An tAcht um an Ochtú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1998

/static/images/base/harp.jpg


AN tACHT UM AN OCHTÚ LEASÚ DÉAG AR AN mBUNREACHT, 1998


RIAR NA nALT

Alt

1.

Airteagal 29 den Bhunreacht a leasú.

2.

Lua.

AN SCEIDEAL

Cuid I

Cuid II

/static/images/base/harp.jpg


AN tACHT UM AN OCHTÚ LEASÚ DÉAG AR AN mBUNREACHT, 1998


ACHT CHUN AN BUNREACHT A LEASÚ.

[3 Meitheamh, 1998]

DE BHR� gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráil ar bith den Bhunreacht a leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin:

AGUS DE BHR� go bhfuil beartaithe Airteagal 29 den Bhunreacht a leasú:

ACHTAÃ?TEAR AG AN OIREACHTAS AR AN Ã?BHAR SIN MAR A LEANAS:

Airteagal 29 den Bhunreacht a leasú.

1.—Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 29 den Bhunreacht:

(a) cuirfear na fo-ailt a bhfuil na téacsanna díobh leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo isteach i ndiaidh fho-alt 4° d'alt 4 den téacs Gaeilge,

(b) cuirfear na fo-ailt a bhfuil na téacsanna díobh leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo isteach i ndiaidh fho-alt 4° d'alt 4 den téacs Sacs-Bhéarla,

(c) déanfar fo-ailt 5° agus 6° d'alt 4 den dá théacs a uimhriú mar fho-ailt 7° agus 8°.

Lua.

2.—(1) An tOchtú Leasú Déag ar an mBunreacht a thabharfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo.

(2) Féadfar an tAcht um an Ochtú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1998, a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

Cuid I

5°    Tig leis an Stát Conradh Amstardam ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach, na gConarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach agus Ionstraimí gaolmhara áirithe, a síníodh in Amstardam an 2ú lá de Dheireadh Fómhair, 1997, a dhaingniú.

6°    Tig leis an Stát na roghnuithe nó na roghanna a fheidhmiú a shocraítear le hAirteagail 1.11, 2.5 agus 2.15 den Chonradh dá dtagraítear i bhfo-alt 5° den alt seo nó fúthu agus leis an dara Prótacal agus leis an gceathrú Prótacal atá leagtha amach sa Chonradh sin nó fúthu ach beidh aon fheidhmiú den sórt sin faoi réir ceadú a fháil roimh ré ó dhá Theach an Oireachtais.

Cuid II

5°    The State may ratify the Treaty of Amsterdam amending the Treaty on European Union, the Treaties establishing the European Communities and certain related Acts signed at Amsterdam on the 2nd day of October, 1997.

6°    The State may exercise the options or discretions provided by or under Articles 1.11, 2.5 and 2.15 of the Treaty referred to in subsection 5° of this section and the second and fourth Protocols set out in the said Treaty but any such exercise shall be subject to the prior approval of both Houses of the Oireachtas.