Acht naGaeltachta, 2012

Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta.

7.— (1) Aon limistéar ar cinneadh, roimh thosach feidhme an ailt seo, le hordú arna dhéanamh faoi alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 gur limistéar Gaeltachta é, leanfaidh sé, d’ainneoin aisghairm an ailt sin le halt 5 (1), de bheith ina limistéar Gaeltachta.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, limistéar sonraithe a ainmniú, faoi threoir toghrann, is limistéar arb éard atá ann—

(a) limistéar Gaeltachta,

(b) cuid de limistéar Gaeltachta,

(c) níos mó ná limistéar Gaeltachta amháin,

(d) codanna de níos mó ná limistéar Gaeltachta amháin, nó

(e) limistéar, nó cuid de limistéar, is ábhar d’ordú faoi fho-ailt (5), (10)(b)(13)(b),

chun bheith ina Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta de réir an ailt seo.

(3) Foilseoidh an tAire fógra, i cibé foirm agus modh is cuí leis an Aire, i dtaobh é a bheith ar intinn ag an Aire limistéar a ainmniú le hordú faoi fho-alt (2), agus áireoidh sé nó sí san fhógra—

(a) sonraí maidir le toghroinn amháin nó níos mó nó maidir le cuid nó codanna de thoghroinn atá sa limistéar Gaeltachta lena mbaineann agus is limistéar a bhfuil sé ar intinn ag an Aire é a ainmniú le hordú arna dhéanamh faoi fho-alt (2),

(b) an tréimhse ar laistigh di a fhéadfar iarratais faoi fho-alt (4) a dhéanamh,

(c) an tréimhse ar laistigh di a dhéanfar plean dá dtagraítear i bhfo-alt (7) a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire,

(d) aon fhaisnéis eile is dóigh leis an Aire is gá chun críocha an ailt seo.

(4) Féadfaidh eagraíocht a bheidh bunaithe i gceann de na limistéir Ghaeltachta lena mbaineann, nó tadhlach leis, iarratas a dhéanamh chun Údarás na Gaeltachta chun bheith ina heagraíocht arna roghnú faoi fho-alt (6).

(5) I gcás nach ndéanfaidh aon eagraíocht iarratas faoi fho-alt (4), féadfaidh an tAire ordú a dhéanamh lena ndearbhaítear nach limistéar Gaeltachta a thuilleadh an limistéar lena mbaineann, is ábhar d’fhógra faoi fho-alt (3), agus lena ndearbhaítear an dáta nach limistéar Gaeltachta a bheidh ann dá éis.

(6) Déanfaidh Údarás na Gaeltachta, i ndáil le limistéar is ábhar d’fhógra faoi fho-alt (3), eagraíocht a roghnú a rinne iarratas faoi fho-alt (4) agus arb í, i dtuairim Údarás na Gaeltachta, an eagraíocht is cumasaí chun plean a ullmhú arb é is cuspóir leis socrú a dhéanamh maidir le méadú ar úsáid na Gaeilge i saol teaghlaigh, oideachais, poiblí, sóisialta, áineasa agus tráchtála an limistéir lena mbaineann (dá ngairtear “plean Gaeilge” san alt seo) agus an céanna a spreagadh, de réir critéar pleanála teanga forordaithe, agus nuair a bheidh déanta amhlaidh aige, cuirfidh sé an roghnú in iúl don eagraíocht sin i scríbhinn.

(7) Déanfaidh an eagraíocht lena mbaineann plean Gaeilge a ullmhú i leith an limistéir lena mbaineann agus déanfaidh sí, laistigh den tréimhse a shonrófar san fhógra a fhoilseofar faoi fho-alt (3), an plean a chur faoi bhráid an Aire lena cheadú.

(8) Cuideoidh Údarás na Gaeltachta leis an eagraíocht lena mbaineann maidir leis an bplean Gaeilge lena mbaineann a ullmhú.

(9) Féadfaidh an tAire, más cuí leis an Aire déanamh amhlaidh, an tréimhse a fhadú a bheidh sonraithe san fhógra a fhoilseofar faoi fho-alt (3) agus ar laistigh di a chuirfear an plean Gaeilge faoi bhráid an Aire.

