I.R. Uimh. 27/1980 -An tOrdú umRéamhchúram in Aghaidh Aer-Ruathar (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1980.


Ar iarratas ón Aire Cosanta agus i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 2 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977), ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas:

1. An tOrdú um Réamhchúram in Aghaidh Aer-Ruathar (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1980, is teideal don Ordú seo.

2. Déantar leis seo cúmhachtaí agus dualgais uile an Aire Cosanta faoin Acht um Réamhchúram in Aghaidh Aer-Ruathar, 1939 (Uimh. 21 de 1939), agus faoin Acht um Réamhchúram in Aghaidh Aer-Ruathar, 1946 (Uimh. 28 de 1946), a tharmligean chuig Seán Ó Mórdha, Aire Stáit ag an Roinn Cosanta.

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais an 25ú lá seo de

Eanair, 1980.

CHARLES J. HAUGHEY,

Taoiseach.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN.

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi è.)

Déantar leis an Ordú seo cúmhachtaí agus dualgais an Aire Cosanta maidir le hábhair a bhaineann le Cosáint Shibhialta a tharmligean chun an Aire Stáit ag an Roinn Cosanta.