Frequently Asked Questions CCanna (Ceisteanna Coitianta)

Legislative amendments were previously held in a section of the eISB known as the Legislation Directory. The information from the Legislation Directory has now been integrated into relevant parts of the site. For example, to find the list of amendments made to a particular Act, go to that Act and then click on the “Amendments, Commencements, SIs made under this Act” button.

Users should note that information is displayed differently in relation to Acts enacted before and after 1931.

Each Act enacted before 1 January 1931 appears in a table for the year in which the relevant Act was enacted and Acts appear in order of enactment in that table. Entries include details in relation to how each Act has been amended or otherwise affected. Details in relation to commencement information for Acts enacted prior to 1931 can be found on the Acts home page under Acts-More information, Commencement Orders. There is currently no list available of secondary legislation made under individual Acts enacted before 1 January 1931.

Each Act enacted since 1 January 1931 has its own table containing three sub-tables: commencement information, amendments and other effects, and other associated secondary legislation (SIs made under the Act) and effects. Work is continuing to extend this newer format to Acts enacted before 1931.

Roimhe seo, coimeádadh leasuithe reachtúla i roinn den eISB dar teideal an tEolaire Reachtaíochta. Anois, tá an fhaisnéis ón Eolaire Reachtaíochta comhtháthaithe i gcodanna ábhartha den suíomh. Mar shampla, chun liosta de na leasuithe a rinneadh ar Acht áirithe a aimsiú, téigh chuig an Acht sin agus cliceáil ar an gcnaipe “Leasuithe, Tosaigh Feidhme, IRí arna ndéanamh faoin Acht seo”.

Ba chóir a thabhairt faoi deara go léirítear faisnéis ar bhealach difriúil maidir le hAchtanna a achtaíodh roimh agus tar éis 1931.

Léirítear gach Acht a achtaíodh roimh 1 Eanáir 1931 i dtábla don bhliain ar achtaíodh an tAcht ábhartha agus léirítear Achtanna in ord achtaithe sa tábla sin. Áirítear sonraí maidir leis an leasú nó tionchar eile a bhí ar gach Acht sna hiontrálacha. Is féidir teacht ar shonraí maidir le faisnéis tosaigh feidhme d’Achtanna a achtaíodh roimh 1931 ar leathanach baile na nAchtanna faoi Achtanna-Tuilleadh Faisnéise, Orduithe um Thosach Feidhme. Faoi láthair, níl liosta den reachtaíocht thánaisteach a rinneadh faoi Achtanna aonair a achtaíodh roimh 1 Eanáir 1931 ar fáil.

Tá a thábla féin ag gach Acht a achtaíodh ó 1 Eanáir 1931 ina bhfuil trí fhothábla: faisnéis tosaigh feidhme, leasuithe agus tionchair eile, agus reachtaíocht thánaisteach eile (IRí arna ndéanamh faoin Acht) agus tionchair lena mbaineann. Tá obair ag dul ar aghaidh chun an fhormáid nua seo a shíneadh go hAchtanna a achtaíodh roimh 1931.

See How will I know if a piece of legislation has been amended? Féach ar Conas is eol dom má rinneadh leasú ar phíosa reachtaíochta?

