I.R. Uimh. 315/2017 - An tOrdú Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2017.


Foilsíodh fógra san“Iris Oifigiúil” an 14ú Iúil, 2017, á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo.

Ar iarraidh a fháil ón Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta (arna oiriúnú leis an Ordú Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 2016 (I.R. Uimh. 357 de 2016)), agus i bhfeidhmiú na gcumhachtaía thugtar dóibh le halt 2(1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977), ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas:

1. An tOrdú Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2017 is teideal don Ordúseo.

2. Déantar cumhachtaí agus dualgais an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta a thugtar di—

(a) le hAchtanna an Oireachtais nó leis na reachtanna a bhí i bhfeidhm i Saorstát Éireann díreach roimh an dáta a tháinig an Bunreacht i ngníomh agus a lean i bhfeidhm de bhua Airteagal 50 den Bhunreacht, nó fúthu, ar Achtanna nó reachtanna iad a shonraítear i gCuid 1 den Sceideal,

(b) le forálacha na nAchtanna den Oireachtas a shonraítear i gCuid 2 den Sceideal, nó fúthu, agus

(c) faoi fhorálacha na Rialachán a shonraítear i gCuid 3 den Sceideal,

a tharmligean chuig Seosamh Mac Aodha, Aire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.

AN SCEIDEAL

Cuid 1

Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 2001

An tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 (Uimh. 21 de 1956)

Na hAchtanna umÚdarás na Gaeltachta, 1979 go 2010

Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 (Uimh. 32 de 2003)

Achtanna an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (Cumhachtaí agus Feidhmeanna), 2003 agus 2007

Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012)

Cuid 2

Alt 5 (a mhéid a bhaineann sé leis na feidhmeanna dá dtagraítear san alt sin agus a aistrítear leis an Ordúum an nGaeilge, um an nGaeltacht agus um na hOileáin (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú), 2011 (I.R. Uimh. 164 de 2011)) d’Acht an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán (Cumhachtaíagus Feidhmeanna), 1998 (Uimh. 7 de 1998)

Cuid VI agus Cuid VIII (a mhéid a bhaineann síle Cuid VI) den Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, 1999 (Uimh. 1 de 1999)

Alt 2 (a mhéid a bhaineann séleis na feidhmeanna dádtagraítear i mír (e), mír (f) (a mhéid a bhaineann an mhír sin le mír (e)) agus mír (g) d’fho-alt (1) den alt sin) den Acht um Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2007 (Uimh. 32 de 2007)

Alt 33(3)(c) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (Uimh. 30 de 2000)

Cuid 3

Airteagail 28(1)(o), 82(3)(o), 121(1)(o), 179(2)(p) agus 295(1)(q)(i) de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001 go 2017

/images/ls

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais,

5 Iúil 2017.

LEO VARADKAR,

Taoiseach.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN

(Nícuid den Ionstraim an nóta seo náníceart a mheas gur míniúdlíthiúil uirthié.)

Déantar foráil san Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977, maidir le, inter alia, cumhachtaí agus dualgais a tharmligean ó Airí go hAirí Stáit ar mhodh Ordú Rialtais. Déantar Orduithe den sórt sin de ghnáth nuair atáthar ag súil go gcomhlíonfaidh Aire Stáit feidhmeanna reachtúla thar ceann Aire. Is cóir a thabhairt faoi deara go mbíonn gach cumhacht nó dualgas atá tarmligthe fós á dílsiú nó á dhílsiú san Aire den Rialtas i gcomhthráth leis an Aire Stáit agus go bhféadfaidh ceachtar acu iad a fheidhmiú nó a chomhlíonadh. Déantar foráil san Ordú seo maidir le tarmligean na bhfeidhmeanna a bhaineann leis an nGaeilge, leis an nGaeltacht agus leis na hOileáin ón Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta chuig an Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as an nGaeilge, as an nGaeltacht agus as na hOileáin.