Acht naGaeltachta, 2012

/static/images/base/harp.jpg


Uimhir 34 de 2012


ACHT NA GAELTACHTA, 2012


RIAR NA nALT

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1. Gearrtheideal agus tosach feidhme.

2. Míniú.

3. Rialacháin.

4. Caiteachais.

5. Aisghairm agus cúlghairm.

CUID 2

Pleanáil Teanga

6. Mínithe (Cuid 2).

7. Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta.

8. Pleananna Gaeilge a chur i ngníomh i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta.

9. Bailte Seirbhíse Gaeltachta.

10. Pleananna Gaeilge a chur i ngníomh i mBailte Seirbhíse Gaeltachta.

11. Líonraí Gaeilge.

12. Critéir pleanála teanga.

13. Conarthaí arna ndéanamh ag Údarás na Gaeltachta a chaomhnú.

CUID 3

Leasú ar an Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979

14. Míniú (Cuid 3).

15. Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

16. Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht.

17. Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht.

18. Leasú ar alt 10 den Phríomh-Acht.

19. Leasú ar alt 10B den Phríomh-Acht.

20. Leasú ar alt 10C den Phríomh-Acht.

21. Leasú ar alt 20A den Phríomh-Acht.

22. Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

CUID 4

Ilghnéitheach

23. Leasú ar an Acht Toghcháin, 1992.

24. Leasú ar alt 19 den Acht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997.

25. Leasú ar alt 18 den Acht Toghcháin, 1997.

AN SCEIDEAL

Aisghairm agus Cúlghairm

CUID 1

Na hAchtanna a aisghairtear

CUID 2

Na hIonstraimí Reachtúla a Chúlghairtear


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Toghcháin (Leasú) (Uimh. 2), 2009

2009, Uimh. 9

An tAcht Toghcháin (Leasú), 2001

2001, Uimh. 38

An tAcht Toghcháin, 1992

1992, Uimh. 23

An tAcht Toghcháin, 1997

1997, Uimh. 25

An tAcht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997

1997, Uimh. 12

An tAcht Rialtais �itiúil, 2001

2001, Uimh. 37

An tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956

1956, Uimh. 21

An tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh. 2), 1999

1999, Uimh. 27

An tAcht um Údarás na Gaeltachta, 1979

1979, Uimh. 5

/static/images/base/harp.jpg


Uimhir 34 de 2012


ACHT NA GAELTACHTA, 2012


ACHT D'AINMNIÚ LIMISTÉIR PLEAN�LA TEANGA GHAELTACHTA, BAILTE SEIRBH�SE GAELTACHTA AGUS L�ONRA� GAEILGE; DO LEASÚ AN ACHTA AIR� AGUS RÚNAITHE (LEASÚ), 1956; DO LEASÚ AN ACHTA UM ÚDAR�S NA GAELTACHTA, 1979; DO LEASÚ AN ACHTA TOGHCH�IN, 1992; DO LEASÚ AN ACHTA TOGHCH�IN, 1997; AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I DTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[25 Iúil, 2012]

ACHTAÃ?TEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1.— (1) Féadfar Acht na Gaeltachta, 2012 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo, seachas Codanna 3 agus 4, i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.

Míniú.

2.— San Acht seo, ciallaíonn “Aire” an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Rialacháin.

3.— (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh, ag féachaint dó nó di do na hacmhainní a bheidh ar fáil agus tar éis dul i gcomhairle le cibé Airí den Rialtas is cuí leis an Aire, ar rialacháin iad lena bhforordófar aon ní nó aon rud dá dtagraítear san Acht seo mar ní nó rud atá forordaithe nó le forordú chun a chumasú go mbeidh lánéifeacht le haon fhoráil den Acht seo.

(2) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith in ordú nó i rialachán faoin Acht seo is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach chun críocha an ordaithe nó an rialacháin, de réir mar a bheidh.

(3) Gach ordú (seachas ordú faoi alt 1 (2)) nó gach rialachán faoin Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.

Caiteachais.

4.— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm agus cúlghairm.

5.— (1) Déantar gach Acht a shonraítear i gcolún (2) de Chuid 1 den Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3).

(2) Déantar gach ionstraim reachtúil a shonraítear i gcolún (2) de Chuid 2 den Sceideal a chúlghairm.

CUID 2

Pleanáil Teanga

Mínithe (Cuid 2).

6.— Sa Chuid seo—

ciallaíonn “limistéar Gaeltachta” limistéar ar cinneadh roimh an Acht seo a rith le hordú arna dhéanamh faoi alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 gur limistéar Gaeltachta é agus a lean de bheith ina limistéar den sórt sin le halt 7 (1);

ciallaíonn “Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta” limistéar a ainmnítear le hordú faoi alt 7 (2) chun bheith ina Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta;

ciallaíonn “Baile Seirbhíse Gaeltachta” baile a ainmnítear le hordú faoi alt 9 (1) chun bheith ina Bhaile Seirbhíse Gaeltachta;

ciallaíonn “Líonra Gaeilge” pobal a ainmnítear le hordú faoi alt 11 (1) chun bheith ina Líonra Gaeilge;

ciallaíonn “eagraíocht” comhlacht corpraithe (cibé acu ilchorparáid nó corparáid aonair é) nó comhlacht neamhchorpraithe daoine;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoi alt 3 ; agus

ciallaíonn “baile” áit ar mó ná 1,000 a daonra arna fhionnadh de réir an daonáirimh arb é de thuras na huaire an daonáireamh deiridh é a foilsíodh.

Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta.

7.— (1) Aon limistéar ar cinneadh, roimh thosach feidhme an ailt seo, le hordú arna dhéanamh faoi alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 gur limistéar Gaeltachta é, leanfaidh sé, d’ainneoin aisghairm an ailt sin le halt 5 (1), de bheith ina limistéar Gaeltachta.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, limistéar sonraithe a ainmniú, faoi threoir toghrann, is limistéar arb éard atá ann—

(a) limistéar Gaeltachta,

(b) cuid de limistéar Gaeltachta,

(c) níos mó ná limistéar Gaeltachta amháin,

(d) codanna de níos mó ná limistéar Gaeltachta amháin, nó

(e) limistéar, nó cuid de limistéar, is ábhar d’ordú faoi fho-ailt (5), (10)(b) nó (13)(b),

chun bheith ina Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta de réir an ailt seo.