  • The eISB includes all Acts of the Oireachtas from 1922 to the present, statutory rules and orders from 1922 to 1947, and statutory instruments from 1948 to the present.
    It also includes most of the pre 1922 public and general statutes still in force in the State following the enactment of the Statute Law Revision Act 2007 (the Act of 2007). The Act of 2007 repealed all public and general statutes enacted before 6 December 1922 with the exception of those listed in Schedule 1 of that Act. In the case of a small number of those statutes, the full text is not available in electronic format.
    The text of the Constitution of Ireland is also published on the site.
    The site has further information about legislation, including a list of collective citations, a list of commencement orders, a list of Orders made under section 6(1) of the Ministers and Secretaries (Amendment) Act 1939 and a list of Regulations made under section 3 of the European Communities Act 1972.
    Áirítear ar an eISB gach Acht an Oireachtais ó 1922 go dtí an lá inniu, rialacha agus orduithe reachtúla ó 1922 go 1947 agus ionstraimí reachtúla ó 1948 go dtí an lá inniu.
    Áirítear freisin formhór na reachtanna poiblí agus ginearálta réamh-1922 atá fós i bhfeidhm sa Stát i ndiaidh achtú an Achta um Athchóiriú an Dlí Reachtúil 2007 (Acht 2007). D’aisghair Acht 2007 gach reacht poiblí agus ginearálta a achtaíodh roimh 6 Nollaig 1922, seachas iad siúd a liostaítear i Sceideal 1 den Acht sin. I gcás líon beag de na reachtanna sin, níl an téacs iomlán ar fáil san fhormáid leictreonach.
    Tá téacs Bhunreacht na hÉireann foilsithe ar an suíomh freisin.
    Tá faisnéis bhreise faoin reachtaíocht ar an suíomh, lena n-áirítear liosta de chomhluanna, liosta d’orduithe um thosach feidhme, liosta d’Orduithe arna ndéanamh faoi alt 6(1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) 1939 agus liosta de Rialacháin arna ndéanamh faoi alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach 1972.

  • New Acts and statutory instruments are published as soon as possible after they have been notified in the Iris Oifigiúil and we have received them from the Houses of the Oireachtas and Government Publications. The homepage of the eISB contains information about the legislation most recently published in PDF format. Foilsítear Achtanna agus ionstraimí reachtúla nua chomh luath agus is féidir tar éis fógra a thabhairt dóibh san Iris Oifigiúil agus iad faighte againn ó Thithe an Oireachtais agus Foilseacháin Rialtais. Tá faisnéis faoin reachtaíocht is déanaí a foilsíodh i bhformáid PDF ar leathanach baile an eISB.

  • Some legislation dating from before 1922 is not published on the site because it has either been repealed or is not available in electronic format.
    Very recent Acts or statutory instruments may not yet have been published (see answer to previous question).
    Only statutory instruments to which the Statutory Instruments Act 1947 primarily apply are included on the site. In relation to statutory instruments to which the Statutory Instruments Act 1947 does not apply, including bye-laws made by local authorities, users should contact the body who made the statutory instrument concerned.
    Níl roinnt reachtaíochta ón tréimhse roimh 1922 foilsithe ar an suíomh mar aisghaireadh é nó níl sé le fáil i bhformáid leictreonach.
    Seans nach bhfuil Achtanna ná ionstraimí reachtúla an-nua foilsithe go fóill (féach ar an bhfreagra ar an gceist roimhe seo).
    Ní chuirtear ar áireamh ar an suíomh seo ach ionstraimí reachtúla a bhfuil feidhm phríomha ag an Acht Ionstraimí Reachtúla, 1947, maidir leo. Maidir le hionstraimí reachtúla nach bhfuil feidhm ag an Acht Ionstraimí Reachtúla, 1947, maidir leo, lena n-áirítear fodhlíthe arna ndéanamh ag na húdaráis áitiúla, ba cheart d’úsáideoirí teagmháil a dhéanamh leis an gcomhlacht a rinne an ionstraim reachtúil lena mbaineann.

  • No, the electronic version is not the official version.
    Article 25.3.5 of the Constitution provides that the text of an Act which is signed by the President and enrolled in the office of the Registrar of the Supreme Court shall be conclusive evidence of the provisions of such law.
    Section 2 of the Documentary Evidence Act 1925 provides that prima facie evidence of an Act may be given in all Courts of Justice and in all legal proceedings by producing a paper copy published by Stationery Office. Section 3 of that Act contains a similar provision in relation to statutory instruments.
    Ní hé. Ní hé an leagan leictreonach an leagan oifigiúil.
    Déanann airteagal 25.3.5 den Bhunreacht foráil gurb é téacs Achta a chuireann an tUachtarán a lámh leis agus atá rollaithe in oifig an Chláraitheora den Chúirt Uachtarach fianaise dhochloíte fhorálacha an dlí.
    Déanann alt 2 den Acht um Fhianaise Scríbhinne 1925 foráil gurbh fhéidir fianaise prima facie d’Acht a thabhairt i ngach Cúirt Bhreithiúnais agus i ngach imeacht dlíthiúil trí chóip páipéir a foilsíodh ag Oifig an tSoláthair a thabhairt ar láimh. Tá foráil den sórt céanna in alt 3 den Acht sin maidir le hionstraimí reachtúla.

