I.R. Uimh. 37/2003 - Na Rialacháin Aturnaetha (Forbairt Leantach Ghairmiúil), 2003


I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 5 den Acht Aturnaethe, 1954 agus le halt 40 (arna leasú le halt 49 den Acht Aturnaetha (Leasú), 1994) den Acht Aturnaethe, 1954, agus le comhthoiliú an Aire Dlí agus Cirt Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, DÉANANN DLÍ-CHUMANN NA hÉIREANN LEIS SEO na Rialacháin seo a leanas.

Lua agus tosach feidhme

1        (a)      Na Rialacháin Aturnaetha (Forbairt Leantach Ghairmiúil), 2003, is teideal do na Rialacháin seo.

(b)      Tiocfaidh na Rialacháin seo i ngníomh ar an gcéad lá d'Iúil, 2003.

Minithe

2.       (a)      Sna Rialacháin seo—

ciallaíonn “Acht” an tAcht Aturnaethe, 1954 (Uimh. 36 de 1954);

ciallaíonn “Acht 1960” an t Acht Aturnaetha (Leasú), 1960 (Uimh. 37 de 1960);

ciallaíonn “Acht 1994” an tAcht Aturnaetha (Leasú), 1994 (Uimh. 27 de 1994);

ciallaíonn “Acht 2002” an tAcht Aturnaetha (Leasú), 2002 (Uimh. 19 de 2002);

ciallaíonn “Achtanna” na hAchtanna Aturnaetha, 1954 go 2002;

ciallaíonn “forbairt leantach ghairmiúil” cúrsa nó cúrsaí breisoideachais nó oiliúna (nó breisoideachais agus oiliúna araon le haghaidh aturnaetha, cibé acu a bhaineann sé nó siad leis an dlí nó le bainistíocht, lena n-áirítear cúrsa atá ceadaithe go sonrach ag an gcoiste oideachais, ar cúrsa é nó ar cúrsaí iad atá beartaithe chun aturnae a fhorbairt i dtaca leis an eolas gairmiúil, leis na scileanna gairmiúla agus leis an gcumas gairmiúil atá aige nó aici; agus féadfar “FLG” a ghairm di i gcoitinne;

folaíonn “cúrsa” léacht nó sraith léachtaí;

ciallaíonn “Comhairle” Comhairle an Chumainn;

ciallaíonn “Coiste Oideachais” an coiste oideachais arna cheapadh gach bliain ag an gComhairle;

ciallaíonn “an chéad timthriall” an tréimhse ón gcéad lá d'Iúil 2003 go dtí an t-aonú lá is tríocha de Nollaig 2005;

ciallaíonn “uaire an chloig”, i ndáil le forbairt leantach ghairmiúil an líon uaire an chloig a chaitheann aturnae ag freastal ar chúrsa nó ar chúrsaí;

folaíonn “bainistíocht” aon cheann amháin nó níos mó, nó teaglaim, díobh seo a leanas, eadhon —

(i)       bainistíocht airgeadais agus gnó

(ii)      bainistíocht acmhainní daonna

(iii)      rialú buiséid

(iv)     scileanna bainistíochta cleachtais

(v)      scileanna ríomhaire

(vi)     Gaeilge nó Béarla a fheabhsú a mhéid a bhaineann le cleachtadh an dlí;

(vii)     teanga iasachta a fheabhsú a mhéid a bhaineann le cleachtadh an dlí;

(viii)   eitic ghairmiúla;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le haon rialacháin ina dhiaidh seo lena leasaítear nó lena n-ionadaítear na Rialacháin seo, go hiomlán nó go páirteach, agus ar rialacháin iad a dhéanfaidh an Cumann le comhthoiliú an Aire;

ciallaíonn “Rialachán” rialachán sna Rialacháin seo;

ciallaíonn “Rolla” Rolla na nAturnaetha arna choimeád ag an gCumann de bhun alt 9 (arna ionadú le halt 65 d'Acht 1994) den Acht;

ciallaíonn “scéim” an scéim forbartha leantaí gairmiúla dá bhforáiltear i Rialachán 5;