(3) Foilseoidh an tAire fógra, i cibé foirm agus modh is cuí leis an Aire, i dtaobh é a bheith ar intinn ag an Aire limistéar a ainmniú le hordú faoi fho-alt (2), agus áireoidh sé nó sí san fhógra—

(a) sonraí maidir le toghroinn amháin nó níos mó nó maidir le cuid nó codanna de thoghroinn atá sa limistéar Gaeltachta lena mbaineann agus is limistéar a bhfuil sé ar intinn ag an Aire é a ainmniú le hordú arna dhéanamh faoi fho-alt (2),

(b) an tréimhse ar laistigh di a fhéadfar iarratais faoi fho-alt (4) a dhéanamh,

(c) an tréimhse ar laistigh di a dhéanfar plean dá dtagraítear i bhfo-alt (7) a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire,

(d) aon fhaisnéis eile is dóigh leis an Aire is gá chun críocha an ailt seo.

(4) Féadfaidh eagraíocht a bheidh bunaithe i gceann de na limistéir Ghaeltachta lena mbaineann, nó tadhlach leis, iarratas a dhéanamh chun Údarás na Gaeltachta chun bheith ina heagraíocht arna roghnú faoi fho-alt (6).

(5) I gcás nach ndéanfaidh aon eagraíocht iarratas faoi fho-alt (4), féadfaidh an tAire ordú a dhéanamh lena ndearbhaítear nach limistéar Gaeltachta a thuilleadh an limistéar lena mbaineann, is ábhar d’fhógra faoi fho-alt (3), agus lena ndearbhaítear an dáta nach limistéar Gaeltachta a bheidh ann dá éis.

(6) Déanfaidh Údarás na Gaeltachta, i ndáil le limistéar is ábhar d’fhógra faoi fho-alt (3), eagraíocht a roghnú a rinne iarratas faoi fho-alt (4) agus arb í, i dtuairim Údarás na Gaeltachta, an eagraíocht is cumasaí chun plean a ullmhú arb é is cuspóir leis socrú a dhéanamh maidir le méadú ar úsáid na Gaeilge i saol teaghlaigh, oideachais, poiblí, sóisialta, áineasa agus tráchtála an limistéir lena mbaineann (dá ngairtear “plean Gaeilge” san alt seo) agus an céanna a spreagadh, de réir critéar pleanála teanga forordaithe, agus nuair a bheidh déanta amhlaidh aige, cuirfidh sé an roghnú in iúl don eagraíocht sin i scríbhinn.

(7) Déanfaidh an eagraíocht lena mbaineann plean Gaeilge a ullmhú i leith an limistéir lena mbaineann agus déanfaidh sí, laistigh den tréimhse a shonrófar san fhógra a fhoilseofar faoi fho-alt (3), an plean a chur faoi bhráid an Aire lena cheadú.

(8) Cuideoidh Údarás na Gaeltachta leis an eagraíocht lena mbaineann maidir leis an bplean Gaeilge lena mbaineann a ullmhú.

(9) Féadfaidh an tAire, más cuí leis an Aire déanamh amhlaidh, an tréimhse a fhadú a bheidh sonraithe san fhógra a fhoilseofar faoi fho-alt (3) agus ar laistigh di a chuirfear an plean Gaeilge faoi bhráid an Aire.

(10) I gcás nach ndéanfaidh an eagraíocht a roghnófar faoi fho-alt (6) an plean Gaeilge lena mbaineann a chur faoi bhráid an Aire laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra a fhoilseofar faoi fho-alt (3), nó laistigh d’aon fhadú ar an tréimhse sin faoi fho-alt (9), agus gurb é tuairim an Aire nach bhfuil aon ionchas réasúnach ann gur féidir leis an eagraíocht plean den sórt sin a chur faoina bhráid nó faoina bráid laistigh de thréimhse ama réasúnach, féadfaidh an tAire—

(a) a iarraidh ar Údarás na Gaeltachta eagraíocht eile a mbeidh iarratas déanta aici faoi fho-alt (4) a roghnú chun an plean Gaeilge lena mbaineann a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire le linn na tréimhse a bheidh sonraithe ag an Aire san fhógra a fhoilseofar faoi fho-alt (3) nó le linn aon fhadú ar an tréimhse sin faoi fho-alt (9), nó

(b) mura mbeidh iarratas déanta ag aon eagraíocht den sórt sin chun an plean Gaeilge sin a ullmhú, a dhearbhú le hordú nach limistéar Gaeltachta a thuilleadh an limistéar lena mbaineann, is ábhar d’fhógra arna fhoilsiú faoi fho-alt (3), agus an dáta a dhearbhú nach limistéar Gaeltachta a bheidh ann dá éis.

(11) I gcás go ndéanfaidh an tAire, ag féachaint do chritéir pleanála teanga fhorordaithe, an plean Gaeilge arna chur faoina bhráid nó faoina bráid a cheadú, déanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (2) i ndáil leis an limistéar lena mbaineann.

(12) I gcás nach ndéanfaidh an tAire, ag féachaint do chritéir pleanála teanga fhorordaithe, plean Gaeilge arna chur faoina bhráid nó faoina bráid a cheadú, féadfaidh an tAire tréimhse a shonrú ar laistigh di a dhéanfaidh an eagraíocht lena mbaineann an plean Gaeilge a leasú agus a athchur faoi bhráid an Aire.