(10) I gcás nach ndéanfaidh an eagraíocht a roghnófar faoi fho-alt (6) an plean Gaeilge lena mbaineann a chur faoi bhráid an Aire laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra a fhoilseofar faoi fho-alt (3), nó laistigh d’aon fhadú ar an tréimhse sin faoi fho-alt (9), agus gurb é tuairim an Aire nach bhfuil aon ionchas réasúnach ann gur féidir leis an eagraíocht plean den sórt sin a chur faoina bhráid nó faoina bráid laistigh de thréimhse ama réasúnach, féadfaidh an tAire—

(a) a iarraidh ar Údarás na Gaeltachta eagraíocht eile a mbeidh iarratas déanta aici faoi fho-alt (4) a roghnú chun an plean Gaeilge lena mbaineann a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire le linn na tréimhse a bheidh sonraithe ag an Aire san fhógra a fhoilseofar faoi fho-alt (3) nó le linn aon fhadú ar an tréimhse sin faoi fho-alt (9), nó

(b) mura mbeidh iarratas déanta ag aon eagraíocht den sórt sin chun an plean Gaeilge sin a ullmhú, a dhearbhú le hordú nach limistéar Gaeltachta a thuilleadh an limistéar lena mbaineann, is ábhar d’fhógra arna fhoilsiú faoi fho-alt (3), agus an dáta a dhearbhú nach limistéar Gaeltachta a bheidh ann dá éis.

(11) I gcás go ndéanfaidh an tAire, ag féachaint do chritéir pleanála teanga fhorordaithe, an plean Gaeilge arna chur faoina bhráid nó faoina bráid a cheadú, déanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (2) i ndáil leis an limistéar lena mbaineann.

(12) I gcás nach ndéanfaidh an tAire, ag féachaint do chritéir pleanála teanga fhorordaithe, plean Gaeilge arna chur faoina bhráid nó faoina bráid a cheadú, féadfaidh an tAire tréimhse a shonrú ar laistigh di a dhéanfaidh an eagraíocht lena mbaineann an plean Gaeilge a leasú agus a athchur faoi bhráid an Aire.

(13) I gcás nach ndéanfaidh an tAire, ag féachaint do chritéir pleanála teanga fhorordaithe, plean Gaeilge arna chur faoina bhráid nó faoina bráid a cheadú, agus gurb é tuairim an Aire nach bhfuil ionchas réasúnach ann gur féidir leis an eagraíocht lena mbaineann plean a chomhlíonann ceanglais fho-alt (6) a chur faoina bhráid nó faoina bráid, laistigh de thréimhse ama réasúnach, féadfaidh an tAire—

(a) a iarraidh ar Údarás na Gaeltachta eagraíocht eile a mbeidh iarratas ar roghnú déanta aici faoi fho-alt (4) a roghnú chun an plean Gaeilge lena mbaineann a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire le linn na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra a fhoilseofar faoi fho-alt (3) nó le linn aon fhadú ar an tréimhse faoi fho-alt (9), nó

(b) mura mbeidh iarratas déanta ag aon eagraíocht den sórt sin chun an plean Gaeilge sin a ullmhú, a dhearbhú le hordú nach limistéar Gaeltachta a thuilleadh an limistéar lena mbaineann, is ábhar d’fhógra arna fhoilsiú faoi fho-alt (3), agus an dáta a dhearbhú nach limistéar Gaeltachta a bheidh ann dá éis.

(14) I gcás go ndéanfaidh an tAire tréimhse a fhadú faoi fho-alt (9)(12), beidh feidhm ag forálacha an ailt seo, fairis na modhnuithe is gá, maidir leis an tréimhse fhadaithe.

(15) I gcás go roghnóidh Údarás na Gaeltachta eagraíocht, tar éis dó iarraidh a fháil faoi fho-alt (10)(a)(13)(a), beidh feidhm ag forálacha an ailt seo, fairis na modhnuithe is gá, i ndáil leis an eagraíocht sin.

(16) Ní choiscfear ar an Aire le hordú faoi fho-alt (5), (10)(b)(13)(b) a chumhachtaí nó a cumhachtaí faoin alt seo a fheidhmiú.