ciallaíonn “an dara timthriall” an tréimhse ón gcéad lá d'Eanáir 2006 go dtí an t-aonú lá is tríocha de Nollaig 2007;

ciallaíonn “Cumann” Dlí-Chumann na héireann;

ciallaíonn “aturnae” duine atá ligthe isteach sa Rolla agus lena mbaineann na Rialacháin seo de bhun Rialachán 3, ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag Rialacháin 4, 5 agus 6, i gcás nach bhfuil feidhm ag na Rialacháin seo, de bhun Rialachán 3, le duine den sórt sin ach amháin i leith iarratais ón duine sin ar dheimhniú cleachta do cheann amháin nó do dhá cheann de na blianta cleachta, faoi seach, dar tosach an chéad lá d'Eanáir 2006, an chéad lá d'Eanáir 2008 agus an chéad lá d'Eanáir 2010, maidir leis an duine sin ach amháin go feadh an méid sin;

ciallaíonn “an tríú timthriall” an tréimhse ón gcéad lá d'Eanáir 2008 go dtí an t-aonú lá is tríocha de Nollaig 2009;

(b)      Beidh le focail agus le habairtí eile sna Rialacháin seo, más infheidhme, na bríonna a shanntar dóibh sna hAchtanna.

(c)      Sna Rialacháin seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt folaíonn an uimhir uatha an uimhir iolra.

(d)      Beidh feidhm ag na hAchtanna Léiriúcháin, 1937 go 1997, chun críocha léiriú na Rialachán seo mar atá feidhm acu chun críocha léiriú Achta de chuid an Oireachtais, ach amháin a mhéid a d'fhéadfaidís a bheith ar neamhréir le forálacha na nAchtanna nó na Rialachán seo.

Daoine a mbeidh feidhm ag na Rialacháin maidir leo

3.       Beidh feidhm ag na Rialacháin seo maidir le haturnae atá i dteideal iarratas a dhéanamh, agus a dhéanfaidh iarratas, chun an Chumainn ar dheimhniú cleachta i ndáil le haon cheann amháin nó níos mó de na blianta cleachta, faoi seach, dar tosach an chéad lá d'Eanáir 2006, an chéad lá d'Eanáir 2008 agus an chéad lá d'Eanáir 2010, seachas:

(a)      i leith iarratais ar dheimhniú cleachta don bhliain cleachta dar tosach an chéad lá d'Eanáir 2006, aturnae —

(i)       nár shealbhaigh deimhniú cleachta i leith gach ceann den dá bhliain cleachta díreach roimh an mbliain cleachta sin nó,

(ii)      aturnae nach raibh ligthe isteach sa Rolla roimh thosach an chéad timthriaill, nó

(iii)     aturnae a bhí i seirbhís lánaimseartha an Stáit de réir bhrí fho-alt (3) d'alt 54 (arna ionadú le halt 62 d'Acht 1994 den Acht i ndiaidh thosach an chéad timthriaill;

(b)      i leith iarratais ar dheimhniú cleachta don bhliain cleachta dar tosach an chéad lá d'Eanáir 2008, aturnae —

(i)       nár shealbhaigh deimhniú cleachta i leith gach ceann den dá bhliain cleachta díreach roimh an mbliain cleachta sin nó

(ii)      aturnae nach raibh ligthe isteach sa Rolla roimh thosach an dara timthriall, nó

(iii)     aturnae a bhí i seirbhís lánaimseartha an Stáit de réir bhrí fho-alt (3) d'alt 54 (arna ionadú le halt 62 d'Acht 1994 den Acht i ndiaidh thosach an dara timthriaill;

(c)      i leith iarratais ar dheimhniú cleachta don bhliain cleachta dar tosach an chéad lá d'Eanáir 2010, aturnae —

(i)       nár shealbhaigh deimhniú cleachta i leith gach ceann den dá bhliain cleachta díreach roimh an bhliain cleachta sin nó

(ii)      aturnae nach raibh ligthe isteach sa Rolla roimh thosach an tríú timthriall, nó

(iii)     aturnae a bhí i seirbhís lánaimseartha an Stáit de réir bhrí fho-alt (3) d'alt 54 (arna ionadú le halt 62 d'Acht 1994 den Acht i ndiaidh thosach an tríú timthriall.

