British-Irish Agreement Act, 1999

Feidhmeanna a aistriú chuig an bhForas.

28.—(1) Déantar leis seo feidhmeanna Bhord na Gaeilge a aistriú chuig an bhForas.

(2) (a) Déantar leis seo feidhmeanna an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, a mhéid a bhaineann na feidhmeanna sin le maoiniú na n-eagraíochtaí deonacha Gaeilge a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo, a aistriú chuig an bhForas.

(b) Féadfaidh an tAire le hordú, le comhaontú roimh ré ón gComhairle, an Tábla a ghabhann leis an alt seo a leasú trí thagairt d'aon eagraíocht Ghaeilge eile a chur leis an Tábla sin, trí thagairt d'eagraíocht den sórt sin a scriosadh as an Tábla sin nó trí iontráil maidir le heagraíocht den sórt sin sa Tábla sin a leasú.

(3) Déantar leis seo feidhmeanna an Aire Oideachais agus Eolaíochta—

(a) i ndáil le foilsitheoireacht ag an nGúm agus foilseacháin de chuid an Ghúim, agus

(b) i ndáil le forbairt téarmaíochta agus stóir focal ag an gCoiste Téarmaíochta,

i nGaeilge, a aistriú chuig an bhForas.

(4) Déanfar tagairtí, nó tagairtí atá le forléiriú mar thagairtí—

(a) don Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán nó don Roinn Stáit a bhfuil sé nó sí i gceannas uirthi,

(b) don Aire Oideachais agus Eolaíochta nó don Roinn Stáit a bhfuil sé nó sí i gceannas uirthi, nó

(c) do Bhord na Gaeilge,

in aon reacht nó in aon ionstraim arna déanamh faoi aon reacht agus a bhaineann le haon fheidhmeanna a aistrítear leis an alt seo a fhorléiriú, a mhéid a bhaineann siad leis na feidhmeanna sin, mar thagairtí don Fhoras.

AN TáBLA

1. Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

2. Gael Linn

3. Conradh na Gaeilge

4. An tOireachtas

5. An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta

6. Cumann na bhFiann

7. Comhluadar

8. Iontaobhas Ultach