I.R. Uimh. 291/1950 -An tOrdú Téarmaí Dlíthiúla Gaeilge (Uimh. 9), 1950.


DE BHRÍ go bhfuil achtaithe le fo-alt (1) d'alt 3 den Acht Téarmaí Dlíthiúla Gaeilge, 1945 (Uimh. 18 de 1945), go bhféadfaidh an tAire Dlí agus Cirt (dá ngairmtear " an tAire " anseo feasta), aon uair a mheasfaidh is ceart, a dhearbhú le hordú gurb é is iontamhail sa Ghaeilge d'aon téarma sonraithe ná pé focal nó focail is cuí leis agus a shonróidh san ordú :

AGUS DE BHRÍ go bhfuil achtaithe (inter alia) le fo-alt (2) den alt sin 3 go gcuirfidh an tAire, sar a ndéanfar ordú den tsórt sin, dréacht de á ullmhú agus go n-iarrfaidh ar an gCoiste Comhairlitheach um Théarmaí Dlíthiúla Gaeilge (dá ngairmtear " an Coiste " anseo feasta) an dréacht a bhreithniú agus tuarascáil a thabhairt air :

AGUS DE BHRÍ go ndearna an tAire dréacht a chur á ullmhú agus gur iarr sé ar an gCoiste an dréacht a bhreithniú agus tuarascáil a thabhairt air, agus go ndearna an Coiste amhlaidh :

ANOIS, i bhfeidhmiú na gcumhacht a bheirtear dom le halt 3 den Acht Téarmaí Dlíthiúla Gaeilge, 1945 (Uimh. 18 de 1945), agus ar an tuarascáil a bhreithniú dhom, ordaímse, SEÁN MAC EOIN, Aire Dlí agus Cirt, leis seo mar leanas :—

1. An tOrdú Térmaí Dlíthiúla Gaeilge (Uimh. 9), 1950, is teideal don Ordú seo.

2. Dearbhaítear leis seo gurb é is iontamhail sa Ghaeilge d'aon téarma a luaitear i gcolún (1) den Sceideal a ghabhas leis seo (ach amháin téarma a bhfuil réiltín (*) os a chomhair agus a bhfuil feidhm dlí cheana ag a iontamhail sa Ghaeilge) ná an focal nó na focail a sonraítear os a choinne i gcolún (2) den Sceideal.

3. Tiochfaidh an tOrdú seo i ngníomh an 1ú Aibreán, 1951.

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil, an 25ú lá seo de Shamhain, 1950.

(Sínithe) SÉAN MAC EOÍN,

Aire Dlí agus Cirt.

AN SCEIDEAL.

An Téarma

An focal nó na focail is iontamhail dó

(1)

(2)

*Account, I

Bheirim cuntas

*Account (n.)

Cuntas

Account

Cuntasóir

chartered accountant

cuntasóir cairte

incorporated accountant

cuntasóir corpraither

*Agent

Gníomhaire

*Allot, I

Leithroinnim

*Allotment

Leithroinnt

letters of allotment

litreacha leithroinnte

Allottee

Leithroinní

*Arrangement

Comhshocraíocht

*deed of arrangement

gníomhas comhshocraíochta

*Articles of Association

Airteagail Chomhlachais

*Assets

Sócmhainní

surplus assets

sócmhainní barrachais

Audit, I

Iniúchaim

Audit (n.)

Iniúchadh

Auditor

Iniúchóir

Balance (n.)

Comhardú

adverse balance

comhardú codarsna

balance sheet

clár comharduithe

*Bank

Banc

*Banker

Bancaeir

*Bankrupt (n. & adj.)

Féimheach

*Bankruptcy

Féimheacht (g. -a, b.)

*Bill of exchange

Bille malairte

Board of directors

Bord stiúrthóirí

Body corporate

Comhlucht corpraithe

Borrow, I

Gheibhim ar iasacht

*Broker

Bróicéir

Brokerage

Bróicéireacht

Call (n.)

