An tAcht Airi agus Runaithe (Leasú) 1956.

An Ghaeltacht.

2.—(1) Chun críocha an Achta seo is í an Ghaeltacht na límistéirí a mbeidh cinnte de thuras na huaire le hordú faoin alt seo gur límistéirí Gaeltachta iad.

(2) Féadfaidh an Rialtas ó am go ham le hordú a chinneadh gur límistéirí Gaeltachta límistéirí sonraithe, is límistéirí ar Gaeilgeoirí mórchuid de na daoine iontu agus límistéirí ina n-aice sin ar dóigh leis an Rialtas gur cheart iad d'áireamh sa Ghaeltacht d'fhonn an Ghaeilge a chaomhaint agus a leathnú mar ghnáth-urlabhra.

(3) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, aon ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

(4) Gach ordú a déanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.