An tAcht um an Naoú Leasú ar an mBunreacht, 1984.

ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ

Acht um an Naoú Leasú ar an mBunreacht, 1984

An tAcht um an Naoú Leasú ar an mBunreacht, 1984

RIAR NA nALT

Alt

1.

Airteagal 16 den Bhunreacht do leasú.

2.

Lua.

AN SCEIDEAL

CUID I

CUID II


Acht um an Naoú Leasú ar an mBunreacht, 1984


ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ [2 Lúnasa, 1984]

DE BHR� gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráileamh ar bith den Bhunreacht do leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin:

AGUS DE BHR� go bhfuil beartaithe Airteagal 16 den Bhunreacht do leasú:

ACHTAÃ?TEAR AG AN OIREACHTAS AR AN Ã?BHAR SIN MAR A LEANAS:

Airteagal 16 den Bhunreacht do leasú.

1.—Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 16 den Bhunreacht:

(a) cuirfear an fo-alt atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad fho-alt 2° d'alt 1 den téacs Gaeilge,

(b) cuirfear an fo-alt atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad fho-alt 2° d'alt 1 den téacs Sacs-Bhéarla,

(c) cuirfear “a dhícháileochadh saoránach ar bith nó duine ar bith eile, ar an bhforas céanna sin,” isteach i ndiaidh “de Dháil Éireann nó” i bhfo-alt 3° d'alt 1 den téacs Gaeilge,

(d) cuirfear “or other person” isteach i ndiaidh “disqualifying any citizen” i bhfo-alt 3° d'alt 1 den téacs Sacs-Bhéarla.

Lua.

2.—(1) An Naoú Leasú ar an mBunreacht a bhéarfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo.

(2) Féadfar an tAcht um an Naoú Leasú ar an mBunreacht, 1984, a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

CUID I

2° i. Gach uile shaoránach, agus

ii. cibé daoine eile sa Stát a cinnfear le dligheadh,

cibé aca fir nó mná, ag a bhfuil ocht mbliadhna déag slán agus ná cuirtear fá dhícháilidheacht le dligheadh, agus a choimhlíonas coingheallacha an dlighidh i dtaobh toghcháin comhaltaí do Dháil Éireann, tá ceart bhótála aca i dtoghchán comhaltaí do Dháil Éireann.

CUID II

2° i. All citizens, and

ii. such other persons in the State as may be determined by law,

without distinction of sex who have reached the age of eighteen years who are not disqualified by law and comply with the provisions of the law relating to the election of members of Dáil Éireann, shall have the right to vote at an election for members of Dáil Éireann.