An tAcht um an Séú Leasú ar an mBunreacht (Uchtáil) 1979

AN tACHT UM AN SÉÚ LEASÚ AR AN mBUNREACHT (UCHT�IL), 1979


ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ. [3 Lúnasa, 1979]

DE BHR� gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráileamh ar bith den Bhunreacht do leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin:

AGUS DE BHR� go bhfuil beartaithe Airteagal 37 den Bhunreacht do leasú:

ACHTAÃ?TEAR AG AN OIREACHTAS AR AN Ã?BHAR SIN MAR A LEANAS:

Airteagal 37 den Bhunreacht do leasú.

1.—Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 37 den Bhunreacht:

(a) cuirfear an t-alt atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo leis an téacs Gaeilge,

(b) cuirfear an t-alt atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo leis an téacs Sacs-Bhéarla,

(c) déanfar Airteagal 37 den dá théacs a uimhriú mar alt 1 den Airteagal sin.

Lua.

2.—(1) An Séú Leasú ar an mBunreacht a bhéarfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo.

(2) Féadfar an tAcht um an Séú Leasú ar an mBunreacht (Uchtáil), 1979, a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

CUID I

2. Ní raibh ná ní bheidh aon uchtáil ar dhuine do ghlac éifeacht nó a bhfuil sé sainráidhte gur ghlac sí éifeacht aon tráth tar éis don Bhunreacht seo do theacht i ngníomh faoi dhlighthe d'achtuigh an tOireachtas agus is uchtáil de bhun ordú do rinne nó údarú do thug aon duine nó aon dream a bhí sonruighthe leis na dlighthe sin chun na feadhmanna agus na cumhachta sin d'oibriú ó bhail dlighidh de bhíthin amháin nár bhreitheamh ná cúirt do ceapadh nó do bunuigheadh mar bhreitheamh nó mar chúirt faoin mBunreacht seo an duine nó an dream sin.

CUID II

2. No adoption of a person taking effect or expressed to take effect at any time after the coming into operation of this Constitution under laws enacted by the Oireachtas and being an adoption pursuant to an order made or an authorisation given by any person or body of persons designated by those laws to exercise such functions and powers was or shall be invalid by reason only of the fact that such person or body of persons was not a judge or a court appointed or established as such under this Constitution.