilleamh a íocadh i rith na bliana le gach aicme de na haicmí fostaithe atá luaite i bhfomhíreanna (ii) go (vii) go huile d'Uimh. 10(a) den Chaibidil seo.

Uimh. 11—Costais Saothair eile

Méid na muirear nó na gcostas a d'íoc an fiontar i rith na bliana i leith na bhfostaithe uile mar gheall ar—

(a) Ranníocaí fostóirí chun stampaí árachais shóisialaigh a cheannach agus le scéim árachais shóisialaigh pá-choibhneasa.

(b) íocaíochtaí iomarcaíochta.

(c) Ranníocaí fostóirí i leith cistí aoisliúntas agus scéimeanna pinsin eile.

(d) íocaíochtaí pinsean nó sochair scoir seachas iad sin a íocadh as na cistí aoisliúntas.

(e) Préimheanna árachais a íocadh thar ceann fostaithe le haghaidh tinnis nó gortaithe.

(f) íocaíochtaí forlíontacha le fostaithe i leith tinnis nó gortaithe.

(g) íocaíochtaí comhchineáil a cuireadh ar fáil d'fhostaithe.

(h) Costais shóisialta eile.

(i) Costais oiliúna.

CUID III

(A)—Maidir le gnóthais ar gá an t-eolas, na tuairisceáin agus na sonraí a ordaítear i gCuid II Caibidil I den Sceideal seo a thabhairt ina leith.

Foirm Uimh. B

Tionscal, Trádáil nó Gnó

C.I.P. 80/111

Baint Ghuail

C.I.P. 80/134

Taiscéalaíocht agus Astarraingt Pheitriliam agus Gáis Aiceanta

C.I.P. 80/140

Mínghlanadh Ola Mianraí agus próiseáil torthaí Pheitríliam

C.I.P. 80/161

Giniúint agus Dáileadh Cumhacht Leictreachais

C.I.P. 80/162

Oibreacha Gáis, Dáileadh Gáis

C.I.P. 80/170

Soláthar Uisce; Uisce a Bhailiú, a íonú agus a Dháileadh

C.I.P. 80/212

Baint agus ullmhú Mianta Miotail Neamhfheiriúla

C.I.P. 80/221

Tionscal Iarainn agus Cruach

C.I.P. 80/223

Tarraingt, Fuar-rollú agus Fuarfhilleadh Cruach

C.I.P. 80/224

Táirgeadh agus Céadphróisiú Miotal Neamhfheiriúil

C.I.P. 80/231

Baint Abhar Foirgníochta agus Créanna Teasfhulangacha

C.I.P. 80/239

Baint Mhianraí eile; Móin

C.I.P. 80/241

Monarú Cré-earraí le haghaidh Foirgníochta

C.I.P. 80/242

Monarú Stroighne, Aoil agus Plástair

C.I.P. 80/243

Monarú Earraí Coincréite, Stroighne nó Plástair le haghaidh Foirgníochta

C.I.P. 80/244

Monarú Earraí Aispeist

C.I.P. 80/245

Obair Chloiche agus Obair ar Tháirgí Mianracha Neamh-mhiotalacha eile

C.I.P. 80/246

Táirgeadh Clocha Líofa agus Táirgí Scríobacha eile

C.I.P. 80/247

Monarú Gloine agus Earraí Gloine

C.I.P. 80/248

Monarú Earraí Criadóireachta

C.I.P. 80/251A

Monarú Ceimieigh Thionscail Bhunata (gan Leasacháin a áireamh)

C.I.P. 80/251B

Leasacháin

C.I.P. 80/255

Monarú Péinteanna, Vearnaiseachta, Dúch Clóite etc.

C.I.P. 80/256

Táirgí Ceimiceacha, chun críocha Tionscail agus Talmhaíochta go formhór (gan Leasacháin a áireamh)

C.I.P. 80/257

Monarú Táirgí Cógaisíochta

C.I.P. 80/258

Gallúnach, Glantoirí Tacair, Cumhráin agus Ullmhóidí Maisiúcháin

C.I.P. 80/259

Táirgí Ceimiceacha eile le haghaidh úsáide Tís agus Oifige go formhor

C.I.P. 80/260

Tionscal Snáithreach Sintéiseach

C.I.P. 80/311

Teilgcheártain

C.I.P. 80/312

Gaibhníocht, Brú agus Stampáil Mhiotal

C.I.P. 80/313

Claochló Tánaisteach, Cóireáil agus Cótáil Mhiotal

C.I.P. 80/314

Monarú Táirgí Miotáil Déanmhais (lena n-áirítear Cóimeáil Chomhghafa agus Feistiú)

