I.R. Uimh. 3/1950 -An tOrdú Téarmaí Dlithiula Gaeilge (Uimh. 6), 1950.


DE BHRÍ go bhfuil achtaithe le fo-alt (1) d'alt 3 den Acht Téarmaí Dlíthiúla Gaeilge, 1945 (Uimh. 18 de 1945), go bhféadfaidh an tAire Dlí agus Cirt (dá ngairmtear " an tAire " anseo feasta), aon uair a mheasfaidh is ceart, a dhearbhú le hordú gurb é is iontamhail sa Ghaeilge d'aon téarma sonraithe ná pé focal nó focail is cuí leis agus a shonróidh san ordú :

AGUS DE BHRÍ go bhfuil achtaithe (inter alia) le fo-alt (2) den alt sin 3 go gcuirfidh an tAire, sar a ndéanfar ordú den tsórt sin, dréacht de á ullmhú agus go n-iarrfaidh ar an gCoiste Comhairlitheach um Théarmaí Dlíthiúla Gaeilge (dá ngairmtear " an Coiste " anseo feasta) an dréacht a bhreithniú agus tuarascáil a thabhairt air :

AGUS DE BHRÍ go ndearna an tAire dréacht a chur á ullmhú agus gur iarr sé ar an gCoiste an dréacht a bhreithniú agus tuarascáil a thabhairt air, agus go ndearna an Coiste amhlaidh :

ANOIS, i bhfeidhmiú na gcumhacht a bheirtear dom le halt 3 den Acht Téarmaí Dlíthiúla Gaeilge, 1945 (Uimh. 18 de 1945), agus ar an tuarascáil a bhreithniú dhom, ordaímse, SEÁN MAC EOIN, Aire Dlí agus Cirt, leis seo mar leanas :—

1. An tOrdú Téarmaí Dlíthiúla Gaeilge (Uimh. 6), 1950, is teideal don Ordú seo.

2. Dearbhaítear leis seo gurb é is iontamhail sa Ghaeilge d'aon téarma a luaitear i gcolún (1) den Sceideal a ghabhas leis seo (ach amháin téarma a bhfuil réiltín (*) os a chomhair agus a bhfuil feidhm dlí cheana ag a iontamhail sa Ghaeilge) ná an focal nó na focail a sonraítear os a choinne i gcolún (2) den Sceideal.

3. Tiocfaidh an tOrdú seo i ngníomh an lú lá d'Aibrean, 1950.

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil an

9ú lá seo d'Eanair, 1950.

(Sín.) SEÁN MAC EOIN,

Aire Dlí agus Cirt.

AN SCEIDEAL

An Téarma

An focal nó na focail is iontamhail dó

(1)

(2)

Abate, I

Laghdaím

Abatement (i.e.,of legacies)

Laghdú

Accumulate, I

Carnaim

Adeem, I

Seachshásaím

Ademption

Seachshásamh

*Administration

Riarachán

administration bond

banna riaracháin

administration with will annexed

riarachán maille le huacht

limited administration

riarchán tóranta

*Administrator

Riarthóir

*Administratrix

Banriarthóir

*Advancement (i.e.,in equity)

Réamhshocrú

*Affidavit

Mionnscríbhinn

affidavit of due execution

mionnscríbhinn fhorghníomhuithe

chuí

affidavit of plight and condition

mionnscríbhinn staide agus

riochta

affidavit of scripts

mionnscríbhinn scríbhinní

affidavit of search

mionnscríbhinn chuardaigh

affidavit to lead to citation

mionnscríbhinn i gcóir luaite

*Ambiguity

Athbhrí

*latent ambiguity

athbhrí neamhfhollas

*patent ambiguity

athbhrí fhollas

*Ambiguous

Athbhríoch

Ascendants

Sinsir

*Assent, I

Aontaím

*Assent (n.)

Aontú

*Assets

Sócmhainní

*equitable assets

sócmhainní cothromais

*legal assets

sócmhainní dlí

schedule of assets

sceideal sócmhainní

*Attest, I

Fianaím

*Attestation

Fianú

attestation clause

clásal fianuithe

*Beneficiary

Tairbhí (g. id., f.)

Bequeath, I

Tiomnaim

Bequest

Tiomnacht (g.-a, b.)

charitable bequest

tiomnacht charthanúil

Bond, administration

Banna riaracháin

Capacity, testamentary

Inniúlacht thiomanta

*Charge, I

Muirearaím

*Charge (n.)

Muirear (g.-rir, f.)

*Chargeant

Muirearóir

*Chargee

Muirearaí

*Charity

Carthanas

Citation

Lua

*Cite, I

Luaim

*Codicil

Codaisíl (g. id., f.)

*Consolidate, I

Comhdhlúthaím

*Consolidation

Comhdhlúthú

*Construction summons

Toghairm fhorléirithe

*Conversion

Comhshó (g. id., f.)

*Creditor

Creidiúnaí

Deceased (n.)

Eagach

Descendants

Sliochtaigh

Devise, I

Réad-thiomnaim

Devise (n.)

Réad-thiomnadh

AN SCEIDEAL—ar lean.

An Téarma

An focal nó na focail is iontamhail dó

(1)

(2)

Devisee

Réad-thiomnaí

*Devolution

Cineachadh

*Devolves, it

Cinneachann sé

Distribute, I

Dáilim

*Domicile

Sainchónaí

*Dower

Duar (g.-air, f.)

