I.R. Uimh. 124/1975 - An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Tháirgeadh), 1975.


De bhun na gcumhachtaí a thugtar le halt 16 (1) den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926), agus leis an Ordú um na hAchta Staidrimh, 1926 agus 1946 (Feidhmeanna Aire d'Aistriú), 1949 (I.R. Uimh. 142 de 1949), ordaíonn an Taoiseach, leis seo, mar a leanas:—

1. An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Tháirgeadh), 1975, is teideal don Ordú seo.

2. Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937), leis an Ordú seo.

3. Baineann an tOrdú seo le gach ceann de na gnóthais seo a leanas, is é sin le rá, na tionscail, na ceirdeanna agus na gnóthaí a shonraítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis seo.

4. Baileofar staidreamh (dá ngairtear "an staidreamh" san Ordú seo) sa bhlian 1975, maidir leis na gnóthais lena mbaineann an tOrdú seo, i dtaobh na nithe ar leithligh atá leaghtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis seo.

5. Is iad na foirmeacha a úsáidtear chun an staidreamh a bhailiú na foirmeacha a thaispeántar i gCuid III den Sceideal a ghabhann leis seo, agus tá sraith díobh sin atá séalaithe le Séala Oifigiúil an Taoisigh taiscthe i Roinn an Taoisigh.

6. Is é an duine ag a mbíonn an gnóthas ar siúl, agus ar a ndéanfar leoréileamh faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926), a thabharfaidh tuairisceáin agus eolas uaidh, chun críche an staidrimh, maidir le haon ghnóthas lena mbaineann an tOrdú seo.

AN SCEIDEAL.

CUID I.

TIONSCAIL, CEIRDEANNA AGUS GNÓTHAÍ.

Mianadóireacht agus Cairéalacht

Gual agus Mianraí eile agus Móin a bhaint, lena n-áirítear sirtheoireacht agus ullmhú láithreán.

Tionscail Déantúsaíochta

Substaintí, idir orgánach agus neamhorgánach, a chlaochlú go meicniúil nó go ceimiceach ina dtáirgí nua, mar aon leis an obair dheisiúcháin atá gaolmhar leis sin agus cóimeáil comhpháirteanna de tháirgí déantúsaíochta.

Foirgníocht

Foirgníocht agus Cothabháil Oibreacha ag Iarnróid, Údaráis Áitiúla agus Údaráis Phoiblí eile, lena n-áirítear Foirgnimh, Oibreacha Séarachais agus Siltin, Oibreacha Uisce, Canálacha, Cuanta agus Dugaí, Bóithre Poiblí agus Droichid agus Oibreacha eile den saghas sin.

Leictreachas, Gás agus Uisce

Giniúint, Tarchur agus Imdháil Fuinnimh Leictrigh; Déanamh Gáis in Oibreacha Gáis; Soláthar agus Imdháil Uisce.

Ceirdeanna Neachtlainne, Ruaimniúcháin agus Glantóireachta.

CUID II.

Is leis an mbliain 1974 a bhaineann an méid atá sa Chuid seo (ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt).

EOLAS, TUAIRSCEÁIN AGUS SONRAÍ.

(A) Maidir le gnóthais a ndéantar leoréileamh ina leith faoi alt 8 (l) den Acht Staitistíochta, 1926, ar cheann amháin nó níos mó de na foirmeacha a shonraítear i gCuid III (A) den Sceideal seo.

Uimh. 1.—Sonraí an Bhunachais

( a ) Ainm trádála.

( b ) Ainm iomlán nó ainmneacha iomlána an dílseánaigh nó na ndílseánach, mura cuideachta theoranta í.

( c ) Seoladh iomlán nó seoltaí iomlána poist an bhunachais nó na mbunachas.

( d ) Uimhir theileafóin.

( e ) Más cuid é an bunachas de ghnólacht ag a bhfuil gníomhaíochtaí tairgeachta ar siúl ag aon seoladh eile sa Stát, ainm an ghnólachta agus seoladh a Cheann Oifige.

Uimh. 2.—Athruithe ar na Sócmhainní Caipitil Dochta i rith na Bliana

A—Méaduithe ar na Sócmhainní Caipitil Dochta agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

Le haghaidh críocha Táirge:

(i) Costas gléasra, innealra agus trealaimh (gan feithiclí a áireamh) a ceannaíodh agus a cuireadh i bhfearas.