C.I.P. 80/315

Déantóireacht Choirí, Monarú Taiscumar, Tainceanna agus Coimeádan Leatháin Mhiotail eile

C.I.P. 80/316

C.I.P. 80/319

Monarú Airnéise agus Earraí Miotail Críochnaithe agus Tairgí eile Ceardlainne Miotail

C.I.P. 80/321

Monarú Innealra Talmhaíochta agus Tarracóirí Monarú agus Cóimeáil—

C.I.P. 80/322

C.I.P. 80/323

(A) Meaisín-Airnéise le Miotail a Oibriú agus Meaisín-Airnéise eile

(B) Innealra agus Gabhálais Teicstíleacha

C.I.P. 80/324

Monarú Innealra le haghaidh Tionscal Bia, Tionscal Ceimiceach agus Tionscal Gaolmhar

C.I.P. 80/325

Gléasra agus Innealra do Mhianaigh, do Theilgcheártain, d'Oibreacha Cruach, d'Innealtóireacht Shibhialta (lena n-áirítear

C.I.P. 80/326

C.I.P. 80/327

C.I.P. 80/328

crainn thógála) etc.

Innealra Ilghnéitheach agus Trealamh

Ilghnéitheach

C.I.P. 80/330

Monarú Innealra Oifige agus Innealra Próiseála Sonraí

C.I.P. 80/341

Sreanga agus Cábiaíaí Insiithe

C.I.P. 80/342

Monarú Innealra Leictreachais (lena n-áirítear mótair leictreachais, gineadóirí, claochladáin, etc.)

C.I.P. 80/343

Monarú Gaireas agus Fearas Leictreachais le haghaidh úsaide Tionscail (lena n-áirítear batairí agus taisc-chealla)

C.I.P. 80/344

Monarú Trealamh Teileachumarsáide, Trealamh Tomhais, Trealamh Taifeadta agus Tréalamh Leictriliachta

C.I.P. 80/345

Monarú Trealamh Raidió, Teilifíse agus atáirgeadh agus taifeadadh fuaime

C.I.P. 80/346

Monarú Fearas Leictreachais Tís

C.I.P. 80/347

C.I.P. 80/348

Monarú: (A) Lampaí Leictreachais agus Trealamh Soilsiúcháin Leictreachais

(B) Trealamh Leictreachais a Fheistiú

C.I.P. 80/351

Monarú agus Cóimeáil Mótarfheithiclí

C.I.P. 80/352

C.I.P. 80/353

Monarú: (A) Cabhlacha d'Fheithiclí, Leantóirí, Carabháin, etc.

(B) Páirteanna agus Gabhálais do Mhótarfheithiclí

C.I.P. 80/361

Déanamh Long

C.I.P. 80/362

Monarú Rothdhíle Iarnróid

C.I.P. 80/363

Monarú Rothar, Gluaisrothar, Páirteanna agus Gabhálas

C.I.P. 80/364

C.I.P. 80/365

Trealamh Aeraspáis agus Trealamh Iompair eile a Mhonarú agus a Dheisiú

C.I.P. 80/371

Gléasanna agus Gaireas Tomhais, Seiceála agus Cruinnis

C.I.P. 80/372

Monarú Trealamh Liachta, Máinliachta, etc.

C.I.P. 80/373

Monarú: (A) Trealamh Optúil agus Trealamh Fótagrafaíochta

C.I.P. 80/374

(B) Uaireadóirí agus Clog agus Codanna dóibh

C.I.P. 80/411

Mairgairín agus Olaí agus Méithris ullmhaithe eile

C.I.P. 80/412

Marú, Cóiriú agus Leasú Feola

C.I.P. 80/413

Monarú Táirgí Déiríochta

C.I.P. 80/414

Próisiú agus Leasú Torthaí agus Glasraí

C.I.P. 80/415

Próisiú agus Leasú éisc

C.I.P. 80/416

Muilleoireacht Ghráin

C.I.P. 80/417

Monarú: (A) Spaigití, Macaróín, etc.