Ceanglas ginearálta maidir le FLG a dhéanamh

4.       Déanfaidh aturnae forbairt leantach ghairmiúil ar feadh an líon uaire an chloig ar a laghad dá bhforáiltear i Rialachán 5(b).

FLG a sholáthar

5.       (a)      Déanfaidh an Cumann (ar a chonlán féin nó trí shocrú a dhéanamh nó i gcomhar, le cumann barra nó le haon chomhlacht nó foras eile) foráil maidir le scéim forbartha leantaí gairmiúla a bheidh le déanamh ag aturnae le linn cibé tréimhsí, agus ar feadh cibé líon íosta uaire an chloig laistigh de gach tréimhse den sórt sin, dá bhforáiltear i gclásal (b) den Rialachán seo.

(b)      Beidh sé de cheangal ar aturnae forbairt leantach ghairmiúil a dhéanamh:

(i)       le linn an chéad timthriaill, ar feadh fiche uair an chloig ar a laghad; agus

(ii)      le linn an dara timthriall agus le linn an tríú timthriall, ar feadh fiche uair an chloig ar a laghad nó ar feadh cibé fad íosta is mó os cionn fiche uair an chloig a bheidh forordaithe an tráth sin.

(c)      Maidir leis an scéim dá ndéanfaidh an Cumann foráil de bhun chlásal (a) den Rialachán seo, déanfar socrú léi i ndáil leis an méid seo a leanas —

(i)       foirm agus ábhar taifid scríofa a bheidh le coimeád ag aturnae faoi na huaire an chloig d'fhorbairt leantach ghairmiúil a dhéanfaidh an t-aturnae d'fhonn a thaispeáint go bhfuil an scéim agus na ceanglais maidir le líon íosta uaire an chloig dá bhforáiltear i gclásal (b) den Rialachán seo comhlíonta ag an aturnae; agus

(ii)      foirm an deimhnithe scríofa, á dhaingniú gur fhreastail an t-aturnae ar chúrsa nó ar chúrsaí oideachais nó oiliúna (nó ar chúrsa nó ar chúrsaí oideachais agus oiliúna), ar deimhniú é a bheidh le heisiúint ag eagraí an chúrsa nó na gcúrsaí sin nó thar ceann an eagraí sin.

(d)      Déanfaidh aturnae an taifead atá le coimeád ag an aturnae ar na huaire an chloig d'fhorbairt leantach ghairmiúil nó an deimhniú nó na deimhnithe scríofa maidir le freastal, ar thaobh an aturnae, ar chúrsa nó ar chúrsaí, mar a fhoráiltear i gclásal (c) den Rialachán seo a thabhairt ar aird don Chumann ar an gCumann dá iarraidh sin.

FLG a dheimhniú ar iarratas a dhéanamh ar dheimhniú cleachta

6.       (a)      Aon aturnae a dhéanfaidh iarratas chun an Chumainn ar dheimhniú cleachta don bhliain cleachta dar tosach an chéad lá d'Eanáir 2006 déanfaidh sé nó sí, mar chuid den iarratas, a dheimhniú don Chumann (agus an deimhniúchán sin a fhíorú, má iarrann an Cumann air nó uirthi déanamh amhlaidh, trína thaifead nó trína taifead agus trína dheimhnithe nó trína deimhnithe freastail, a choimeádtar de bhun chlásal (c)(i) agus (ii) de Rialachán 5 a thabhairt ar aird) go ndearna an t-aturnae forbairt leantach ghairmiúil le linn an chéad timthriaill ar feadh fiche uair an chloig ar a laghad.