(ii) Costas feithiclí a ceannaíodh.

(iii) Costas na hoibre a rinne oibrithe an ghnólachta féin ar ghléasra, innealra agus trealamh, ar fhoirgnimh (lena n-áirítear méaduithe agus athruithe substaintiúla) agus costas oibre foirgníochta eile.

(iv) Costas na hoibre a rinne conraitheóirí ar fhoirgnimh (lena n-áirítear méaduithe agus athruithe substaintiúla) agus costas oibre foirgníochta eile.

(v) Costas foirgneamh (seachas iad sin ag (iii) agus (iv)) a ceannaíodh.

(vi) Costas na talún a fuarthas.

(vii) Costas sócmhainní caipitil dochta eile.

Le haghaidh úsáide Sóisialta:

(viii) Costas tithe cónaithe agus costas foirgneamh nó áiseanna eile le haghaidh úsáide sóisialta.

B—Laghduithe ar na Sócmhainní Caipitil Dochta i rith na bliana agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

Le haghaidh críocha Táirge:

(i) Toradh díolachán gléasra, innealra agus trealaimh.

(ii) Toradh díolachán feithiclí.

(iii) Toradh díolachán foirgneamh.

(iv) Toradh díolachán talún.

(v) Toradh díolachán sócmhainní caipitil dochta eile.

Le haghaidh úsáide Sóisialta:

(vi) Toradh díolachán tithe cónaithe agus díolachán foirgneamh nó áiseanna eile le haghaidh úsáide sóisialta.

Uimh. 3.—Stoic agus Obair ar Siúl

Luach na nithe seo a leanas i dtús agus i ndeireadh na bliana; (a) stoic d'ábhair, (b) obair ar siúl, (c) stoic d'earraí críochnaithe a rinne an bunachas agus a bhí ullamh chun a ndíolta, agus (d) stoic d'earraí a ceannaíodh lena n-athdhíol gan a thuilleadh próiséala.

Uimh. 4.—Táirgí a Monaraíodh agus Obair a Rinneadh i rith na Bliana

( a ) Cainníocht agus luach gach ceann faoi leith de na príomhtháirgí a chur síos ar leithligh. Sonraí ar na táirgí eile go léir agus luach iomlán na dtáirgí sin le chéile.

( b ) Na suimeanna a fuarthas as an obair go léir a rinne fostaithe an bhunachais, lena n-áirítear na suimeanna a fuarthas as an obair a rinneadh ar ábhair a sholáthraigh daoine eile agus na suimeanna a fuarthas as deisiúcháin a rinneadh do dhaoine eile.

Uimh. 5.—Ábhair agus Comhábhair a Úsáideadh

Cainníochtaí agus costas (sna hoibreacha) na mbunábhar agus na gcomhpháirteanna go léir a úsáideadh ag tairgeadh nó ag déanamh na dtáirgí i rith na bliana agus ag déanamh na hoibre, a n-iarrtar sonraí ina leith in Uimh. 4 thuas.

Uimh. 6.—Costas Coimeádán, Deisiúchán, etc.

Costas coimeádán agus ábhar pacála eile a díoladh leis na hearraí; costas na n-ábhar a ceannaíodh le deisiú a dhéanamh ar fhoirgnimh agus ar ghléasra ag fostaithe an bhunachais; suimeanna a íocadh as obair chonartha a rinne daoine eile ar ábhar a chuir an bunachas ar fáil i ndáil leis na táirgí a n-iarrtar sonraí ina leith in Uimh. 4 thuas; suimeanna a íocadh le gnólachtaí eile ag deisiú agus ag cothabháil gléasra, innealra, feithiclí agus foirgneamh.

Uimh. 7.—Breosla, Leictreachas, etc., a úsáideadh i rith na Bliana

Ní foláir sonraí a thabhairt i dtaobh cainníocht agus costas (sna hoibreacha) gach ceann de na saghsanna éagsúla breosla, olaí agus leictreachais, etc., a úsáideadh agus an chainníocht leictreachais a gineadh i rith na bliana.