*Duty

Dleacht (g.-a, b.)

*death duties

dleachta báis

*estate duty

dleacht eastáit

*legacy duty

dleacht leagáide

*succession duty

dleacht chomharbais

*Elect, I (i.e.,in equity)

Roghnaím

*Election (i.e.,in equity)

Roghain

Engross, I

Léirscríobhaim

Engrossment

Léirscríbhinn

*Estate

Eastát

*personal estate

eastát pearsanta

*real estate

eastát réadach

*Execute, I

Forghníomhaím

*Executor

Seiceadóir

executor according to the tenor

seiceadóir do réir a bhri

Executorship

Seiceadóireacht

*Executrix

Bantseiceadóir

Exonerate, I

Saoraim

*Expenses

Caiteachais

funeral expenses

caiteachais adhlaicthe

testamentary expenses

caiteachais thiomnacha

Extract, I (i.e.,probate, etc.)

Bainim amach

*Fund

Ciste

Gift

Bronntanas

charitable gift

bronntanas carthanúil

contingent gift

bronntanas teagmhasach

gift over

bronntanas thairis

specific gift

bronntanas sonrach

substitutional gift

bronntanas ionadúil

*Grant, I

Deonaim

Grant (n.)

Deonadh

grant of administration

deonadh riaracháin

grant of probate

deonadh probháide

grant to creditor

deonadh do chreidiúnaí

joint grant

deonadh comhpháirteach

limited grant

deonadh tóranta

Half blood, of the

Leas-ghaolmhar

*Heir

Oidhre

*heir apparent

léir-oidhre

*heir-at-law

oidhre ginearálta

heir male

oidhre fireann

*heir presumptive

oidhre teagmhasach

*heirs of the body

corp-oidhrí

Heirloom

Airnéis oidhreach

Hotchpot

Ollchumasc

Illegitimate

Neamhdhlisteanach

*Inherit, I (property)

Tagaim in oidhreacht (mhaoine)

*Inheritance

Oidhreacht

Intermeddle with the assets, I

Eadarláimhsím na sócmhainní

Intestacy

Dí-thiomnacht

Intestate (n.)

Dí-thiomnóir

AN SCEIDEAL—ar lean.

An Téarma

An focal nó na focail is iontamhail dó

(1)

(2)

Intestate (adj.)

Dí-thiomnach

Inventory

Fardal (g.-ail, f.)

*Issue, 1

Eisím

*Issue (i.e.,of documents, etc.)

Eisiúint

*Issue (i.e.,of deceased, etc.)

Sliocht

Legacy

Leagáid (g.-e, b.)

charitable legacy

leagáid charthanúil

cumulative legacy

leagáid bhreise

demonstrative legacy

leagáid thaispeántach

general legacy

leagáid ghinearálta

lapsed legacy

leagáid scaoilte

onerous legacy

leagáid dhochraideach

pecuniary legacy

leagáid airgid

residuary legacy

leagáid iarmharach

specific legacy

leagáid shonrach

substitutional legacy

leagáid ionadúil

*Legitimate

Dlisteanach

Letters of administration

Litreacha riaracháin

Lucid interval

Tréimhse mheabhrach

*Marshal, I

Cogairsím

Marshalling

Cogairsiú

Next of kin

Neas-ghaol(ta)

*Personal representative

Ionadaí pearsanta

*Portion

Clann-chuid

*Priority

Tosaíocht

Probate

Probháid (g.-e, b.)

probate in common form

probháid i bhfoirm choiteann

probate in solemn form

probháid i bhfoirm sholamanta

Probate Registrar

Cláraitheoir Probháide

Probate Registry

Clarlann Phrobháide

the Principal Probate Registry

an Phríomh-Chlarlann Phrobháide

District Probate Registry

Clarlann Phrobháide Cheantair

*Property

Maoin

Propound, I

Cuirim ar aird

*Remoteness

Cianúlas (g.-ais, f.)

Renounce, I

Tréigim

Renunciation

Tréigint

Republish, I

Athfhoilsím

Repugnant clause

Clásal aimhréireach

Reseal, I

Athshéalaím

*Residuary

Iarmharach

*Residue

Iarmhar

Revive, I

Athbheoim

*Revocation

Cúlghairm

*Revoke, I

Cúlghairmim

Satisfaction

Sásamh

Script

Scríbhinn

Share (n.)

Scair

*distributive share

scair dháileach

undivided share

scair neamhroinnte

Statutes of distribution

Reachta an dáilte

*Survivor

Marthanóir

*Survivorship

Marthanas

Testacy

Tiomnacht

Testament

Tiomna

AN SCEIDEAL—ar lean.

An Téarma

An focal nó na focail is iontamhail dó

(1)

(2)

Testamentary

Tiomnach

Testate

Tiomnach

Testator

Tiomnóir

Testatrix

Bantiomnóir

*Valid

Bailí

*Validity

Bailíocht

Warn, I

Bheirim rabhadh

Warning

Rabhadh

Whole blood, of the

Lánghaolmhar

*Will, I

Uachtaím

*Will (n.)

Uacht

inofficious will

uacht neamhdhual

lost will

uacht chaillte

officious will

uacht dhual

*Witness, I

Fianaím

*Witness (n.)

Finné

NODA GRAMADAI.

adj.

=

aidiacht

b.

=

baininscneach

f.

=

firinscneach

g.

=

ginide

id.

=

idem

n.

=

ainmfhocal