An tAcht um an Seachtú Leasú ar an mBunreacht (Forais �rdoideachais do Thoghadh Comhaltaí de Sheanad Éireann) 1979

AN tACHT UM AN SEACHTÚ LEASÚ AR AN mBUNREACHT (FORAIS �RDOIDEACHAIS DO THOGHADH COMHALTA� DE SHEANAD ÉIREANN), 1979


ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ. [3 Lúnasa, 1979]

DE BHR� gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráileamh ar bith den Bhunreacht do leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin:

AGUS DE BHR� go bhfuil beartaithe Airteagal 18 den Bhunreacht do leasú:

ACHTAÃ?TEAR AG AN OIREACHTAS AR AN Ã?BHAR SIN MAR A LEANAS:

Airteagal 18 den Bhunreacht do leasú.

1.—Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 18 den Bhunreacht:

(a) cuirfear na fo-ailt atá leagtha amach i g Cuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo le halt 4 den téacs Gaeilge,

(b) cuirfear na fo-ailt atá leagtha amach i g Cuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo le halt 4 den téacs SacsBhéarla,

(c) déanfar alt 4 den dá théacs a uimhriú mar alt 4 1°

Lua.

2.—(1) An Seachtú Leasú ar an mBunreacht a bhearfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo.

(2) Féadfar an tAcht um an Seachtú Leasú ar an mBunreacht (Forais �rdoideachais do Thoghadh Comhaltaí de Sheanad Éireann), 1979, a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

CUID I

2°. Féadfar foráileamh a dhéanamh le dligheadh chun go dtoghfar do réir togh-chórais, agus ar an modh, a socróchar le dligheadh, ag ceann amháin nó níos mó de na forais seo a leanas, eadhon:

i. na hollscoileanna a luaidhtear i bhfo-alt 1° den alt so,

ii. aon fhorais eile árdoideachais sa Stát,

an líon san comhaltaí de Sheanad Éireann a socróchar le dligheadh in ionad líon comhionann de na comhaltaí a bheas le togha do bhun míreanna i agus ii den fho-alt san 1°.

Féadfar comhalta nó comhaltaí de Sheanad Éireann a thogha fán bhfo-alt so ag forais a bheas tiomsuighthe le chéile nó ag foras aonair.

3°. Ní cead aon ní dá bhfuil in san Airteagal so d'agairt chun toirmeasc a chur le hollscoil a luaidhtear i bhfo-alt 1° den alt so a lánscor do réir dlighidh.

CUID II

2°. Provision may be made by law for the election, on a franchise and in the manner to be provided by law, by one or more of the following institutions, namely:

i. the universities mentioned in subsection 1° of this section,

ii. any other institutions of higher education in the State,

of so many members of Seanad Éireann as may be fixed by law in substitution for an equal number of the members to be elected pursuant to paragraphs i and ii of the said subsection 1°.

A member or members of Seanad Éireann may be elected under this subsection by institutions grouped together or by a single institution.

3°. Nothing in this Article shall be invoked to prohibit the dissolution by law of a university mentioned in subsection 1° of this section.

Tourist Traffic Act (No. 22)

Transport (Miscellaneous Provisions) Act (No. 18)

Tribunals of Inquiry (Evidence) (Amendment) Act (No. 3)

Trustee Savings Banks Act (No. 17)

Údarás na Gaeltachta Act (No. 5)