(b)      Aon aturnae a dhéanfaidh iarratas chun an Chumainn ar dheimhniú cleachta don bhliain cleachta dar tosach an chéad lá d'Eanáir 2008 déanfaidh sé nó sí, mar chuid den iarratas sin, a dheimhniú don Chumann (agus an deimhniúchán sin a fhíorú, má iarrann an Cumann air nó uirthi déanamh amhlaidh, trína thaifead nó trína taifead agus trína dheimhnithe nó trína deimhnithe freastail, a choimeádtar de bhun chlásal (c)(i) agus (ii) de Rialachán 5 a thabhairt ar aird) go ndearna an t-aturnae forbairt leantach ghairmiúil le linn an dara timthriall ar feadh fiche uair an chloig ar a laghad nó ar feadh cibé líon íosta uaire an chloig is mó os cionn fiche uair an chloig a bheidh forordaithe an tráth sin.

(c)      Aon aturnae a dhéanfaidh iarratas chun an Chumainn ar dheimhniú cleachta don bhliain cleachta dar tosach an chéad lá d'Eanáir 2010 déanfaidh sé nó sí, mar chuid den iarratas sin, a dheimhniú don Chumann (agus an deimhniúchán sin a fhíorú, má iarrann an Cumann air nó uirthi déanamh amhlaidh, trína thaifead nó trína taifead agus trína dheimhnithe nó trína deimhnithe freastail, a choimeádtar de bhun chlásal (c)(i) agus (ii) de Rialachán 5 a thabhairt ar aird) go ndearna an t-aturnae forbairt leantach ghairmiúil le linn an tríú timthriall ar feadh fiche uair an chloig ar a laghad nó ar feadh cibé líon íosta uaire an chloig is mó os cionn fiche uair an chloig a bheidh forordaithe an tráth sin.

Measfar gur míiompar é sárú ar na Rialacháin

7.       Tar éis fíosrúcháin chuí ag an mBinse Araíonachta de bhun alt 7 (arna ionadú le halt 17 d'Acht 1994 agus arna leasú le halt 9 d'Acht 2002 d'Acht 1960, féadfaidh an Binse Araíonachta a chinneadh, maidir le haon sárú ar na Rialacháin seo, gur mí-iompar é de réir bhrí alt 3 (arna leasú le halt 24 d'Acht 1994 agus le halt 7 d'Acht 2002) d'Acht 1960.

Na Rialacháin a mhodhnú in imthosca eisceachtúla

8.       Féadfaidh an Cumann, in imthosca eisceachtúla agus faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis an gCumann, aon cheanglas nó aon fhoráil de coinníollacha is cuí leis an gCumann, aon cheanglas nó aon fhoráil de chuid na Rialachán seo a mhodhnú.

Arna dhátú an 10th lá seo d'Eanáir 2003

Arna shíniú thar ceann Dhlí-Chumann na héireann de bhun alt 79 den Acht Aturnaethe, 1954.

_________________________________________

Geraldine Clarke,

Uachtarán Dhlí-Chumann na héireann

De bhun fhorálacha alt 40 den Acht Aturnaethe, 1954 (arna leasú le halt 49 (e den Acht Aturnaetha (Leasú)), comhthoilím leis na Rialacháin thuas a dhéanamh.

Arna dhátú an 29th lá seo d'Eanáir 2003

_________________________________________

Michael McDowell,

Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí

NÓTA MÍNIÚCHÁN

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é.)

Is é príomhchuspóir na hIonstraime ná socrú a dhéanamh maidir leis an méid seo a leanas

-         an bhrí atá le Forbairt Leantach Ghairmiúil nó FLG;

-         na haturnaetha lena mbaineann an ceanglas maidir le FLG a dhéanamh;

-         na tréimhsí nó na timthriaill ama, faoi seach, ar laistigh díobh nach mór na huaire riachtanacha de FLG a bheith déanta mar réamhriachtanas i dtaca le deimhniú cleachta a dheonú i leith na mblianta cleachta, faoi seach, dar tosach an chéad lá d'Eanáir 2006, an chéad lá d'Eanáir 2008 agus an chéad lá d'Eanáir 2010;

-         an líon íosta uaire an chloig de FLG a cheanglaítear ar aturnaetha a dhéanamh i ngach ceann de thrí thimthriall ama díreach roimh thosach gach ceann de na trí bliana cleachta sin;

-         deimhniú a thabhairt don Chumann go ndearnadh an líon íosta uaire de FLG;

-         a mheas gur mí-iompar é sárú ar na Rialacháin.