(13) I gcás nach ndéanfaidh an tAire, ag féachaint do chritéir pleanála teanga fhorordaithe, plean Gaeilge arna chur faoina bhráid nó faoina bráid a cheadú, agus gurb é tuairim an Aire nach bhfuil ionchas réasúnach ann gur féidir leis an eagraíocht lena mbaineann plean a chomhlíonann ceanglais fho-alt (6) a chur faoina bhráid nó faoina bráid, laistigh de thréimhse ama réasúnach, féadfaidh an tAire—

(a) a iarraidh ar Údarás na Gaeltachta eagraíocht eile a mbeidh iarratas ar roghnú déanta aici faoi fho-alt (4) a roghnú chun an plean Gaeilge lena mbaineann a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire le linn na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra a fhoilseofar faoi fho-alt (3) nó le linn aon fhadú ar an tréimhse faoi fho-alt (9), nó

(b) mura mbeidh iarratas déanta ag aon eagraíocht den sórt sin chun an plean Gaeilge sin a ullmhú, a dhearbhú le hordú nach limistéar Gaeltachta a thuilleadh an limistéar lena mbaineann, is ábhar d’fhógra arna fhoilsiú faoi fho-alt (3), agus an dáta a dhearbhú nach limistéar Gaeltachta a bheidh ann dá éis.

(14) I gcás go ndéanfaidh an tAire tréimhse a fhadú faoi fho-alt (9) nó (12), beidh feidhm ag forálacha an ailt seo, fairis na modhnuithe is gá, maidir leis an tréimhse fhadaithe.

(15) I gcás go roghnóidh Údarás na Gaeltachta eagraíocht, tar éis dó iarraidh a fháil faoi fho-alt (10)(a) nó (13)(a), beidh feidhm ag forálacha an ailt seo, fairis na modhnuithe is gá, i ndáil leis an eagraíocht sin.

(16) Ní choiscfear ar an Aire le hordú faoi fho-alt (5), (10)(b) nó (13)(b) a chumhachtaí nó a cumhachtaí faoin alt seo a fheidhmiú.

Pleananna Gaeilge a chur i ngníomh i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta.

8.— (1) I gcás go ndéanfaidh an tAire le hordú faoi alt 7 (2) limistéar a ainmniú chun bheith ina Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, is í an eagraíocht a roghnófar faoi alt 7 (6), (10)(a) nó (13)(a) a bheidh freagrach as an bplean Gaeilge ceadaithe a chur i ngníomh i leith an limistéir a bheidh ainmnithe amhlaidh.

(2) Cuideoidh Údarás na Gaeltachta leis an eagraíocht lena mbaineann maidir leis an bplean Gaeilge lena mbaineann a chur i ngníomh.

(3) Déanfaidh an tAire athbhreithniú ar an dul chun cinn a bheidh déanta maidir leis an bplean Gaeilge arna cheadú faoi alt 7 (11) a chur i ngníomh i gceann cibé eatraimh is dóigh leis an Aire is gá nó is cuí chun an plean lena mbaineann a chur i ngníomh.

(4) Más rud é, i ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh faoi fho-alt (3), go measfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le hÚdarás na Gaeltachta, nach bhfuil an plean lena mbaineann á chur i ngníomh, nó nach bhfuil sé á chur i ngníomh go leordhóthanach, cuirfidh an tAire na nithe seo a leanas in iúl, trí fhógra i scríbhinn, don eagraíocht lena mbaineann—

(a) na heasnaimh arna sainaithint ag an Aire ar chur i ngníomh an phlean, agus

(b) an tréimhse ar laistigh di a dhéanfar na heasnaimh a leigheas.

(5) Féadfaidh an tAire, i gcás go measfaidh an tAire gur cuí déanamh amhlaidh, an tréimhse a fhadú ar laistigh di a dhéanfar na heasnaimh dá dtagraítear san fhógra faoi fho-alt (4) a leigheas.

(6) I gcás go mbeidh fógra faoi fho-alt (4) seolta ag an Aire, déanfaidh an tAire athbhreithniú ar an dul chun cinn a bheidh déanta maidir leis na heasnaimh dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt sin a leigheas i ndeireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt sin nó i ndeireadh aon fhadú ar an tréimhse sin faoi fho-alt (5).

(7) I gcás go measfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le hÚdarás na Gaeltachta, nach bhfuil aon ionchas réasúnach ann go ndéanfar an plean Gaeilge lena mbaineann a chur i ngníomh, nó a chur i ngníomh go leordhóthanach, féadfaidh an tAire le hordú ainmniú an limistéir lena mbaineann faoi alt 7 (2) a chúlghairm, le héifeacht ón dáta a shonrófar san ordú.

(8) Ní choiscfear ar an Aire le hordú faoi fho-alt (7) a chumhachtaí nó a cumhachtaí faoi alt 7 a fheidhmiú maidir leis an limistéar lena mbaineann nó le haon chuid den limistéar sin.

Bailte Seirbhíse Gaeltachta.

9.— (1) Féadfaidh an tAire, le hordú, baile sonraithe a ainmniú chun bheith ina Bhaile Seirbhíse Gaeltachta de réir an ailt seo, i gcás go bhfuil an baile lena mbaineann suite i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, nó tadhlach leis, má tá na nithe seo a leanas ar fáil sa bhaile sin—

(a) seirbhísí poiblí le haghaidh an Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta, agus

(b) saoráidí sóisialta, áineasa agus tráchtála a théann chun tairbhe don Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta.

(2) Foilseoidh an tAire fógra, i cibé foirm agus modh is cuí leis an Aire, i dtaobh é a bheith ar intinn ag an Aire baile a ainmniú chun bheith ina Bhaile Seirbhíse Gaeltachta agus áireoidh sé nó sí san fhógra—

(a) an tréimhse ar laistigh di a dhéanfar plean Gaeilge dá dtagraítear i bhfo-alt (7) a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire, agus

(b) aon fhaisnéis eile is dóigh leis an Aire is gá chun críocha an ailt seo.

(3) Féadfaidh eagraíocht atá bunaithe sa bhaile lena mbaineann iarratas a dhéanamh chuig Údarás na Gaeltachta nó chuig Foras na Gaeilge, de réir mar is cuí, chun bheith ina heagraíocht arna roghnú faoi fho-alt (5) nó (6).

