An tAcht um an Aonú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2001

An tAcht um an Aonú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2001

Twenty-first Amendment of the Constitution Act, 2001

/static/images/base/harp.jpg


AN tACHT UM AN AONÚ LEASÚ IS FICHE AR AN mBUNREACHT, 2001


RIAR NA nALT

Alt

1.

Airteagail 13, 15, 28 agus 40 den Bhunreacht a leasú.

2.

Lua.

AN SCEIDEAL

Cuid 1

Cuid 2

/static/images/base/harp.jpg


AN tACHT UM AN AONÚ LEASÚ IS FICHE AR AN mBUNREACHT, 2001


ACHT CHUN AN BUNREACHT A LEASÚ. [27 Márta, 2002]

DE BHR� gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráil ar bith den Bhunreacht a leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin:

AGUS DE BHR� go bhfuil beartaithe Airteagail 13, 15, 28 agus 40 den Bhunreacht a leasú:

ACHTAÃ?TEAR AG AN OIREACHTAS AR AN Ã?BHAR SIN MAR A LEANAS:

Airteagail 13, 15, 28 agus 40 den Bhunreacht a leasú.

1.—(a) Na leasuithe ar Airteagail 13, 15, 28 agus 40 den Bhunreacht atá leagtha amach i gCuid 1 den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, déanfar iad sa téacs Gaeilge.

(b) Na leasuithe ar na hAirteagail sin atá leagtha amach i gCuid 2 den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, déanfar iad sa téacs Sacs-Bhéarla.

(c) Déanfar Airteagal 15.5 den dá théacs a uimhriú mar Airteagal 15.5.1° agus déanfar fo-ailt 6° agus 7° d'Airteagal 40.4 den dá théacs a uimhriú mar fho-ailt 5° agus 6° faoi seach.

Lua.

2.—(1) An tAonú Leasú is Fiche ar an mBunreacht a thabharfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo.

(2) Féadfar an tAcht um an Aonú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2001, a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

Cuid 1

In Airteagal 13.6, “, taobh amuigh de chásanna breithe báis,” a scriosadh;

In Airteagal 15.5, an fo-alt seo a leanas a chur isteach:

“2° Ní cead don Oireachtas aon dlí a achtú lena ndéanfar socrú chun pionós an bháis a ghearradh.”;

In Airteagal 28.3.3°, “seachas Airteagal 15.5.2°” a chur isteach i ndiaidh “sa Bhunreacht seo”;

In Airteagal 40.4, fo-alt 5° a scriosadh.

Cuid 2

In Article 13.6, to delete “, except in capital cases,”;

In Article 15.5, to insert the following subsection:

“2° The Oireachtas shall not enact any law providing for the imposition of the death penalty.”;

In Article 28.3.3°, to insert “other than Article 15.5.2°” after “Constitution”;

In Article 40.4, to delete subsection 5°.