An tAcht na nDlí-Chleactóirí (An Ghaelige) 2008

/static/images/base/harp.jpg


Uimhir 12 de 2008


ACHT NA nDL�-CHLEACHTÓIR� (AN GHAEILGE) 2008


RIAR NA nALT

Alt

1. Clár na Gaeilge (Óstaí an Rí) a bhunú.

2. Clár na Gaeilge (An Dlí-Chumann) a bhunú.

3. Leasú ar alt 43 (díolúintí d’abhcóidí cleachtacha) den Acht Aturnaethe 1954.

4. Aisghairm.

5. Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Lucht Cleachtuithe Dlí (Cáilíocht) 1929

1929, Uimh. 16

An tAcht Aturnaethe 1954

1954, Uimh. 36

Na hAchtanna Aturnaetha 1954 go 2002

An tAcht Aturnaetha (Leasú) 1994

1994, Uimh. 27

/static/images/base/harp.jpg


Uimhir 12 de 2008


ACHT NA nDL�-CHLEACHTÓIR� (AN GHAEILGE) 2008


ACHT DO DHÉANAMH ÚSÃ?ID NÃ?OS FEARR NA GAEILGE AG DLÃ?-CHLEACHTÓIRÃ? AGUS SOLÃ?THAR SEIRBHÃ?SÃ? DLÃ?THIÚLA TRÃ? GHAEILGE A CHUR CHUN CINN AGUS CHUN NA CRÃ?CHE SIN DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE CÚRSAÃ? STAIDÉIR AGUS MAIDIR LE CUMANN ONÓRACH ÓSTAÃ? AN RÃ? AGUS DLÃ?-CHUMANN NA hÉIREANN DO BHUNÚ CLÃ?R, D’AISGHAIRM AN ACHTA LUCHT CLEACHTUITHE DLÃ? (CÃ?ILÃ?OCHT) 1929, DO LEASÚ AN ACHTA ATURNAETHE 1954 AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[9 Iúil, 2008]

ACHTAÃ?TEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Clár na Gaeilge (Óstaí an Rí) a bhunú.

1.— (1) San alt seo—

ciallaíonn “ardchúrsa” an cúrsa arna sholáthar ag an gComhairle faoi fho-alt (4);

ciallaíonn “Comhairle” Comhairle Chumann Onórach Óstaí an Rí;

ciallaíonn “Aire” an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí;

ciallaíonn “Clár” an Clár arna bhunú faoi fho-alt (9).

(2) Tabharfaidh an Chomhairle aird ar stádas na Gaeilge mar an phríomhtheanga oifigiúil agus, go háirithe, féachfaidh sí, a mhéid is réasúnach di déanamh amhlaidh, lena chinntiú go bhfuil líon dóthanach abhcóidí dlí inniúil sa Ghaeilge ionas gur féidir leo an dlí a chleachtadh trí Ghaeilge chomh maith lena chleachtadh trí Bhéarla.

(3) (a) Déanfaidh an Chomhairle cúrsa teagaisc i dtéarmaíocht dhlíthiúil na Gaeilge agus i dtuiscint téacsanna dlíthiúla sa Ghaeilge a sholáthar do gach duine atá ag freastal ar an gcúrsa céime abhcóide dlí. Ní bheidh an cúrsa sin faoi réir scrúdaithe agus déanfaidh gach duine den sórt sin (seachas na daoine sin a bhfuil an cúrsa dá dtagraítear i bhfo-alt (4) déanta nó á dhéanamh acu) an cúrsa sin d’fhonn a chumasú seirbhís dhlíthiúil atá ag teastáil a shainaithint trí mheán na Gaeilge agus, más cuí, d’fhonn tarchur cáis chuig cleachtóir atá inniúil chun an cás a sheoladh trí Ghaeilge a éascú.

(b) Aon duine atá ag freastal ar an gcúrsa céime abhcóide dlí agus a raibh, roimh aisghairm an Achta Lucht Cleachtuithe Dlí (Cáilíocht) 1929 leis an Acht seo, alt 3 den Acht sin comhlíonta aige nó aici, measfar ina leith go ndearna sé nó sí freastal ar an gcúrsa dá dtagraítear i mír (a).