  • To buy paper copies of legislation, you can contact the Government Publications Office. Chun cóipeanna páipéir de reachtaíocht a cheannach, is féidir dul i dteagmháil le hOifig Foilseacháin an Rialtais.

  • You can find Bills and information on amendments to Bills on the Houses of the Oireachtas website. Is féidir Billí agus faisnéis faoi leasuithe ar Bhillí a aimsiú ar shuíomh gréasáin Thithe an Oireachtais.

  • The first step is to locate the relevant piece of legislation: Act or statutory instrument. At the top of the text of the Act or Statutory Instrument, you will see a box marked (in the case of Acts) “Amendments, Commencements, SIs made under Act” or (in the case of statutory instruments) “Amendments”. Click on this box to access amendment information.
    In the case of statutory instruments, you should be aware that amendments made between 1 January 1931 up to the most recent date set out at the top of the relevant page are recorded. Amendments made on or after 1 January 1931 to pre 1931 statutory instruments are listed, but amendments to such statutory instruments made before 1931 may not be listed.
    An chéad chéim ná an píosa ábhartha reachtaíochta a aimsiú: Acht nó ionstraim reachtúil. Ag barr théacs an Achta nó na hIonstraime Reachtúla, feicfidh tú bosca marcáilte (i gcás Achtanna) “Leasuithe, Tosaigh Feidhme, IRí arna ndéanamh faoin Acht” nó (i gcás ionstraimí reachtúla) “Leasuithe”. Cliceáil ar an mbosca seo chun faisnéis faoi leasuithe a aimsiú.
    I gcás na n-ionstraimí reachtúla, ba chóir duit a bheith ar an eolas nach bhfuil taifead déanta ach amháin ar leasuithe a rinneadh ón 1 Eanáir 1931 go dtí an dáta is déanaí, a leagtar amach ag tús an leathanaigh ábhartha. Tá leasuithe a rinneadh ó 1931 i leith ar ionstraimí reachtúla réamh-1931 liostaithe, ach níl leasuithe a rinneadh ar ionstraimí reachtúla dá leithéid roimh 1931 liostaithe.

  • For Acts from 1931 or later:
    Simply click on the button at the top of the Act marked “Amendments, Commencements, SIs made under Act”. The table entitled “commencement” sets out the relevant commencement information for that Act. For Acts from before 1931 you should take the following steps:

    • Look at the text of the Act itself:
      • If there is no information regarding commencement, the Act came into force on the date on which it was passed by the Oireachtas. This date can be found under the long title of the Act.
      • Sometimes a provision or provisions of an Act specifies a date on which all or part of it is to come into effect (e.g. "This Act comes into operation one month after the date of its passing." or "This section shall come into effect on 3 February 2015.")
      • Sometimes a provision or provisions of an Act states that a commencement order is required to bring all or part of an Act into effect (e.g. "This Act shall come into operation on such day or days as the Minister may appoint by order...").
    • Finding a commencement order:
      • The eISB includes a list of commencement orders listed by Act.
      • To find commencement orders that have been made since the last update to the commencement order list, you can check the statutory instruments on the eISB made since the last update.