Uimh. 8.—Fostaíocht, Tuillimh agus Uaire a oibríodh

A—Maidir le bunachais a bhfuil sé riachtanach tuairisceáin a thabhairt ina leith in aon cheann de na foirmeacha C.I.P. 74/1 go C.I.P. 74/52 atá sonraithe i gCuid III (A) den Sceideal seo.

( a ) An líon daoine a bhí iarbhír ag obair nó ar laethanta saoire nó ar saoire bhreoiteachta ar a bpá i rith na seachtaine pá dár críoch 21 Meán Fómhair, 1974, nó an dáta ionadaitheach is gaire dó sin, ag idirdhealú idir na haicmí seo a leanas agus ag taispeáint líon na bhfireannach agus na mbaineannach ar leithligh:—

(i) Dílseánaigh ag obair sa ghnó,

(ii) Foíreann bainistíochta, teicníochta agus foireann eile ar tuarastal,

(iii) Foireann cléireachais agus foireann eile oifige,

(iv) Bunfhoireann mhaoirseachta,

(v) Oibrithe tionscail, seachas printísigh agus tascoibrithe lasmuigh,

(vi) Printísigh,

(vii) Tascoibrithe lasmuigh.

( b ) Méid iomlán an tuarastail, an phá agus an tuillimh a íocadh i rith na bliana le gach aicme de na haícmí fostaithe atá luaithe in Uimh. 8A (a) (ii) go (vii).

B—Maidir le bunachais a bhfuil sé riachtanach tuairisceáin a thabhairt ina leith in aon cheann de na foirmeacha C.I.P. 74/54 go C.I.P. 74/60 mar atá sonraithe i gCuid III (A) den Sceideal seo.

( a ) An lion daoine a bhí iarbhír ag obair nó ar laethanta saoire nó ar saoire bhreoiteachta ar a bpá i rith na seachtaine dr chríoch 21 Meán Fómhair, 1974, nó an dáta ionadaitheach is gaire dó sin, ag idirdhealú idir na haicmí seo a leanas:—

(i) Dílseánaigh ag obair sa ghnó.

(ii) Foireann bainistíochta, teicníochta, agus foireann eile ar tuarastal.

(iii) Foireann cléireachais agus foireann eile oifige ag taispeáint an líon fear, ógánach, ban agus cailíní, ar leithligh.

(iv) Oibrithe tionscail—nach tascoibrithe lasmuigh—ag taispeáint an líon fear, ógánach, ban agus cailíní, ar leithligh.

(v) Tascoibrithe lasmuigh.

( b ) Tuilleamh iomlán, agus na huaire a d'oibrigh, gach aicme de na haicmí fostaithe atá luaite in Uimh. 8B (a) (iii) agus (iv) i rith na seachtaine pá dar chríoch 21 Meán Fómhair, 1974, nó an dáta ionadaítheach is gaire dó sin.

( c ) Méid iomlán an tuarastail, an phá agus an tuillimh a íocadh i rith na bliana le gach aicme de na haicmí fostaithe atá luaithe in Uimh. 8B (a) (ii) go (v).

( d ) An líon iomlán d'oibrithe tionscail (nach tascoibrithe lasmuigh) a bhí iarbhír ag obair nó ar saoire nó ar saoire bhreoiteachta ar a bpá agus méid iomlán na n-uaire a d'oibrigh siad iarbhír i rith seachtainí sonraithe áirithe i 1974.

Uimh. 9.—Costais Saothair eile

Méid na muirear nó na gcostas a d'íoc an bunachas i rith na bliana i leith na bhfostaithe uile mar gheall ar—

( a ) Ranníocaí fostóirí faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh 1952 go 1974 agus na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 agus 1971.

( b ) Íocaíochtaí iomarcaíochta.

( c ) Ranníocaí fostóirí i leith cistí aoisliúntais.

( d ) Íocaíochtaí pinsean seachas iad sin a íocadh as na cistí aoisliúntais.

( e ) Préimheanna árachais le haghaidh tinnis, míthreora, tionóiscí, etc.

( f ) Íocaíochtaí forlíotacha le fostaithe i leith tinnis, míthreora agus tionóiscí.

( g ) Caiteachas ar thithíocht foirne agus liúntais speisialta le hagaidh lóistín.

( h ) Bia, éadach, breosla, etc. a cuireadh ar fáil d'fhostaithe nó na híocaíochtaí dá réir ina n-ionad.