(c) Aon duine a mbeidh an cúrsa céime abhcóide dlí críochnaithe aige nó aici roimh aisghairm an Achta Lucht Cleachtuithe Dlí (Cáilíocht) 1929 leis an Acht seo, agus nach raibh alt 3 den Acht sin comhlíonta aige nó aici, measfar ina leith gur chomhlíon sé nó sí an t-alt sin.

(4) Déanfaidh an Chomhairle ardchúrsa i gcomhair chleachtadh an dlí trí Ghaeilge a sholáthar mar ábhar roghnach do na daoine sin atá ag freastal ar an gcúrsa céime abhcóide dlí.

(5) Féadfar an t-ardchúrsa, i dteannta é a bheith ina ábhar roghnach ar an gcúrsa céime d’abhcóidí dlí, a chur ar fáil do cibé daoine eile a chinnfidh an Chomhairle ó am go ham, lena n-áirítear abhcóidí cleachtacha ar mian leo leibhéal inniúlachta chun cleachtadh trí Ghaeilge a fhorbairt nó a choinneáil, ach gan a bheith teoranta do na habhcóidí sin.

(6) Sula ligfear d’iarratasóir an t-ardchúrsa a dhéanamh, féadfaidh an Chomhairle a cheangal air nó uirthi a shuíomh go bhfuil leibhéal ginearálta inniúlachta agus oilteachta sa Ghaeilge bainte amach aige nó aici.

(7) Déanfaidh an Chomhairle scrúdú i gcleachtadh an dlí trí Ghaeilge a sheoladh uair sa bhliain ar a laghad.

(8) Ní bheidh duine i dteideal dul faoi scrúdú faoi fho-alt (7) mura mbeidh an t-ardchúrsa déanta aige nó aici.

(9) Déanfaidh an Chomhairle Clár a bhunú agus a choimeád, ar a dtabharfar Clár na Gaeilge (Óstaí an Rí) sa Ghaeilge agus the Irish Language Register (King’s Inns) sa Bhéarla.

(10) Taifeadfaidh an Chomhairle sa Chlár ainm agus mionsonraí teagmhála abhcóide dlí a mbeidh pas faighte aige nó aici i scrúdú—

(a) faoi fho-alt (7), nó

(b) faoi alt 40(2A)(g) (arna chur isteach le halt 2 den Acht seo) den Acht Aturnaethe 1954.

(11) Cinnteoidh an Chomhairle—

(a) go gcoinneofar an Clár cothrom le dáta, agus go leasófar é ó am go ham chun na críche sin, agus

(b) go ndéanfar cóip den Chlár (arna leasú amhlaidh) a chur ar fáil do Dhlí-Chumann na hÉireann.

(12) Déanfaidh an Chomhairle, gach tráth réasúnach, na nithe seo a leanas a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag an bpobal gan táille in oifigí Chumann Onórach Óstaí an Rí—

(a) cóip den Chlár, agus

(b) cóip de Chlár na Gaeilge (An Dlí-Chumann),

agus féadfar an dualgas sin a chomhlíonadh trí na cóipeanna sin a chur ar fáil ar láithreán gréasáin Chumann Onórach Óstaí an Rí.

(13) (a) Tráth nach déanaí ná an 31 Márta gach bliain, tabharfaidh an Chomhairle tuarascáil i scríbhinn i nGaeilge agus i mBéarla don Aire maidir le hoibriú an ailt seo i rith na bliana roimhe sin.

(b) Beidh mionsonraí faoin méid seo a leanas i dtuarascáil faoi mhír (a)—

(i) an líon daoine atá i mbun an ardchúrsa,

(ii) an líon daoine a chuaigh faoin scrúdú faoi fho-alt (7),

(iii) an líon daoine a fuair pas sa scrúdú faoi fho-alt (7), agus

(iv) cibé faisnéis eile a iarrfaidh an tAire ó am go ham.