Glaoch

Capital (n.)

Caipiteal (g. -til, f.)

called-up capital

caipiteal glaoite

circulating capital

caipiteal reatha

issued capital

caipiteal eisithe

nominal capital

caipiteal ainmniúil

paid-up capital

caipiteal íoctha

reserve capital

caipiteal cúltaca

share capital

scair-chaipiteal

uncalled capital

caipiteal neamhghlaoite

Chairman

Cathaoirleach

*Charge

Muirear (g. -rir, f.)

floating charge

muirear foluaimneach

*Claim (n.)

Éileamh

contingent claim

éileamh teagmhasach

Commission

Coimisiún

*Committee of inspection

Coiste iniúchta

Company

Cuideachta

assurance company

cuideachta árachais

banking company

cuideachta bhancaeireachta

chartered company

cuideachta chairte

company limited by guarantee

cuideachta faoi thórainn ráthaíochta

company limited by shares

cuideachta faoi thúrainn scaireanna

guarantee company

cuideachtaráthaíochta

holding company

cuideachta shealbhaíochta

incorporated company

cuideachta chorpraithe

insurance company

cuideachta árachais

AN SCEIDEAL—ar lean.

An Téarma

An focal nó na focail is iontamhail dó

(1)

(2)

joint-stock company

cuideachta chomhstoic

limited company

cuideachta thóranta

private company

cuideachta phríobháideach

public company

cuideachta phoiblí

statutory company

cuideachta reachtúil

trading company

cuideachta thrádála

unincorporated company

cuideachta nemhchorpraithe

unlimited company

cuideachta neamhthóranta

*Compromise, I (i.e., a claim)

Comhréitím

*Compromise (n.) (i.e., of a claim)

Comhréiteach

Contributory (n.)

Ranníocóir

*Creditor

Creidiúnaí

*secured creditor

creidiúnaí urrúis

Debenture

Bintiúr (g. -úir, f.)

debenture holder

bintiúrach

debenture shares

scireanna bintiúr

*debenture stock

stoc bintiúr

irredeemable debenture

bintiúr dofhuascailte

mortgage debenture

bintiúr morgáiste

redeemable debenture

bintiúr infhuascailte

*Debt

Fiach

*book debt

fiach leabhair

*Debtor

Féichiúnaí

Depreciation

Díluachadh

Director

Stiúrthóir

managing director

stiúrthóir bainisti

Discount, I

Lascainím

Discount (n.)

Lascaine

*Dishonour, I (i.e., cheque, etc.)

Obaim

*notice of dishonour

fógra obtha

*Dividend

Díbhinn (g. -e, b.)

cumulative dividend

díbhinn charnach

*declaration of dividend

dearbhú díbhinn

*final dividend

díbhinn chríochnaitheach

half-yearly dividend

díbhinnleathbhliantúil

interim dividend

díbhinn eatramhach

preferential dividend

díbhinn thosaíochta

Firm (i.e., a business)

Gnólucht (g. -a,f.)

*Goodwill

Cáilmheas (g. -a,f.)

*Income

Ioncam (g. -aim,f.)

Incorporate, I

Corpraím

Incorporation

Corprú

certificate of incorporation

deimhniú corpruithe

*Insolvency

Dócmhainneacht

*Insolvent (adj.)

Dócmhainneacht

Invest, I

Infheistím

Investment

Infheistíocht

*Issue, I

Eisím

Issue of shares

Eisiúint scaireanna

Letters patent

Litreacha paitinne

Liquidation

Leachtú

voluntary liquidation

leachtú toilteanach

Liquidator

Leachtaitheoir

*Loss

Cailliúint

AN SCEIDEAL—ar lean.