    I gcomhair Achtanna ó 1931 nó níos déanaí:
    Díreach cliceáil ar an gcnaipe ag barr an Achta marcáilte “Leasuithe, Tosaigh Feidhme, IRí arna ndéanamh faoi Acht”. Leagtar amach an fhaisnéis ábhartha um thosach feidhme don Acht sa tábla dar teideal “tosach feidhme”.
    I gcomhair Achtanna roimh 1931 ba chóir duit na céimeanna seo a leanas a leanúint:

    • Féach ar théacs an Achta féin:
      • Mura bhfuil aon fhaisnéis maidir le tosach feidhme, tháinig an tAcht i bhfeidhm ar an dáta ar ritheadh é ag an Oireachtas. Is féidir teacht ar an dáta seo faoi theideal fada an Achta.
      • Uaireanta sonraíonn foráil nó forálacha Achta dáta ar a dtiocfaidh an tAcht iomlán nó cuid de i bhfeidhm (m.sh. \“Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh mí amháin tar éis an dáta ar ritheadh é.\” nó \“Tiocfaidh an t-alt seo i bhfeidhm ón 3 Feabhra 2015.\”)
      • Uaireanta deir foráil nó forálacha Achta go dteastaíonn ordú um thosach feidhme chun Acht iomlán nó cuid de a thabhairt i bhfeidhm (m.sh. \“Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú...\”).
    • Ordú um thosach feidhme a aimsiú:
      • Áirítear ar an eISB liosta d’orduithe um thosach feidhme atá liostaithe de réir Achta.
      • Chun teacht ar orduithe um thosach feidhme arna ndéanamh ón nuashonrú deireanach ar an liosta orduithe um thosach feidhme, is féidir na hionstraimí reachtúla ar an eISB a rinneadh ón nuashonrú deireanach a sheiceáil.
  • Where a Revised Act has been prepared by the Law Reform Commission there is now a direct link from the Act on the eISB, from a tab at the top of the individual Act page, to the Revised Act on the Commission's web site.

    When viewing an Act by section there is also a direct link to the corresponding section of the Revised Act.
    I gcás go bhfuil Acht Athbhreithnithe ullmhaithe ag an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí, tá nasc díreach nua anois ón Acht ar an eISB ón táb ag barr an leathanaigh aonair Achta leis an Acht Athbhreithnithe ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

    Agus tú ag féachaint ar Acht de réir ailt, tá nasc díreach leis an alt comhfhreagrach den Acht Athbhreithnithe anois freisin.

  • In general, tables of amendments, commencements and SIs made under Acts are updated weekly, subject to the availability of new legislation. You can find the current date up to which the tables are updated on each relevant page. Go ginearálta, nuashonraítear táblaí leasuithe, tosach feidhme agus IRí seachtainiúil, faoi réir infhaighteacht na reachtaíochta nua. Is féidir teacht ar an dáta a ndearnadh nuashonrú ar na táblaí ar gach leathanach ábhartha.

  • They are produced by the Law Reform Commission. Cuirtear i láthair iad ag an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí.

  • You can visit the glossary. Is féidir cuairt a thabhairt ar an ngluais.

  • Only hyperlinked versions (HTML versions) of legislation are searchable from the quick search and advanced search page of the eISB. While PDF versions of SIs and Acts are published on the eISB as soon as possible, corresponding HTML versions may not yet be available.

    Always check the lists of Acts and SIs on the Acts and SIs home pages.
    If the hyperlinked version of an Act or an SI is not live (not a link), then it is not searchable on the eISB.
    Níl ach leaganacha hipearnaisc (leaganacha HTML) den reachtaíocht inchuardaithe ó leathanach cuardaigh thapa agus cuardaigh chasta an eISB. Cé go bhfoilsítear leaganacha PDF de IRí agus Achtanna ar an eISB chomh tapa agus is féidir, seans nach mbeidh fáil ar leaganacha HTML go fóill.

    Seiceáil liostaí na nAchtanna agus IRí ar leathanaigh baile na nAchtanna agus IRí i gcónaí.
    Mura bhfuil leagan hipearnaisc Achta nó IR beo (le nasc), níl sé inchuardaithe ar an eISB mar sin.

  • Exact word search is the default search on the eISB.