(c) A luaithe is indéanta tar éis don Chomhairle tuarascáil a thabhairt faoi mhír (a), déanfaidh an tAire cóip di a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Clár na Gaeilge (An Dlí-Chumann) a bhunú.

2.— Leasaítear alt 40 den Acht Aturnaethe 1954—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2)—

“(2A) (a) San fho-alt seo—

ciallaíonn “ardchúrsa” an cúrsa arna sholáthar ag an gCumann faoi mhír (d);

ciallaíonn “Aire” an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí;

ciallaíonn “Cúrsa Cleachtais Ghairmiúil” gairmchúrsa chun oideachas nó oiliúint a chur ar dhaoine a bheidh ag iarraidh a nglactha mar aturnaetha;

ciallaíonn “Clár” an Clár arna bhunú faoi mhír (i).

(b) Tabharfaidh an Cumann aird ar stádas na Gaeilge mar an phríomhtheanga oifigiúil agus, go háirithe, féachfaidh sé, a mhéid is réasúnach dó déanamh amhlaidh, lena chinntiú go bhfuil líon dóthanach aturnaetha inniúil sa Ghaeilge ionas gur féidir leo an dlí a chleachtadh trí Ghaeilge chomh maith lena chleachtadh trí Bhéarla.

(c) (i) Déanfaidh an Cumann cúrsa teagaisc i dtéarmaíocht dhlíthiúil na Gaeilge agus i dtuiscint téacsanna dlíthiúla sa Ghaeilge a sholáthar do gach duine atá ag déanamh an Chúrsa Cleachtais Ghairmiúil. Ní bheidh an cúrsa sin faoi réir scrúdaithe agus déanfaidh gach duine den sórt sin (seachas na daoine sin a bhfuil an cúrsa dá dtagraítear i mír (d) déanta nó á dhéanamh acu) an cúrsa sin d’fhonn a chumasú seirbhís dhlíthiúil atá ag teastáil a shainaithint trí mheán na Gaeilge agus, más cuí, d’fhonn tarchur cáis chuig cleachtóir atá inniúil chun an cás a sheoladh trí Ghaeilge a éascú.

(ii) Aon duine atá ag déanamh an Chúrsa Cleachtais Ghairmiúil agus a raibh, roimh thosach feidhme alt 2 d’Acht na nDlí-Chleachtóirí (An Ghaeilge) 2008, pas faighte aige nó aici sa dá scrúdú sa Ghaeilge dá bhforáiltear le rialacháin arna ndéanamh faoi fho-alt (3) den alt seo measfar ina leith gur fhreastail sé nó sí ar an gcúrsa dá dtagraítear i bhfomhír (i).

(d) Déanfaidh an Cumann ardchúrsa i gcomhair chleachtadh an dlí trí Ghaeilge a sholáthar mar ábhar roghnach do na daoine sin atá i mbun an Chúrsa Cleachtais Ghairmiúil.

(e) Féadfar an t-ardchúrsa, i dteannta é a bheith ina ábhar roghnach sa Chúrsa Cleachtais Ghairmiúil, a chur ar fáil do cibé daoine eile a chinnfidh an Cumann ó am go ham, lena n-áirítear aturnaetha ar mian leo leibhéal inniúlachta chun cleachtadh trí Ghaeilge a fhorbairt nó a choinneáil, ach gan a bheith teoranta do na haturnaetha sin.

(f) Sula ligfear d’iarratasóir an t-ardchúrsa a dhéanamh, féadfaidh an Cumann a cheangal air nó uirthi a shuíomh go bhfuil leibhéal ginearálta inniúlachta agus oilteachta sa Ghaeilge bainte amach aige nó aici.

(g) Déanfaidh an Cumann scrúdú i gcleachtadh an dlí trí Ghaeilge a sheoladh uair sa bhliain ar a laghad.

(h) Ní bheidh duine i dteideal dul faoi scrúdú faoi mhír (g), mura mbeidh an t-ardchúrsa déanta aige nó aici.

(i) Déanfaidh an Cumann Clár a bhunú agus a choimeád ar a dtabharfar Clár na Gaeilge (An Dlí-Chumann) sa Ghaeilge agus the Irish Language Register (Law Society) sa Bhéarla.