An Téarma

An focal nó na focail is iontamhail dó

(1)

(2)

Manager

Bainisteoir

Meeting

Cruinniú

annual general meeting

cruinniú ginearálta bliantúil

board meeting

cruinniú boird

extraordinary general meeting

cruinniú ginearálta urghnáthach

general meeting

cruinniú ginearálta

ordinary meeting

gnáthchruinniú

statutory meeting

cruinniú reachtúil

*Memorandum of association

Meabhrán comhlachais

Minutes (i.e., of meeting)

Miontuairiscí

Mutual insurance society

Cumann frithpháirteach árachais

Office, registered

Oifig chláraithe

Officer

Oifigeach

*Overdraft

Ró-tharraingt

*Partner

Comhpháirtí

general partner

comhpháirtí ginearálta

limited partner

comhpháirti tóranta

*Partnership

Comhpháirtíocht

limited partnership

comhpháirtíocht thóranta

*partnership articles

airteagail chomhpháirtíochta

*Preference, fraudulent

Tosaíocht chalaoiseach

*Profit

Brabús

gross profit

brabús comhlán

net profit

brabús glan

Promoter

Tionscnóir

Prospectus

Réamheolaire

*Proxy (i.e., person)

Seach-vótálaí

*Proxy (i.e., document)

Cumhacht sheach-vótála

Quorum

Córam (g. -aim, f.)

*Receiver

Glacadóir

official receiver

glacadóir oifigiúil

*Register, I

Cláraím

Registrar of Companies

Cláraitheoir na gCuideachtan

Remuneration

Luach saothair

Reserve

Cúltaca

*Resolution

Rún

extraordinary resolution

rún urghnáthach

special resolution

rún speisialta

Retire, I

Scoirim as oifig

Retirement by rotation

Scor as oifig do réir oird

Scrip certificate

Scruith-dheimhniú

Seal, I

Séalaím

Seal (n.)

Séala

common seal

gnáthshéala

company seal

séala cuideachtan

Secretary

Rúnaí

*Share (n.)

Scair

cumulative share

scair charnach

debenture share

scair bhintiúir

deferred share

scair iarchurtha

founder's share

scair bhunaitheora

*ordinary share

gnáthscair

paid-up share

scair íoctha

AN SCEIDEAL—ar lean.

An Téarma

An focal nó na focail is iontamhail dó

(1)

(2)

*preference share

scair thosaíochta

share certificate

scair-dheimhniú

Shareholder

Scair-shealbhóir

Society

Cumann

building society

cumann foirgníochta

co-operative society

comhar-chumann

friendly society

cara-chumann

industrial and provident society

cumamm tionscail agus coigiltis

Solvency

Sócmhainneacht

Solvent

Sócmhainneach

Statement in lieu of prospectus

Ráiteas in ionad réamheolaire

*Statement of affairs

Ráiteas gnótha

*Stock

Stoc

*common (ordinary) stock

gnáthstoc

*debenture stock

stoc bintiúir

Stockbroker

Stoc-bhróicéir

Stockholder

Stoc-shealbhóir

Stock-jobber

Ucastóir stoic

Tax

Cáin

corporation profits tax

cáin bhrabús corparáide

excess profits tax

cáin ró-bhrabús

income tax

cáin ioncaim

surtax

forcháin

Underwrite, I

Frithgheallaim

Underwriter

Frithgheallaí

Vote, I

Vótálaim

Vote (n.)

Vóta

casting vote

vóta réitigh

*Warrant (n.)

Barántas

dividend warrant

barántas bíbhinne

share warrant to bearer

barántas scaire chuig iomparthóir

Wind-up, I

Forceannaim

Winding up

Forceannadh

voluntary winding up

foreceannadh toilteanach

winding up by the Court

foreceannadh ag an gCúirt

winding up under supervision

foreceannadh faoi stiúradh

NODA GRAMADAÍ.

adj.= aidiacht

f.= firinscneach

b.= baininscneach

g.= ginide

n.= ainmfhocal