    For example, a search for the term child retrieves documents which contain that exact term only - documents which contain for example, the term children will not be retrieved. AND is the default search operator. If you do not use AND, OR or NOT to connect your search terms, the eISB search engine defaults to an AND search.
    For example, a search for pension spouse = pension AND spouse.

    Is é cuardach focail bheacht an cuardach réamhshocruithe ar an eISB.

    Mar shampla, aisghabhann cuardach don téarma leanbh doiciméid leis an téarma beacht sin amháin - ní aisghabhfar doiciméid leis an téarma leanaí, mar shampla. Is é AGUS an t-oibreoir cuardaigh réamhshocruithe. Mura n-úsáideann tú AGUS, NÓ ná NÍ chun do théarmaí cuardaigh a nascadh, déanann inneall cuardaigh an eISB cuardach AGUS de réir réamhshocruithe.

    Mar shampla, cuardach i gcomhair pinsean céile = pinsean AGUS céile.

  • You must use capital letters for AND, OR and NOT.

    AND : To find documents that contain all the terms you enter, separate the terms with AND.
    For example
    tax AND refund
    road AND rail AND air

    OR : To find documents that contain any of the terms you enter, separate the terms with OR.
    For example
    mussel OR cockle

    NOT : To find documents that exclude a specific term, precede the excluded term with NOT
    For example
    Tax NOT income

    Use Brackets if you are combining AND, OR or NOT in a search query. This orders the search query logically. Terms in brackets are processed first.
    For example, the following search will find documents which contain either oil or gas, and they must also contain the term convention.
    (oil OR gas) AND convention
    Caithfear ceannlitreacha a úsáid i gcomhair AGUS, NÓ agus NÍ.

    AGUS : Chun doiciméid a aimsiú ina bhfuil gach téarma a chuireann tú isteach, roinn na téarmaí le AND.
    Mar shampla
    cáin AGUS aisíoc
    bóthar AGUS iarnród AGUS aer

    NÓ : Chun doiciméid a aimsiú ina bhfuil aon téarma a chuireann tú isteach, roinn na téarmaí le NÓ.
    Mar shampla
    diúilicínruacan

    NÍ : Chun doiciméid a aimsiú a eisiann téarma ar leith, gabh roimh an téarma eisiata le NÍ Mar shampla
    Cáinioncam

    Bain úsáid as Lúibíní má tá tú ag cur AGUS, NÓ nó NÍ le chéile i gcuardach. Cuireann seo ord loighciúil ar chuardach. Próiseáiltear téarmaí i lúibíní ar dtús.
    Mar shampla, aimseoidh an cuardach seo a leanas doiciméid le ola gás, ach caithfidh siad an téarma coinbhinsiún a áireamh freisin.
    (olagás) AGUS coinbhinsiún

  • Use double quotation marks to find an exact phrase.
    For example
    "criminal assets bureau"
    "income tax" OR "corporation tax"

    Please note that neither the * symbol nor the ? symbol (truncation and wildcard) are effective within double quotation marks.
    Bain úsáid as comharthaí dúbailte athfhriotail i gcomhair frása beacht.
    Mar shampla
    "an biúró um shócmhainní coiriúla"
    "cáin ioncaim" NÓ "cáin chorparáide"

    Tabhair faoi deara le do thoil nach bhfuil éifeacht ag an tsiombail * ná an tsiombail ? (teascadh agus saoróg) laistigh de chomharthaí dúbailte athfhriotail.

  • The * symbol can function as a truncation or wildcard symbol depending on the way it is used:

    Use the * symbol at the root of a word to find word variants.
    For example
    Rail*
    Finds rail, railway, railways, railroad, railroads etc.

    Use the * symbol at the end of a word to find regular plurals.
    For example
    mussel* OR cockle*
    Finds mussel, mussels, cockle, cockles

    Use the * symbol to represent a number of characters within a word.
    For example
    Behavi*r
    Finds behaviour or behavior

    Col*r
    Finds colour or color

    Please note that the * symbol will only find letters within a word or at the end of a word. For example, a search for solicitor* will find solicitors but will not find solicitor's (because an apostrophe is not a letter).

