An tAcht um an Ochtú Leasú ar an mBunreacht, 1983.

ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ

Acht um an Ochtú ar an mBunreacht, 1983


AN tACHT UM AN OCHTÚ LEASÚ AR AN mBUNREACHT, 1983


ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ. [7 Deireadh Fómhair, 1983]

DE BHR� gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráileamh ar bith den Bhunreacht do leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin:

AGUS DE BHR� go bhfuil beartaithe Airteagal 40 den Bhunreacht do leasú:

ACHTAÃ?TEAR AG AN OIREACHTAS AR AN Ã?BHAR SIN MAR A LEANAS:

Airteagal 40 den Bhunreacht do leasú.

1.—Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 40 den Bhunreacht:

(a) cuirfear an fo-alt atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo le halt 3 den téacs Gaeilge,

(b) cuirfear an fo-alt atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo le halt 3 den téacs SacsBhéarla.

Lua.

2.—(1) An tOchtú Leasú ar an mBunreacht a bhéarfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo.

(2) Féadfar an tAcht um an Ochtú Leasú ar an mBunreacht, 1983, a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

Cuid I

3° Admhaíonn an Stát ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha agus, ag féachaint go cuí do chomhcheart na máthar chun a beatha, ráthaíonn sé gan cur isteach lena dhlíthe ar an gceart sin agus ráthaíonn fós an ceart sin a chosaint is a shuíomh lena dhlíthe sa mhéid gur féidir é.