|
Iasachtaí do bhaint amach.
|
10.—(1) An méid a bheidh dlite agus ag dul do sna Coimisinéirí de thurus na huaire pe'ca ar son colna no úis é, ar scór orduithe mhuirir, beidh sé ina fhiacha síbhialta bheidh ag na Coimisinéirí ar an té is sealbhaire de thurus na huaire ar an áitreabh a bheidh fé mhuirear ag an ordú muirir sin agus féadfaidh na Coimisinéirí (i dteanta aon tslí eile chun é bhaint amach) é bhaint den tsealbhaire sin dá réir sin in aon chúirt dlighinse inniúla gan dochar do cheart an tsealbhaire sin, nuair nách é an duine dar tugadh an iasacht é, i gcoinnibh an duine sin.
|
| |
(2) In aon imeachta bhunóidh na Coimisinéirí fén alt so no ar shlí eile in aon chúirt dlí chun an méid no aon chuid den mhéid a bheidh dlite, pe'ca ar son colna no úis é, ar scór orduithe mhuirir do bhaint amach beidh deimhniú dheabhróidh bheith séaluithe le séala na gCoimisinéirí agus bheith ag deimhniú an mhéide bheidh dlite ar scór an orduithe mhuirir sin ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar an méid a bheidh á dheimhniú amhlaidh do bheith dlite agus ag dul do sna Coimisinéirí.
|