    The wildcard ? symbol represents a single character within a word.

    This is useful for words which may have an accented character, for example a fada or variant spelling.
    For example
    G?is
    Finds Gais and Gáis
    Organi?ation
    Finds organisation and organization

    Please note that neither the truncation * symbol nor the wildcard ? symbol are effective within double quotation marks or at the start of a word.
    Is féidir leis an tsiombail * feidhmiú mar siombail teasctha ná saoróige ag brath ar an gcaoi a n-úsáidtear é:

    Bain úsáid as an tsiombail * ag fréamh focail le teacht ar mhalairtí focail.
    Mar shampla
    Iarnród*
    Aimsíonn seo iarnród, iarnróid, bóthar iarainn, bóithre iarainn srl.

    Bain úsáid as an tsiombail * ag deireadh focail le teacht ar iolraí rialta.
    Mar shampla
    diúilicín*ruacan*
    Aimsíonn seo diúilicín, diúilicíní, ruacan, ruacain

    Bain úsáid as an tsiombail * chun roinnt litreacha laistigh d’fhocal a léiriú.
    Mar shampla
    Iomp*r
    Aimsíonn seo iompariompair

    Foc*l
    Aimsíonn seo focalfocail

    Déanann siombail na saoróige ? ionadaíocht do litir aonair laistigh d’fhocal.

    Tá sé seo úsáideach d’fhocail a bhfuil litir aiceanta acu, mar shampla síneadh fada nó litriú eile.
    Mar shampla
    G?is
    Aimsíonn seo Gais agus Gáis
    Cu?sach
    Aimsíonn seo cuíosach agus cuibheasach

    Tabhair faoi deara le do thoil nach bhfuil éifeacht ag an tsiombail teasctha * ná an tsiombail saoróige ? laistigh de chomharthaí dúbailte athfhriotail ná ag tús focail. Níl an tsiombail saoróige ? éifeachtach ag deireadh focail.

  • The search engine views accented and non-accented letters as distinct letters. For example a search for the term Uchtála is not the same as a search for the term Uchtala. To find both spellings of the word you could do either of the searches below:
    Uchtála OR Uchtala
    Ucht?la

    Please note that the wildcard ? symbol is not effective within double quotation marks or at the start or end of a word.
    Féachann an t-inneall cuardaigh ar litreacha atá aiceanta agus nach bhfuil aiceanta mar litreacha éagsúla. Mar shampla, ní hionann cuardach don téarma uchtála agus cuardach don téarma Uchtala. Chun an dá litriú den fhocal a aimsiú, d’fhéadfá ceachtar den dá chuardach thíos a dhéanamh:
    UchtálaUchtala
    Ucht?la

    Tabhair faoi deara le do thoil nach bhfuil éifeacht ag an tsiombail saoróige ? laistigh de chomharthaí dúbailte athfhriotail ná ag tús ná críoch focail.

  • You can carry out a search for 2 or 3 words only, in proximity to each other. Enter the terms in double quotation marks, followed by the @ symbol, followed by the desired number of words.
    For example
    "insurance cover"@5
    Finds documents which contain both the terms insurance and cover, but only if they are within 5 words of each other.
    "insurance cover contract"@8
    Finds documents which contain all three terms insurance, cover and contract, but only if they are within 8 words of each other.
    D’fhéadfá cuardach a dhéanamh i gcomhair 2 nó 3 fhocal atá gar dá chéile. Cuir na téarmaí i gcomharthaí dúbailte athfhriotail, leis an tsiombail @ ina ndiaidh, agus an líon inmhianaithe focal ina ndiaidh.
    Mar shampla
    "cumhdach árachas"@5
    Aimsíonn seo doiciméid ina bhfuil na téarmaí árachas agus cumhdach, ach caithfidh siad a bheith laistigh de 5 fhocal óna chéile.
    "conradh cumhdach árachais"@8
    Aimsíonn seo doiciméid ina bhfuil na téarmaí árachas, cumhdach agus conradh, ach caithfidh siad a bheith laistigh de 8 bhfocal óna chéile.