C.I.P. 80/418

(B) Stáirse agus Táirgí Stáirse

C.I.P. 80/419

Arán agus Milseoga Plúir (lena n-áirítear brioscaí)

C.I.P. 80/420

Monarú agus mínghlanadh Siúcra

C.I.P. 80/421

Monarú Cócó, Seacláide agus Milseogra Siúcra

C.I.P. 80/422

Beatha Ainmhithe agus Beatha Eanlaithe Clóis

C.I.P. 80/423

Monarú Táirgí Beatha Eile

C.I.P. 80/424

Driogadh agus Comhshuíomh Biotáille

C.I.P. 80/425

C.I.P. 80/426

Monarú Fíona, Ceirtlíse agus Deochanna Glasa

C.I.P. 80/428

C.I.P. 80/427A

Grúdaireacht

C.I.P. 80/427B

Brachadh

C.I.P. 80/429

Monarú Táirgí Tobac

C.I.P. 80/431

Tionscal Olla

C.I.P. 80/432

Tionscal Cadáis

C.I.P. 80/433

Snáithíní agus Uigí Sintéisteacha, Síoda agus Síodúla

C.I.P. 80/434

Cóiriú, Sníomh agus Fíochán Lin. Cnáibe agus Ramie

C.I.P. 80/435

Tionscal Súite

C.I.P. 80/436

Tionscal Cniotála

C.I.P. 80/437

Críochnú Teicstíleacha

C.I.P. 80/438

Brait Urláir, Líonóil agus Clúdaigh Eile Urláir

C.I.P. 80/439

Iltionscail Teicstíleacha

C.I.P. 80/441

Súdaireacht agus Cóiriú Leathair

C.I.P. 80/442

Monarú Táirgí as Leathar agus Táirgí as Bréigleathair

C.I.P. 80/451

Monarú Coisbhirt

C.I.P. 80/453A

édaí, Fear agus Eadaí Buachaillí, Cultacha, Cótaí Móra, Hataí, Caipíní, etc.

C.I.P. 80/453B

éadaí—Déanamh Léinte

C.I.P. 80/453C

éadaí—éadaí Ban agus éadaí Cailíní (seachas Góiséireacht)

C.I.P. 80/453D

éadaí—Baill éadaigh Ilghnéitheacha agus Gabhálais

C.I.P. 80/455

Teicstíleacha Tís agus Earraí Teicstíleacha Comhdhéanta eile

C.I.P. 80/456

Fionnaidh agus Earraí Fionnaidh

C.I.P. 80/461

Sáibhéaracht agus Próisiú Adhmaid

C.I.P. 80/462

Monarú Táirgí Páirtchríochnaithe Adhmaid

C.I.P. 80/463

Monarú Comhpháirteanna Adhmadóireachta agus Siúinéireachta

C.I.P. 80/464

Coimeádáin Adhmaid

C.I.P. 80/465

Earraí Monaraithe Adhmaid Eile

C.I.P. 80/466

Earraí Coirc, Tuí, etc. Scuaba agus Scuaba Urláir

C.I.P. 80/467

Monarú Troscáin Adhmaid

C.I.P. 80/471

Monarú Laín, Páipéir agus Cláir

C.I.P. 80/472

Próisiú Páipéir agus Cláir

C.I.P. 80/473

C.I.P. 80/474

Clódóireacht, Foilsitheoireacht agus

Comhthrádálacha

C.I.P. 80/481

Táirgí Rubair

C.I.P. 80/482

C.I.P. 80/483

Próisiú Pleaisteach

C.I.P. 80/491

Seodra, Earraí Gabha óir agus Gabha Ghil

C.I.P. 80/492

Gléasanna Ceoil

C.I.P. 80/493

Saotharlanna Fótografaíochta agus Cineamatagrafaíochta

C.I.P. 80/494

Bréagáin agus Earraí Spóirt

C.I.P. 80/495

Tionscail Mhonaraíochta Ilghnéitheacha

C.I.P. 80/54

údaráis áitiúla

C.I.P. 80/55

Canálacha, Duganna agus Calafoirt

C.I.P. 80/56

Iarnróid—Déanamh, Cothabháil agus Deisiú gan trealamh Iarnróid, Mótarbhusanna ná Mótarieoraithe a áireamh

 

(B)—Maidir le ghnóthais ar gá an t-eolas, na tuairisceáin agus na sonraí a ordaítear i gCuid II (Caibidil II) den Sceideal seo a thabhairt ina leith.

Foirm A—Móráireamh ar Tháirgeadh Tionscail, 1980.

/images/seal.jpg

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil an 21ú lá seo de Lúnasa 1981.

GEARÓID MAC GEARAILT,

Taoiseach.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN.

(Ní cuid den ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é.)

Is é is cuspóir don ionstraim seo cumacht a thabhairt chun Móráireamh reachtúil a dhéanamh ar Tháirgeadh Tionscail don bhliain 1980, míniú a thabhairt ar scóip an Mhóráirimh agus a chur faoi deara tuairisceáin a thabhairt don PhríomhOifig Staidrimh i dtaobh na ngnóthas go léir ar eisíodh na foirmeacha ordaithe ina leith.