(4) I gcás nach ndéanfaidh aon eagraíocht iarratas faoi fho-alt (3), féadfaidh an tAire fógra eile a fhoilsiú faoi fho-alt (2) i ndáil leis an mbaile lena mbaineann.

(5) Déanfaidh Údarás na Gaeltachta, i gcás go bhfuil an baile lena mbaineann suite i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta agus go bhfuil sé ina ábhar d’fhógra faoi fho-alt (2), eagraíocht a roghnú a rinne iarratas faoi fho-alt (3) agus arb í, i dtuairim Údarás na Gaeltachta, an eagraíocht is cumasaí chun plean a ullmhú arb é is cuspóir leis socrú a dhéanamh maidir le méadú ar úsáid na Gaeilge i saol teaghlaigh, oideachais, poiblí, sóisialta, áineasa agus tráchtála an bhaile lena mbaineann (dá ngairtear “plean Gaeilge” san alt seo) agus an céanna a spreagadh, de réir critéar pleanála teanga forordaithe, agus nuair a bheidh déanta amhlaidh aige, cuirfidh sé an roghnú in iúl don eagraíocht sin i scríbhinn.

(6) Déanfaidh Foras na Gaeilge, i gcás go bhfuil an baile lena mbaineann suite in áit seachas Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta agus go bhfuil sé ina ábhar d’fhógra faoi fho-alt (2), eagraíocht a roghnú a mbeidh iarratas déanta aici faoi fho-alt (3), agus arb í an eagraíocht is cumasaí, i dtuairim Fhoras na Gaeilge, chun plean Gaeilge a ullmhú, de réir critéar pleanála teanga forordaithe, agus nuair a bheidh déanta amhlaidh aige, cuirfidh sé an roghnú in iúl don eagraíocht sin i scríbhinn.

(7) Ullmhóidh an eagraíocht lena mbaineann plean Gaeilge i leith an bhaile lena mbaineann agus cuirfidh sí an plean faoi bhráid an Aire lena cheadú.

(8) Cuideoidh Údarás na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge, de réir mar is cuí, leis an eagraíocht lena mbaineann maidir leis an bplean Gaeilge lena mbaineann a ullmhú.

(9) Féadfaidh an tAire, más cuí leis an Aire déanamh amhlaidh, an tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra a fhoilseofar faoi fho-alt (2) a fhadú, is tréimhse ar laistigh di a dhéanfar an plean Gaeilge lena mbaineann a chur faoi bhráid an Aire.

(10) I gcás nach ndéanfaidh an eagraíocht a roghnófar faoi fho-alt (5) nó (6) an plean Gaeilge lena mbaineann a chur faoi bhráid an Aire laistigh den tréimhse dá dtagraítear san fhógra a fhoilseofar faoi fho-alt (2) nó laistigh d’aon fhadú ar an tréimhse sin faoi fho-alt (9), agus gurb é tuairim an Aire nach bhfuil aon ionchas réasúnach ann gur féidir leis an eagraíocht plean den sórt sin a chur faoina bhráid nó faoina bráid laistigh de thréimhse ama réasúnach, féadfaidh an tAire—

(a) a iarraidh ar Údarás na Gaeltachta nó ar Fhoras na Gaeilge, de réir mar is cuí, eagraíocht eile a rinne iarratas faoi fho-alt (3) a roghnú chun an plean Gaeilge lena mbaineann a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire le linn na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra a fhoilseofar faoi fho-alt (2) nó le linn aon fhadú ar an tréimhse sin faoi fho-alt (9) agus fógra i scríbhinn a thabhairt don eagraíocht sin faoin roghnú, nó

(b) fógra eile a fhoilsiú faoi fho-alt (2) i ndáil leis an mbaile lena mbaineann.

(11) I gcás go ndéanfaidh an tAire, ag féachaint do chritéir pleanála teanga fhorordaithe, an plean Gaeilge arna chur faoina bhráid nó faoina bráid a cheadú, déanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (1) i ndáil leis an mbaile lena mbaineann.

(12) I gcás nach ndéanfaidh an tAire, ag féachaint do chritéir pleanála teanga fhorordaithe, plean Gaeilge arna chur faoina bhráid nó faoina bráid a cheadú, féadfaidh an tAire an tréimhse lena mbaineann a fhadú chun a cheadú don eagraíocht lena mbaineann an plean Gaeilge a leasú agus a athchur faoina bhráid nó faoina bráid.

(13) I gcás nach ndéanfaidh an tAire, ag féachaint do chritéir pleanála teanga fhorordaithe, plean Gaeilge arna chur faoina bhráid nó faoina bráid a cheadú, agus gurb é tuairim an Aire nach bhfuil aon ionchas réasúnach ann gur féidir leis an eagraíocht plean den sórt sin a chur faoina bhráid nó faoina bráid laistigh de thréimhse ama réasúnach, féadfaidh an tAire—

(a) a iarraidh ar Údarás na Gaeltachta nó ar Fhoras na Gaeilge, de réir mar is cuí, cuireadh a thabhairt d’eagraíocht eile a mbeidh iarratas ar roghnú déanta aici faoi fho-alt (3) an plean Gaeilge lena mbaineann a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire le linn na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra a fhoilseofar faoi fho-alt (2) agus fógra i scríbhinn a thabhairt don eagraíocht sin faoin roghnú, nó

(b) fógra eile a fhoilsiú faoi fho-alt (2) i ndáil leis an mbaile lena mbaineann.

(14) I gcás go ndéanfaidh an tAire tréimhse a fhadú faoi fho-alt (9) nó (12), beidh feidhm ag forálacha an ailt seo, fairis na modhnuithe is gá, maidir leis an tréimhse fhadaithe.