  • Yes. On the search results page you will see the box below. Enter your search terms in the 'Search within Results' box and click on the magnifying glass.

    If your original search was a title only search, then your search within results will also be a title only search; if your original search was a title and text search, your search within results will also be a title and text search.
    Is féidir. Feicfidh tú an bosca thíos ar an leathanach torthaí cuardaigh. Cuir isteach do théarmaí cuardaigh sa bhosca “Cuardach laistigh de na Torthaí” agus cliceáil ar an ngloine formhéadúcháin.

    Screenshot of a research example
  • Example 1: limit search by year or years Sampla 1: Teorannaigh cuardach de réir bliana nó blianta.

    Screenshot of a research example

    This will limit your search to the years 1999, 2000 or 2010 only. Teorannófar seo do chuardach do na blianta 1999, 2000 nó 2010 amháin.

    Example 2: limit search by date range Sampla 2: Teorannaigh an cuardach de réir raon dáta.

    Screenshot of a research example

    This will limit your search to the years 1998, 1999, and within the range 2000 to 2015 only. Teorannófar seo do chuardach do na blianta 1998, 1999, agus laistigh den raon 2000 go 2015 amháin.

  • In the quick search which is available on each page, use the drop down arrow to choose Acts or SIs.
    The default search is All Legislation.
    Sa chuardach tapa teidil atá ar fáil ar gach leathanach, bain úsáid as an saighead anuas chun Achtanna nó IRí a roghnú. Is é an cuardach réamhshocruithe ná Reachtaíocht Uile. Athraigh é seo go Acht nó IR chun do chuardach a theorannú.

    Screenshot of a research example

    Change this to Act or SI to limit your search.

    Screenshot of a research example

    The advanced search screen also defaults to searching ALL legislation. Use the radio buttons to select either Acts or SIs. Déanann an scáileán cuardach casta cuardach réamhshocruithe do Reachtaíocht Uile freisin. Bain úsáid as na cnaipí raidió chun Achtanna nó IRí a roghnú.

    Screenshot of a research exampleScreenshot of a research example
  • Yes. For example,
    the search below retrieves the word exemption in Act number 5 of 2010 only.
    Is féidir. Mar shampla,
    aimsíonn an cuardach thíos an focal díolúine in Acht uimhir a 5 de 2010 amháin.

    Screenshot of a research exampleScreenshot of a research example
  • There is no subject term search in the eISB. However, the eISB contains a link to the Law Reform Commission's Classified List of Legislation. Níl aon chuardach téarma ábhair san eISB. Tá nasc ag an eISB leis an Liosta Rangaithe Reachtaíochta de chuid an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí, áfach.

  • The user performs a search on the eISB and the search software produces a set of results. When a result (eISB web page) is displayed, the words from the search are passed to the browser's own page search and it is the browser that displays the highlighting.

    Thus while the eISB search itself can be quite complex there are limitations on what the browser's own highlighting will display. Users therefore should not rely on the highlighting of search terms, as highlighting is not always effective, in particular in complex searches.
    Déanann an t-úsáideoir cuardach ar eISB agus gintear liosta torthaí ag na bogearraí cuardaigh. Nuair a léirítear toradh (leathanach eISB), cuirtear na focail ar aghaidh chuig cuardach leathanaigh an bhrabhsálaí féin agus is é an brabhsálaí a léiríonn an t-aibhsiú.

    Mar sin, cé go bhfuil cuardach an eISB réasúnta casta, tá teorainneacha ar an méid is atá aibhsiú an bhrabhsálaí féin in ann a léiriú. Níor chóir d’úsáideoirí brath ar aibhsiú na dtéarmaí cuardaigh, mar sin, toisc nach mbíonn an t-aibhsiú éifeachtach i gcónaí, go háirithe le cuardaigh chasta.