British-Irish Agreement Act, 1999

Feidhmeanna an Fhorais.

27.—(1) Is iad feidhmeanna an Fhorais, de réir mhír 1 d' Airteagal 2 den Chomhaontú, ná na feidhmeanna sin a shonraítear i gCuid 5 d'Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú agus tá éifeacht le hailt 28 agus 41 chun críche na míre sin 1.

(2) De réir mhír 2 d'Airteagal 2 den Chomhaontú, beidh feidhm maidir leis an bhForas ag na socruithe a shonraítear i gCuid 5 agus i gCuid 7 d'Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gComhaontú.

(3) Beidh feidhm ag mír 1 d'Airteagal 3 den Chomhaontú maidir leis an bhForas.