(j) Taifeadfaidh an Cumann sa Chlár ainm agus mionsonraí teagmhála aturnae a mbeidh pas faighte aige nó aici i scrúdú—

(i) faoi mhír (g), nó

(ii) faoi alt 1 (7) d’Acht na nDlí-Chleachtóirí (An Ghaeilge) 2008.

(k) Cinnteoidh an Cumann—

(i) go gcoinneofar an Clár cothrom le dáta, agus go leasófar é ó am go ham chun na críche sin, agus

(ii) go gcuirfear cóip den Chlár (arna leasú amhlaidh) ar fáil do Chumann Onórach Óstaí an Rí.

(l) Déanfaidh an Cumann, gach tráth réasúnach, na nithe seo a leanas a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag an bpobal gan táille ina oifigí—

(i) cóip den Chlár, agus

(ii) cóip de Chlár na Gaeilge (Óstaí an Rí).

agus féadfar an dualgas sin a chomhlíonadh trí na cóipeanna sin a chur ar fáil ar a láithreán gréasáin.

(m) (i) Tráth nach déanaí ná an 31 Márta gach bliain, tabharfaidh an Cumann tuarascáil i scríbhinn i nGaeilge agus i mBéarla don Aire maidir le hoibriú an fho-ailt seo i rith na bliana roimhe sin.

(ii) Beidh mionsonraí faoin méid seo a leanas i dtuarascáil faoi fhomhír (i)—

(I) líon na ndaoine atá i mbun an ardchúrsa,

(II) líon na ndaoine a chuaigh faoin scrúdú faoi mhír (g),

(III) líon na ndaoine a fuair pas sa scrúdú faoi mhír (g), agus

(IV) cibé faisnéis eile a iarrfaidh an tAire ó am go ham.

(n) A luaithe is indéanta tar éis don Chumann tuarascáil a thabhairt faoi mhír (m)(i), déanfaidh an tAire cóip di a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.”,

agus

(b) trí fho-alt (3) a scriosadh.

Leasú ar alt 43 (díolúintí d’abhcóidí cleachtacha) den Acht Aturnaethe 1954.

3.— Déantar alt 43 (a cuireadh isteach le halt 51 den Acht Aturnaetha (Leasú) 1994) den Acht Aturnaethe 1954 a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Ní cheanglófar ar dhuine lena mbaineann an t-alt seo cúrsa teagaisc faoi alt 40(2A)(c)(i) (a cuireadh isteach le halt 2 d’Acht na nDlí-Chleachtóirí (An Ghaeilge) 2008) a dhéanamh más rud é—

(a) go mbeidh cúrsa teagaisc dá bhforáiltear faoi alt 1 d’Acht na nDlí-Chleachtóirí (An Ghaeilge) 2008 déanta aige nó aici, nó

(b) go raibh pas faighte aige nó aici, nó go raibh sé nó sí, díreach roimh thosach feidhme Acht na nDlí-Chleachtóirí (An Ghaeilge) 2008, díolmhaithe ó phas a fháil, in aon scrúdú Gaeilge arna fhorordú ag an bPríomh-Bhreitheamh faoi alt 3 den Acht Lucht Cleachtuithe Dlí (Cáilíocht) 1929.”.

Aisghairm.

4.— Aisghairtear an méid seo a leanas:

(a) an tAcht Lucht Cleachtuithe Dlí (Cáilíocht) 1929,

(b) alt 40(6) den Acht Aturnaethe 1954, agus

(c) a mhéid nach bhfuil sé arna aisghairm cheana féin, alt 43(2) den Acht Aturnaethe 1954 (a cuireadh isteach le halt 51 den Acht Aturnaetha (Leasú) 1994).

Gearrtheideal agus comhlua.

5.— (1) Féadfar Acht na nDlí-Chleachtóirí (An Ghaeilge) 2008 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Aturnaetha 1954 go 2008 a ghairm de na hAchtanna Aturnaetha 1954 go 2002, d’alt 2 den Acht seo agus den fho-alt seo, le chéile, agus léifear le chéile iad mar aon ní amháin.