(15) I gcás go ndéanfaidh Údarás na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge eagraíocht a roghnú tar éis dó iarraidh a fháil faoi fho-alt (10)(a) nó (13) (a), beidh feidhm ag forálacha an ailt seo, fairis na modhnuithe is gá, i ndáil leis an eagraíocht sin.

Pleananna Gaeilge a chur i ngníomh i mBailte Seirbhíse Gaeltachta.

10.— (1) I gcás ina ndéanfaidh an tAire le hordú faoi alt 9 (1) baile a ainmniú chun bheith ina Bhaile Seirbhíse Gaeltachta, beidh an eagraíocht a roghnófar faoi alt 9 (5), (6), (10)(a) nó (13)(a) freagrach as an bplean Gaeilge a chur i ngníomh tar éis don Aire é a cheadú faoi alt 9 (11).

(2) Is é a chuideoidh leis an eagraíocht lena mbaineann maidir leis an bplean Gaeilge a chur i ngníomh—

(a) i gcás go bhfuil an baile lena mbaineann suite i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta nó i Limistéar Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, nó

(b) i gcás go bhfuil an baile suite in áit eile, Foras na Gaeilge.

(3) Déanfaidh an tAire athbhreithniú ar an dul chun cinn a bheidh déanta maidir leis an bplean Gaeilge arna cheadú faoi alt 9 (11) a chur i ngníomh, i gceann cibé eatraimh is dóigh leis an Aire is gá nó is cuí chun an plean lena mbaineann a chur i ngníomh.

(4) Más rud é, i ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh faoi fho-alt (3), go measfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le hÚdarás na Gaeltachta nó le Foras na Gaeilge, de réir mar is cuí, nach bhfuil an plean lena mbaineann á chur i ngníomh nó nach bhfuil sé á chur i ngníomh go leordhóthanach, cuirfidh an tAire na nithe seo a leanas in iúl, trí fhógra i scríbhinn, don eagraíocht lena mbaineann—

(a) na heasnaimh arna sainaithint ag an Aire ar chur i ngníomh an phlean, agus

(b) an tréimhse ar laistigh di a dhéanfar na heasnaimh a leigheas.

(5) Féadfaidh an tAire, i gcás gur cuí leis an Aire déanamh amhlaidh, an tréimhse a fhadú ar laistigh di a dhéanfar na heasnaimh dá dtagraítear san fhógra faoi fho-alt (4) a leigheas.

(6) I gcás go mbeidh fógra faoi fho-alt (4) seolta ag an Aire, déanfaidh an tAire athbhreithniú ar an dul chun cinn a bheidh déanta maidir leis na heasnaimh dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt sin a leigheas i ndeireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt sin nó i ndeireadh aon fhadú ar an tréimhse sin faoi fho-alt (5).

(7) I gcás go measfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le hÚdarás na Gaeltachta nó le Foras na Gaeilge, de réir mar is cuí, nach bhfuil aon ionchas réasúnach ann go ndéanfar an plean Gaeilge lena mbaineann a chur i ngníomh nó a chur i ngníomh go leordhóthanach, féadfaidh an tAire, le hordú, ainmniú an bhaile lena mbaineann mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta a chúlghairm le héifeacht ón dáta a shonrófar san ordú.

(8) Ní choiscfear le hordú faoi fho-alt (7) ar an Aire a chumhachtaí nó a cumhachtaí a fheidhmiú faoi alt 9 .

Líonraí Gaeilge.

11.— (1) Féadfaidh an tAire le hordú, pobal sonraithe, seachas pobal i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta nó i limistéar Gaeltachta, a ainmniú chun bheith ina Líonra Gaeilge.

(2) Maidir le pobal a shonrófar in ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (1), is pobal é—

(a) a thacaíonn le húsáid na Gaeilge, agus

(b) a chomhaontaigh plean Gaeilge dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a chur i ngníomh.

(3) Féadfaidh aon eagraíocht laistigh de phobal lena mbaineann fo-alt (2), agus a measfaidh Foras na Gaeilge í a bheith ionadaitheach don phobal lena mbaineann, plean Gaeilge a ullmhú, le cúnamh ó Fhoras na Gaeilge, ar plean é a bheidh le cur i ngníomh ag an bpobal sin, agus an plean sin a chur faoi bhráid an Aire.

(4) I gcás go ndéanfaidh an tAire, ag féachaint do chritéir pleanála teanga fhorordaithe, plean dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a cheadú, déanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (1), agus cuirfidh an eagraíocht lena mbaineann an plean i ngníomh.

(5) Déanfaidh an tAire athbhreithniú ar an dul chun cinn a bheidh déanta maidir le plean dá dtagraítear i bhfo-alt (4) a chur i ngníomh i gceann cibé eatraimh is dóigh leis an Aire is gá agus is cuí chun an plean lena mbaineann a chur i ngníomh.

(6) Más rud é, i ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh faoi fho-alt (5), go measfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le Foras na Gaeilge, nach bhfuil an plean lena mbaineann á chur i ngníomh, nó nach bhfuil sé á chur i ngníomh go leordhóthanach, cuirfidh an tAire na nithe seo a leanas in iúl, trí fhógra i scríbhinn, don eagraíocht lena mbaineann—

(a) na heasnaimh arna sainaithint ag an Aire ar chur i ngníomh an phlean, agus

(b) an tréimhse ar laistigh di a dhéanfar na heasnaimh a leigheas.

(7) Féadfaidh an tAire an tréimhse a fhadú ar laistigh di a dhéanfar na heasnaimh dá dtagraítear san fhógra faoi fho-alt (6) a leigheas.

(8) I gcás go mbeidh fógra faoi fho-alt (6) seolta ag an Aire, déanfaidh an tAire athbhreithniú ar an dul chun cinn a bheidh déanta maidir leis na heasnaimh dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt sin a leigheas i ndeireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt sin nó i ndeireadh aon fhadú ar an tréimhse sin faoi fho-alt (7).

