I.R. Uimh. 278/1981 -An tOrdú Poist agus Telegrafa (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1981.


/static/images/base/harp.jpg

IONSTRAIMí REACHTúLA.

I.R. Uimh. 278 de 1981.


AN tORDú POIST AGUS TELEGRAFA (FEIDHMEANNA AIRE A THARMLIGEAN), 1981.

S.I. No. 278 of 2000.

AN tORDú POIST AGUS TELEGRAFA (FEIDHMEANNA AIRE A THARMLIGEAN), 1981.

Ar iarratas ón Aire Poist agus Telegrafa agus í bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 2 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977) , ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas:—

1. An tOrdú Poist agus Telegrafa (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1981 is teideal don Ordú seo.

2. Déantar leis seo na cumhachtaí agus na dualgais go léir de chuid an Aire Poist agus Telegrafa faoi na hAchtanna a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo a tharmligean chuig an Aire Stáit ag an Roinn Poist agus Telegrafa, Pádraig ó hAirt, (Patrick D. Harte).

AN SCEIDEAL

(a) Na hAchtanna um Oifig an Phoist, 1908 go 1969

(b) Na hAchtanna Raidio-Theileagrafaíochta, 1926 go 1972

(c) Telegraph Act, 1885

(d) Post Office (Parcels) Act, 1882

(e) Na hAchta um Bainc Thaisce an Phoist, 1861 go 1958

(f) Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse. 1956 agus 1958

(g) Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 (Uimh. 45 de 1956)

(h) Acht na Státseirbhíse (Fostú Ban Pósta), 1973 (Uimh. 17 de 1973)

(i) An tAcht Airgeadais, 1942 (Uimh. 14 de 1942)

(j) Na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1977

/images/seal.jpg

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais, an 12ú lá seo de Lúnasa, 1981.

GEARÓID MacGEARAILT,

Taoiseach.