An tAcht um an Trí Leasú Déag ar an mBunreacht, 1992

/static/images/base/harp.jpg


AN tACHT UM AN TR�Ú LEASÚ DÉAG AR AN mBUNREACHT, 1992


RIAR NA nALT

Alt

1.

Airteagal 40.3 den Bhunreacht do leasú.

2.

Lua.

AN SCEIDEAL

Cuid I

Cuid II

/static/images/base/harp.jpg


AN tACHT UM AN TR�Ú LEASÚ DÉAG AR AN mBUNREACHT, 1992


ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ. [23 Nollaig, 1992]

DE BHR� gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráileamh ar bith den Bhunreacht do leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin:

AGUS DE BHR� go bhfuil beartaithe Airteagal 40.3 den Bhunreacht do leasú:

ACHTAÃ?TEAR AG AN OIREACHTAS AR AN Ã?BHAR SIN MAR A LEANAS:

Airteagal 40.3 den Bhunreacht do leasú.

1.Leasaítear leis seo Airteagal 40.3 den Bhunreacht—

(a) i bhfo-alt 3° den téacs Gaeilge, trí dhara mír a bhfuil an téacs di leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur isteach;

(b) i bhfo-alt 3° den téacs Sacs-Bhéarla, trí dhara mír a bhfuil an téacs di leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur isteach.

Lua.

2.(1) An Triú Leasú Déag ar an mBunreacht a bhéarfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo.

(2) Féadfar an tAcht um an Triú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1992, a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

Cuid I

Ní theorannóidh an fo-alt seo saoirse chun taisteal idir an Stát agus stát eile.

Cuid II

This subsection shall not limit freedom to travel between the State and another state.