(9) I gcás go measfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le Foras na Gaeilge, nach bhfuil aon ionchas réasúnach ann go ndéanfar an plean Gaeilge lena mbaineann a chur i ngníomh nó a chur i ngníomh go leordhóthanach, féadfaidh an tAire, le hordú, ainmniú an phobail lena mbaineann a chúlghairm le héifeacht ón dáta a shonraítear san ordú.

Critéir pleanála teanga.

12.— Forordóidh an tAire critéir pleanála teanga, agus féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh iontu—

(a) an cion den daonra lena mbaineann a labhraíonn Gaeilge,

(b) oideachas a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge,

(c) seirbhísí cúraim leanaí agus tacaíochta teaghlaigh a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge,

(d) a mhéid a úsáidtear an Ghaeilge i gcúrsaí tráchtála agus tionscail,

(e) a mhéid a úsáidtear an Ghaeilge i gcúrsaí sóisialta agus áineasa,

(f) úsáid na Gaeilge le linn seirbhísí poiblí a sholáthar,

agus beidh aird aige nó aici ar na nithe sin chun pleananna Gaeilge a cheadú le haghaidh Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge.

Conarthaí arna ndéanamh ag Údarás na Gaeltachta a chaomhnú.

13.— D’ainneoin ordú a dhéanamh faoi alt 7 (5), (10)(b) nó (13)(b) nó 8 (7), maidir le conradh nó comhaontú arna dhéanamh idir Údarás na Gaeltachta agus aon duine eile, ar conradh nó comhaontú é a bheidh i bhfeidhm díreach roimh ordú a dhéanamh faoi na hailt sin, leanfaidh sé i bhfeidhm de réir a chuid téarmaí agus faoina réir.

CUID 3

Leasú ar an Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979

Míniú (Cuid 3).

14.— Sa Chuid seo, ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht um Údarás na Gaeltachta, 1979.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

15.— Leasaítear alt 2 den Phríomh-Acht—

(a) trí “agus limistéir a ainmneofar le hordú faoi alt 7 (2) d’Acht na Gaeltachta, 2012 chun bheith ina Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta” a chur isteach sa mhíniú ar “an Ghaeltacht” i ndiaidh “den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956”,

(b) trí na mínithe seo a leanas a chur isteach:

“tá le ‘comhairle contae’ an bhrí chéanna atá leis san Acht Rialtais Ã?itiúil, 2001;

tá le ‘Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta’ an bhrí chéanna atá leis i gCuid 2 d’Acht na Gaeltachta, 2012;”, agus

(c) tríd an míniú ar “coiste réigiúnach” a scriosadh.

Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht.

16.— (1) Leasaítear alt 6 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2) agus (2A) (arna leasú le halt 3 den Acht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh. 2), 1999)—

“(2) (a) Is iad na comhaltaí seo a leanas a bheidh ar an Údarás:

(i) cathaoirleach, a gceapfaidh an tAire é nó í;

(ii) gnáthchomhalta amháin, a gceapfaidh an tAire é nó í, ar ainmniú chomhairle contae Chontae Dhún na nGall as measc a comhaltaí, nó mura mbeidh comhalta ar bith den chomhairle contae sin ar fáil nó mura measfar comhalta ar bith di a bheith oiriúnach lena cheapadh nó lena ceapadh ag an gcomhairle contae sin, as measc daoine a mheasfaidh an chomhairle contae a bheith ionadaitheach do limistéar amháin nó níos mó de na limistéir Ghaeltachta nó de na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta sa chontae sin;

(iii) gnáthchomhalta amháin, a gceapfaidh an tAire é nó í, ar ainmniú chomhairle contae Chontae Mhaigh Eo as measc a comhaltaí, nó mura mbeidh comhalta ar bith den chomhairle contae sin ar fáil nó mura measfar comhalta ar bith di a bheith oiriúnach lena cheapadh nó lena ceapadh ag an gcomhairle contae sin, as measc daoine a mheasfaidh an chomhairle contae a bheith ionadaitheach do limistéar amháin nó níos mó de na limistéir Ghaeltachta nó de na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta sa chontae sin;

(iv) gnáthchomhalta amháin, a gceapfaidh an tAire é nó í, ar ainmniú chomhairle contae Chontae na Gaillimhe as measc a comhaltaí, nó mura mbeidh comhalta ar bith den chomhairle contae sin ar fáil nó mura measfar comhalta ar bith di a bheith oiriúnach lena cheapadh nó lena ceapadh ag an gcomhairle contae sin, as measc daoine a mheasfaidh an chomhairle contae a bheith ionadaitheach do limistéar amháin nó níos mó de na limistéir Ghaeltachta nó de na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta sa chontae sin;

(v) gnáthchomhalta amháin, a gceapfaidh an tAire é nó í, ar ainmniú chomhairle contae Chontae Chiarraí as measc a comhaltaí, nó mura mbeidh comhalta ar bith den chomhairle contae sin ar fáil nó mura measfar comhalta ar bith di a bheith oiriúnach lena cheapadh nó lena ceapadh ag an gcomhairle contae sin, as measc daoine a mheasfaidh an chomhairle contae a bheith ionadaitheach do limistéar amháin nó níos mó de na limistéir Ghaeltachta nó de na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta sa chontae sin;

(vi) gnáthchomhalta amháin, a gceapfaidh an tAire é nó í go ceann tréimhse 2 bhliain ar ainmniú ó gach ceann de chomhairlí contae chontaetha Chorcaí, na Mí agus Phort Láirge de réir mhír (b);

(vii) 6 ghnáthchomhalta, a gceapfaidh an tAire iad.

(b) (i) Déanfaidh gach ceann de na comhairlí contae dá dtagraítear i mír (a)(vi) an gnáthchomhalta dá dtagraítear sa mhír sin a ainmniú as measc chomhaltaí na comhairle contae lena mbaineann nó, mura mbeidh comhalta ar bith de cheann amháin de na comhairlí contae lena mbaineann ar fáil nó mura measfar comhalta ar bith di a bheith oiriúnach lena cheapadh nó lena ceapadh ag an gcomhairle contae lena mbaineann, ainmneoidh sí an gnáthchomhalta sin as measc daoine a mheasfaidh an chomhairle contae lena mbaineann a bheith ionadaitheach do limistéar amháin nó níos mó de na limistéir Ghaeltachta nó de na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta sa chontae lena mbaineann.

