I.R. Uimh. 5/1992 -An tOrdú Staidrimh (Táirgeadh Earraí Tionscail), 1992


De bhun na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 16 den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926), agus leis an Ordú um na hAchta Staidrimh, 1926 agus 1946 (Feidhmeanna Aire d'Aistriú), 1949 (I.R. Uimh. 142 de 1949), ordaímse, CATHAL S. Ó hEOCHAIDH, Taoiseach, leis seo mar a leanas:—

1. An tOrdú Staidrimh (Tairgeadh Earraí Tionscail), 1992, is teideal don Ordú seo.

2. Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937), leis an Ordú seo.

3. Baineann an tOrdú seo le sampla de ghnóthais atá ag gabháil do tháirgeadh tionscail, ar gnóthais iad a raibh 3 dhuine nó níos mó ar fostú iontu sa bhliain 1991, agus a roghnaítear chun sonraí de na hearraí a tháirgeann siad a sholáthar.

4. Baileofar eolas sa bhliain 1992 i leith na mbliana 1991 maidir leis na gnóthais lena mbaineann an tOrdú seo, i dtaobh na nithe ar leithligh atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis seo.

5. Is é an duine ag a mbeidh an t-eolas le tabhairt a éilítear maidir le haon ghnóthas lena mbaineann an tOrdú seo ná an duine a sheolann an gnóthas agus ar a ndéanfar leor-éileamh faoi alt 8 den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926).

AN SCEIDEAL

An t-eolas atá le bailiú:

( a ) ainm agus suíomh an ghnóthais;

( b ) cainníocht agus luach gach ceann de na táirgí atá liostaithe ar an gceistiúchán a díoladh nó a rinneadh ar coimisiún;

( c ) maidir le haon táirge eile a díoladh, an chainníocht agus an luach a díoladh nó a rinneadh ar coimisiún;

( d ) luach na n-aicmí éagsúla stoc i dtús agus i ndeireadh na bliana (ábhair agus breoslaí, obair ar siúl, earraí críochnaithe, earraí a ceannaíodh lena n-athdhíol).

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil, an 14ú lá seo d'Eanáir, 1992.

CATHAL S. Ó hEOCHAIDH,

Taoiseach.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN.

Is é is cuspóir don ionstraim seo a cheadú sonraí faoi tháirgí agus stoic a bhailiú ó ghnóthais ionadaitheacha tionscail i leith na bliana 1991.