An tAcht um an OchtĂș LeasĂș is TrĂ­ocha ar an mBunreacht (Scaoileadh ar PhĂłsadh), 2019

/static/images/base/harp.jpg


AN tACHT UM AN OCHTÚ LEASÚ IS TRĂ?OCHA AR AN mBUNREACHT (SCAOILEADH AR PHÓSADH), 2019


CLĂ?R AN Ă?BHAIR

Alt

1. Airteagal 41 den Bhunreacht a leasĂș

2. Lua

AN SCEIDEAL

CUID 1

CUID 2

/static/images/base/harp.jpg


AN tACHT UM AN OCHTÚ LEASÚ IS TRĂ?OCHA AR AN mBUNREACHT (SCAOILEADH AR PHÓSADH), 2019


Acht chun an Bunreacht a leasĂș.

[11 Meitheamh 2019]

DE BHRĂ? gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, forĂĄil ar bith den Bhunreacht a leasĂș ar an modh a shocraĂ­tear leis an Airteagal sin:

AGUS DE BHRĂ? go bhfuil beartaithe Airteagal 41 den Bhunreacht a leasĂș:

AchtaĂ­tear ag an Oireachtas ar an ĂĄbhar sin mar a leanas:

Airteagal 41 den Bhunreacht a leasĂș

1. LeasaĂ­tear leis seo mar a leanas Airteagal 41 den Bhunreacht:

(a) aisghairfear mĂ­r i d'fho-alt 2° d'alt 3 den tĂ©acs Gaeilge;

(b) aisghairfear mĂ­r i d'fho-alt 2° d'alt 3 den tĂ©acs Sacs-BhĂ©arla;

(c) dĂ©anfar mĂ­r ii d'fho-alt 2° d'alt 3 den dĂĄ thĂ©acs a uimhriĂș mar mhĂ­r i;

(d) dĂ©anfar mĂ­r iii d'fho-alt 2° d'alt 3 den dĂĄ thĂ©acs a uimhriĂș mar mhĂ­r ii;

(e) dĂ©anfar mĂ­r iv d'fho-alt 2° d'alt 3 den dĂĄ thĂ©acs a uimhriĂș mar mhĂ­r iii;

(f) cuirfear an fo-alt a bhfuil an tĂ©acs de leagtha amach i g Cuid 1 den Sceideal in ionad fho-alt 3° d'alt 3 den tĂ©acs Gaeilge;

(g) cuirfear an fo-alt a bhfuil an tĂ©acs de leagtha amach i g Cuid 2 den Sceideal in ionad fho-alt 3° d'alt 3 den tĂ©acs Sacs-BhĂ©arla.

Lua

2. (1) An tOchtĂș LeasĂș is TrĂ­ocha ar an mBunreacht a thabharfar ar an leasĂș a dhĂ©antar ar an mBunreacht leis an Acht seo.

(2) FĂ©adfar an tAcht um an OchtĂș LeasĂș is TrĂ­ocha ar an mBunreacht (Scaoileadh ar PhĂłsadh), 2019 a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

CUID 1

3° FĂ©adfar socrĂș a dhĂ©anamh le dlĂ­ chun aitheantas a thabhairt faoi dhlĂ­ an StĂĄit do scaoileadh ar phĂłsadh arna thabhairt faoi dhlĂ­ sibhialta stĂĄit eile.

CUID 2

3° Provision may be made by law for the recognition under the law of the State of a dissolution of marriage granted under the civil law of another state.