(ii) Is é nó is í an tAire a chinnfidh trí chrannchur an t-ord ina gceapfar daoine a ainmneofar faoi mhír (b)(i) chun an Údaráis.

(2A) Ní cheapfaidh an tAire duine chun an Údaráis mura deimhin leis an Aire go bhfuil taithí ag an duine ar nithe, nó cumas léirithe aige nó aici i nithe, atá ábhartha i leith fheidhmeanna an Údaráis, lena n-áirítear an cumas chun feidhmeanna i ndáil leis an Údarás a chomhall trí mheán na Gaeilge.”.

Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht.

17.— Leasaítear alt 8 (arna leasú le halt 4 den Acht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh. 2), 1999) den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), trí “agus cinnteoidh sé gurb í an Ghaeilge a úsáidfear a mhéid is féidir nuair a bheidh a fheidhmeanna á gcomhlíonadh aige agus thar a cheann” a scriosadh,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Déanfaidh an tÚdarás forbairt teanga, chultúir, shóisialta, fhisiciúil agus eacnamaíoch na Gaeltachta a chur chun cinn.

(1B) Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhairle leis an Aire, cúnamh a sholáthar d’eagraíochtaí, i leith pleananna Gaeilge a fhorbairt, de réir bhrí Chuid 2 d’Acht na Gaeltachta, 2012, don Ghaeltacht.”,

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Féadfaidh an tÚdarás cibé scéimeanna, tionscadail, cláir agus saoráidí is cuí leis a sheoladh, a rialú agus a bhainistiú sa Ghaeltacht i leith fhorbairt teanga, chultúir, shóisialta, fhisiciúil agus eacnamaíoch na Gaeltachta.”,

(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6A):

“(6B) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire agus an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, seirbhísí a sheachadadh thar ceann comhlachtaí Stáit eile sa Ghaeltacht.”, agus

(e) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8):

“(9) Cinnteoidh an tÚdarás gurb í an Ghaeilge a úsáidfear a mhéid is féidir nuair a bheidh a fheidhmeanna á gcomhlíonadh aige agus thar a cheann.”.

Leasú ar alt 10 den Phríomh-Acht.

18.— Leasaítear alt 10 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Chun na feidhmeanna a shonraítear in alt 8 a chomhlíonadh, beidh cumhacht ag an Údarás, faoi réir an ailt seo, cúnamh airgid a thabhairt (lena n-áirítear deontais a thabhairt, scaireanna a cheannach agus caiteachas a thabhú ar fhoirgnimh nó eile) ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis.”,

(b) i bhfo-alt (4), tríd an méid seo a leanas “, mura n-ordóidh an tAire a mhalairt, le toiliú roimh ré ón Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus ón Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta,” a chur isteach i ndiaidh “Ní thabharfaidh an tÚdarás”, agus

(c) trí fho-alt (6) a scriosadh.

Leasú ar alt 10B den Phríomh-Acht.

19.— Leasaítear alt 10B (arna chur isteach le halt 7 den Acht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh. 2), 1999) den Phríomh-Acht i bhfo-alt (2) trí “dhá thrian” a chur in ionad “trí cheathrú”.

Leasú ar alt 10C den Phríomh-Acht.

20.— Leasaítear alt 10C (arna chur isteach le halt 8 den Acht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh. 2), 1999) den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), trí “5 chomhalta eile” a chur in ionad “7 gcomhalta eile”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Beidh cathaoirleach an Údaráis ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gCoiste Meastóireachta, agus, i gcás go mbeidh an cathaoirleach as láthair, rachaidh comhalta a roghnóidh na comhaltaí atá i láthair i gceannas ar chruinniú den Choiste Meastóireachta.”, agus

(c) i bhfo-alt (3), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) comhalta amháin den Údarás a bheidh ainmnithe ag comhaltaí an Údaráis,”.

Leasú ar alt 20A den Phríomh-Acht.

21.— Leasaítear alt 20A (a cuireadh isteach le halt 14 den Acht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh. 2), 1999) den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (6), trí “alt 8(1), (1A), (1B), (3A) agus (9)” a chur in ionad “alt 8(1)”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(6A) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, ordacháin i scríbhinn a thabhairt don Údarás chun forbairt earnálacha tionscail agus fostaíochta áirithe a chur chun cinn.”.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

22.— (1) Leasaítear an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír 2:

“2. Beidh comhalta den Údarás seachas comhalta arna cheapadh nó arna ceapadh de réir alt 6(2)(a)(vi) i seilbh oifige, mura túisce a éagfaidh an comhalta, a éireoidh sé nó sí as oifig, a thiocfaidh sé nó sí faoi dhícháilíocht nó a chuirfear as oifig é nó í, ar feadh cibé tréimhse nach faide ná cúig bliana a chinnfidh an tAire nuair a bheidh an comhalta á cheapadh nó á ceapadh aige nó aici.”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (3):

“3. Féadfar comhalta den Údarás a rachaidh a théarma oifige nó a téarma oifige in éag trí imeacht aimsire a athcheapadh ach ní cheapfar é nó í chun oifige ar feadh níos mó ná dhá théarma chomhleanúnacha.”,

(c) i mír 4, trí “nó nuair a bheidh an comhalta tofa faoi Chuid IV den Acht seo” a scriosadh,

(d) i mír 5(1), trí “(seachas na comhaltaí tofa)” a scriosadh,

(e) trí mhír 5(2) a scriosadh,

(f) i mír 5(3), trí “nó a chomhthoghfar” a scriosadh,

(g) i mír 6, trí “(seachas comhalta tofa)” a scriosadh,

(h) i mír 7, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (1):

“(1) Féadfaidh comhalta den Údarás éirí as a oifig nó as a hoifig trí litir a bheidh dírithe chun an Aire, agus glacfaidh an t-éirí as éifeacht ar an dáta a shonrófar sa litir.”,

(i) i mír 7(3), trí “(seachas comhalta tofa)” a scriosadh,

(j) i mír 7(4), trí “(seachas comhalta tofa)” a scriosadh,

(k) i mír 10(4), trí “Cinnfear gach ceist” a chur in ionad “Faoi réir mhír 5(2) cinnfear gach ceist”, agus

(l) i mír 11, trí “(arb é atá ann coiste réigiúnach nó coiste eile arna bhunú faoi alt 10A nó an Coiste Meastóireachta)” a scriosadh.

