I.R. Uimh. 80/1980 -An tOrdú Talmhaíochta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean) (Uimh. 2), 1980.
Ar iarratas ón Aire Talmhaíochta agus i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977), ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas:— 1. An tOrdú Talmhaíochta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean) (Uimh. 2), 1980, is teideal don Ordú seo. 2. Déantar leis seo na cumhachtaí agus na dualgais go léir de chuid an Aire Talmhaíochta faoi na hAchtanna a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo a tharmligean chuig Lorcán Ó hAillín, T.D. , Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta. | ||
| ||
| ||
AN SCEIDEAL. | ||
An tAcht Síolrúcháin Eallach Stuic. 1925. | ||
Na hAchtanna um Oideachas Phríomh-Scoile (Talmhaíocht agus Eolaíocht Déiríochta). 1926 agus 1930. | ||
Achtanna na dTréidleá. 1931 go 1960. | ||
Na hAchtanna Talmhaíochta. 1931 go 1974. | ||
Acht na bhFranncach Muisc. 1933. | ||
An tAcht Síolrúcháin Chapall. 1934. | ||
Na hAchtanna Graí Náisiúnta. 1945 agus 1976. | ||
Na hAchtanna um Bord Rásaíochta agus Rás-Chúrsaí. 1945 agus 1975. | ||
An tAcht Beodhíle (Intseamhnú Saorga). 1947. | ||
Acht Tionscail na gCon. 1958. | ||
An tAcht Talmhaíochta (An Foras Talúntais). 1958. | ||
An tAcht Margaithe Olla. 1968. | ||
An tAcht um Thionscal na gCapall. 1970. | ||
Acht an Údaráis Náisiúnta um Chomhairle. Oideachas agus Taighde Talmhaíochta. 1977. | ||
An tAcht Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta). 1979. | ||
ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais an 19ú lá seo | ||
de Mhárta, 1980. | ||
CATHAL Ó hEOCHAIDH, | ||
Taoiseach. | ||
NÓTA MÍNIÚCHÁIN. | ||
(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi è.) | ||
Tarmligtear leis an Ordú seo cumhachtaí agus dualgais an Aire Talmhaíochta faoi na hAchtanna atá sonraithe sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú chun Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta (Lorcán Ó hAillín, T.D.). |