I.R. Uimh. 274/1977 -Ordú Dá nGairtear. An tOrdú Poist agus Telegrafa (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1977.
Ar iarratas ón Aire Poist agus Telegrafa agus i bhfeidhmiú na gcumhachtai a thugtar dóibh le halt 9(1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1939 (Uimh. 36 de 1939), ordaionn an Rialtas leis seo mar a leanas:— 1. An tOrdú Poist agus Telegrafa (Feidhmeanna Aire a Tharmligean) 1977, is teideal don Ordú seo 2. Déantar leis seo na cumhachtaí agus na dualgais reachtúla de chuid an Aire Poist agus Telegrafa a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo tharmligean chuig TOMÁS MAC GIOLLA PHÁDRAIG, Rúnaí Parlaiminte an Aire Poist agus Telegrafa. | ||
AN SCEIDEAL. | ||
Cumhachtaí agus dualgais an Aire Poist agus Telegrafa faoi gach ceann de na hAchtanna seo leanas:— | ||
(a) Na hAchtanna um Oifig an Phoist, 1908 go 1969. | ||
(b) Na hAchtanna Raidio-Theileagrafaíochta, 1926 go 1972. | ||
(c) Telegraph Act, 1885. | ||
(d) Post Office (Parcels) Act, 1882. | ||
(e) Na hAchtanna um Bainc Thaisce na Phoist, 1861 go 1958. | ||
(f) Achtanna Rialaithe na Stát-Sheirbhíse, 1956 agus 1958. | ||
(g) Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956. | ||
(h) Acht na Stát-Sheirbhíse (Fostú Ban Pósta), 1973. | ||
(i) An tAcht Airgeadais, 1942. | ||
(j) Na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1973. | ||
ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais, an 16ú lá seo | ||
de Lúnasa 1977. | ||
SEAN Ó LOINSIGH, | ||
Taoiseach. |