(2) D’ainneoin leasú an Chéad Sceidil den Phríomh-Acht le fo-alt (1), aon duine a thoghfar mar chomhalta den Údarás de réir Chuid IV den Phríomh-Acht, sula dtiocfaidh an t-alt seo i bhfeidhm, leanfaidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás, mura túisce a éagfaidh sé nó sí nó a éireoidh sé nó sí as an Údarás, go dtí an 30 Meán Fómhair 2012.

CUID 4

Ilghnéitheach

Leasú ar an Acht Toghcháin, 1992.

23.— (1) Leasaítear an tAcht Toghcháin, 1992—

(a) in alt 15(1A)(c) (arna leasú le halt 6(b) d’Acht 2001), trí “nó áitiúil” a chur in ionad “áitiúil nó i gcás toghcháin chun Údarás na Gaeltachta”,

(b) in alt 15(5) (arna leasú le halt 6(d) d’Acht 2001), trí “(lena n-áirítear toghchán chun Údarás na Gaeltachta)” a scriosadh,

(c) in alt 15A(4) (arna leasú le halt 7(c) d’Acht 2001), trí “nó i dtoghchán chun Údarás na Gaeltachta” a scriosadh,

(d) in alt 15A(5) (arna leasú le halt 7(d) d’Acht 2001), trí “nó i dtoghchán chun Údarás na Gaeltachta” a scriosadh,

(e) in alt 15B(4) (arna leasú le halt 8 d’Acht 2001), trí “nó i dtoghchán chun Údarás na Gaeltachta” a scriosadh,

(f) in alt 15B(5) (arna leasú le halt 8 d’Acht 2001), trí “nó i dtoghchán chun Údarás na Gaeltachta” a scriosadh,

(g) in alt 25(2)(a) (arna leasú le halt 11 d’Acht 2001), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhíreanna (iii) agus (iv):

“(iii) toghchán áitiúil.”,

(h) in alt 25(4)(b)(i)(I) (arna leasú le halt 11 d’Acht 2001), trí “nó i dtoghcháin Údarás na Gaeltachta” a scriosadh,

(i) in alt 25(4)(b)(iii) (arna leasú le halt 11 d’Acht 2001), trí “gur comhalta é den pháirtí,” a chur in ionad “gur comhalta é den pháirtí, nó”,

(j) in alt 25(4)(b) (arna leasú le halt 11 d’Acht 2001), trí fhomhír (iv) a scriosadh,

(k) in alt 25C(1)(c) (arna leasú le halt 11 d’Acht 2001), trí “1994.” a chur in ionad “1994,”,

(l) in alt 25C(1) (arna leasú le halt 11 d’Acht 2001), trí mhír (d) a scriosadh,

(m) in alt 25C(9) (arna leasú le halt 11 d’Acht 2001), trí “, lena n-áirítear chun críche iarratas i scríbhinn arna ndéanamh chuig an gCláraitheoir ar chlárú i leith thoghcháin Údarás na Gaeltachta” a scriosadh, agus

(n) in alt 165(1), trí mhír (d) a scriosadh.

(2) San alt seo, ciallaíonn “Acht 2001” an tAcht Toghcháin (Leasú), 2001.

Leasú ar alt 19 den Acht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997.

24.— Leasaítear alt 19 (arna leasú le halt 9 den Acht Toghcháin (Leasú) (Uimh. 2), 2009) den Acht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997 trí fho-alt (7)(d) a scriosadh.

Leasú ar alt 18 den Acht Toghcháin, 1997.

25.— Leasaítear alt 18(2) den Acht Toghcháin, 1997 trí “nó an Achta um Údarás na Gaeltachta, 1979” a scriosadh.

AN SCEIDEAL

Aisghairm agus Cúlghairm

Alt 5 .

CUID 1

Na hAchtanna a Aisghairtear

(1)

Uimhir agus Bliain

(2)

Gearrtheideal

(3)

Méid na haisghairme

Uimh. 21 de 1956

An tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956

alt 2

Uimh. 5 de 1979

An tAcht um Údarás na Gaeltachta, 1979

alt 9

fo-ailt (1), (2) agus (3) d’alt 10A (arna leasú le halt 6 den Acht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh. 2), 1999)

Cuid IV

CUID 2

Na hIonstraimí Reachtúla a Chúlghairtear

(1)

I.R. Uimh. agus Bliain

(2)

Gearrtheideal

I.R. Uimh. 245 de 1956

I.R. Uimh. 200 de 1967

I.R. Uimh. 192 de 1974

I.R. Uimh. 350 de 1982

I.R. Uimh. 355 de 1979

I.R. Uimh. 103 de 1994

I.R. Uimh. 341 de 1999

I.R. Uimh. 125 de 2005

Ordú na Limistéar Gaeltachta, 1956

Ordú na Limistéar Gaeltachta, 1967

Ordú na Limistéar Gaeltachta, 1974

Ordú na Limistéar Gaeltachta, 1982

Na Rialacháin um Thoghcháin Údarás na Gaeltachta, 1979

Na Rialacháin um Thoghcháin Údarás na Gaeltachta (Leasú), 1994

Na Rialacháin um Thoghcháin Údarás na Gaeltachta (Leasú), 1999

Na Rialacháin um Thoghcháin Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2005