I.R. Uimh. 79/1980 -An tOrdú Talmhaíochta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1980.


Ar iarratas ón Aire Talmhaíochta agus i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977), ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas:—

1. An tOrdú Talmhaíochta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1980, is teideal don Ordú seo.

2. Déantar leis seo na cumhachtaí agus na dualgais go léir de chuid an Aire Talmhaíochta a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo a tharmligean chuig Tomás Ó hEodhusa, T.D., Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta.

AN SCEIDEAL.

Cumhachtaí agus dualgais an Aire Talmhaíochta faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus cumhachtaí agus dualgais an Aire sin maidir le Coimisiún Talún na hÉireann.

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais an 19ú lá seo de

Mhárta, 1980.

CATHAL Ó hEOCHAIDH,

Taoiseach.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN.

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi è.)

Tarmligtear leis an Ordú seo cumhachtaí agus dualgais an Aire Talmhaíochta atá sonraithe sa sceideal a ghabhann leis an Ordú chun an Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta (Tomás Ó hEodhusa, T.D.).