I.R. Uimh. 55/1979 -An tOrdú Staidrimh (Daonáireamh), 1979


I bhfeidhmiú na gcumhachtai a thugtar dom le hailt 11 agus 16 den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926), agus leis an Ordú um na hAchta Staidrimh, 1926 agus 1946 (Feidhmeanna Aire d'Aistriú), 1949 (I.R. Uimh. 142 de 1949), ordaimse, Seán Ó Loinsigh, Taoiseach, leis seo, mar a leanas:

1. An tOrdú Staidrimh (Daonáireamh), 1979, is teideal don Ordú seo.

2. Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937), leis an Ordú seo.

3. San Ordú seo—

ciallaionn "an tAcht" an tAcht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926);

ciallaionn "staidreamh" an staidreamh a shonraítear in Airteagal 4 den Ordu seo.

4. Baileofar staidreamh arb iad seo a leannas is ábhar, cineál agus gné dó, is é sin le rá:

( a ) Daonra;

( b ) Ainmneacha, gnéas agus an dáta a rugadh;

( c ) Staid maidir le pósadh, gaol leis an gceann teaghlaigh;

( d ) Athrú ar áit chónaithe ó áit lasmuigh den Stát i rith na tréimhse dhá mhí dhéag dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1979.

ainhail mar bhí oíche Dé Domhnaigh, an lú lá d'Aibreán, 1979, agus an mbaidin dar gcionn.

5. Is iad seo a leanas na daoine, nó na haicmi daoine, a mbeidh orthu tuairisceáin nó faisneis a thabhairt chun críocha an staidrimh, is e sin le rá:

( a ) ceann teaghlaigh phríobháidigh nó an duine eile atá ag gníomhú mar cheann teaghlaigh phríobháidigh:

( b ) an duine atá i bheighil forais, mar atá, óstán, club, teach aíochta, brú, teach iostais, teach lóistin, scoil chónaithe, coláiste, clochar, mainistir, beairic, priosún, ospidéal, teaghlach contae, teach banaltrais, nó aon bhunaíocht eile d'aon saghas;

( c ) an máistir nó an duine eile atá i bheighil árthaigh in aon chuan, calafort, báigh, góilín, nó ar aon loch, abhainn nó canáil nó in aon áit eile ar uiscí laistigh de dhlínse an Stáit;

( d ) daoine aonair.

6. (1) Tabharfar tuairisceáin agus faisnéis agus baileofar an staidreamh ar an modh a thuairiscitear i bhFoirm A atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo.

(2) Is daoine a cheapfar faoin Ordú seo chun bheith ina n-oifigigh staidrimh a dhéanfaidh an staidreamh a bhailiú, a fhíorú agus a choimriú agus beidh gach duine a cheapfar amhlaidh ceaptha agus aitheanta mar Mhaoirseoir Réigiúin Daonáirimh, mar Mhaoirseoir Seachtrach Daonáirimh nó mar Airitheoir Daonáirimh, de réir mar a bheidh.

7. (1) Féadfaidh Coimisinéir an Gharda Síochána cibé duine agus cibé lion daoine (comhaltaí den Gharda Síochána) is oiriúnach leis a cheapadh mar oifigigh staidrimh chun críocha an Ordaithe seo agus féadfar ceapadh daoine faoin mír seo a dhéanamh faoina n-ainmneacha nó faoi theideal a gcéime nó i cibé slí idirdhealaitheach eile is oiriúnach leis an gCoimisinéir sin.

(2) Tabharfar do gach duine a cheapfar faoin mír seo deimhniú i scribhinn a bheidh sínithe ag Ceannfort den Gharda Síochána, á dheimhniú go bhfuil an duine sin ag gníomhú mar oifigeach staidrimh chun críocha an Ordaithe seo.

8. (1) Féadfaidh an Taoiseach cibé daoine agus cibé lion daoine is oiriúnach leis a cheapadh chun bheith ina noifigigh staidrimh chun críocha an Ordaithe seo, agus féadfar ceapadh daoine faoin mír seo a dhéanamh faoina n-ainmneacha nó i cibé slí idirdhealaitheach eile is oiriúnach leis an Taoiseach.

(2) Is san fhoirm a shonraítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo a bheidh an ceapachán a bheidh le tabhairt faoín Acht do dhuine a cheapfar faoin mír seo agus beidh sé sínithe de réir cheanglais an Achta.

9. Úsáidfear na foirmeacha atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo chun an staidreamh a bhailiú.

10. Ní bheidh feidhm ag an Ordú um Oifígigh Staitistíochta (Ceapachán), 1926, maidir le ceapadh daoine mar oifigigh staidrimh chun críocha an Ordaithe seo.

AN SCEIDEAL

CUID I

An tAcht Staitistíochta, 1926

An tOrdú Staidrimh (Daonáireamh), 1979

Daonáireamh na hÉireann, 1979: Lá an Daonáirimh—Dé Domhnaigh, 1 Aibreán, 1979

Tá .................................... ceaptha mar oifigeach staidrimh de bhun an Achta sin thuas agus an Qrdaithe sin agus Maoirseoir Réigiúin Daonáirimh/Maoirseoir Seachtrach Daonairimh/Airitheoir Daonáirimh a ghairfear dó/di i ndáil le bailiú an staidrimh a shonraítear san Ordú sin.

Síniú ............................................................ ....................

Grád ............................................................ ...................

Síniú an

Oifigigh Staidrimh

Roinn/Offig ............................................................ ..........

........................................................

............................................................ ................. , 1979

CUID II

I

Foirm A—

Daonáireamh na hÉireann, 1979.

Form A—

Census of Population of Ireland, 1979.

II

Foirm B—

Daonáireamh na hÉireann, 1979.

Form B—

Census of Population of Ireland, 1979.

III

Foirm D—

Daonáireamh na hÉireann, 1979.

Form D—

Census of Population of Ireland, 1979.

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil an 19ú lá seo de Feabhra,

1979.

SEÁN Ó LOINSIGH,

Taoiseach.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN.

Is é is cuspóir don ionstraim seo cumhacht a thabhairt chun Daonáireamh reachtúil a dhéanamh an 1 Aibreán, 1979, chun scóip an Daonáirimh a shainmhíniú agus chun na foirmeacha a úsáidfear agus na daoine, nó na haicmí daoine, a mbeidh orthu tuairisceáin nó eolas a thabhairt chun críocha an Daonáirimh, a ordú.

CENSUS OF POPULATION OF IRELAND, 1979

Form A

/images/si055y79form1.gif

Form B

/images/si055y79form2.gif

Form D

/images/si055y79form3.gif