(i) ocaíochtaí faoin Acht Oiliúna Tionscail, 1967 agus costais oiliúna eile.

( j ) Costais saothair eile.

Uimh. 10.—Sonraí breise a éilitear de réir Threoir 72/221 de chuid Comhairle na gComhphobal Eorpach

A—Sonraí Láimhdeachais, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthú seo a leanas:

( a ) An méid iomlán a sonraíodh do chustaiméirí maidir le,

(i) earraí a táirgeadh agus a díoladh,

(ii) seirbhísi tionscail a cuireadh ar fáil.

( b ) Luach earraí ceannaithe a margaíodh nó a monaraíodh.

( c ) Aon ghnéithe eile láimhdeachais.

B—Sonraí Nithe a Ceannaiodh, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

( a ) Costas ábhar agus breoslaí.

( b ) Costas na seirbhísí tionscail go léir a fuarthas.

( c ) Costas earraí a margaíodh nó a monaraíodh.

C—Sonraí Costas Seirbhisí Neamh-Thionscail, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

( a ) Gléasra, innealra, trealamh etc., a fhruiliú.

( b ) Cíosanna a íocadh ar áitribh.

( c ) Préimheanna árachais a íocadh ar ghléasra agus ar áitribh.

( d ) Muirir bainc.

( e ) Gach seirbhís neamh-thionscail eile.

D—Sonraí Cánach ar Láimhdeachas agus Cánacha indíreacha, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

( a ) An méid iomlán Cánach-Breisluacha a sonraíodh do chustaiméirí,

( b ) An méid d'aon chánacha eile tomhaltais a íocadh nó is iníoctha.

( c ) An méid d'aon chánacha indíreacha eile a íocadh nó is iníoctha.

E—Sonraí Cánach ar Inchur, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

( a ) An méid Cánach-Breisluacha is inasbhainte nuair a cheannaítear ábhair, breosla, etc.

( b ) An méid Cánach-Breisluacha is inasbhainte nuair a cheannaítear sóchmhainní caipitil dochta.

F—Sonraí i dtaobh Fóirdheontais Oibríochta.

Na méideanna a fuarthas as cistí Stáit mar fhóirdheontais nó mar liúntais ar earraí a díoladh nó abhair a ceannaíodh

(B) Maidir le gnóthais a ndearnadh leoréileamh ina leith faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926, ar an bhfoirm a shonraítear i gCuid III (B) den Sceideal seo.

Uimh. 1. —Tuairisc an ghnó.

Uimh. 2. —Luach na n-earraí agus na hoibre a rinneadh agus na táillí obair a rinneadh ar ábhar na gcustaiméirí féin agus as obair dheisiúcháin agus bhreacghnó a rinneadh i rith na bliana.

Uimh. 3. —Costas na n-ábhar, lena n-áirítear comhábhair, breosla, ola, gás, leictreachas, coimeádain agus ábhar, pacála eile arna ndíol i dteannta na n-earraí, a n-iarrtar sonraí ina leith in Uimh. 2 thuas.

Uimh. 4. —Daoine a bhí ag gabháil don ghnó

An líon daoine a bhí iarbhír ag obair nó ar laethanta saoire nó ar saoire bhreoiteachta ar a bpá sa bhunachas i rith na seachtaine pá dár chríoch 21 Meán Fómhair, 1974, nó an dáta ionadaitheach is gaire dó sin, ag idirdhealú idir na haicmí seo a leanas:—

( a ) Dílseánaigh ag obair sa ghnó.

( b ) Foireann bainistíochta, teicníochta, agus foireann eile oifige ar tuarastal.

( c ) Foireann cléireachais agus foireann eile oifige ag taispeáint an líon fear, ógánach, ban agus cailíní, ar leithligh.

( d ) Oibrithe tionscail (nach tascoibrithe lasmuigh) ag taispeáint an líon fear, ógánach, ban agus cailíní, ar leithligh.

( e ) Tascoirbrithe lasmuigh.

Uimh. 5. —Méid iomlán an tuarstail, an phá agus an tuillimh a íocadh i rith na bliana leis na haicmí fostaithe atá luaite in Uimh. 4 (b) go (e).

CUID III.

(A)—Maidir le gnóthais ar gá an t-eolas, na tuairisceáin agus na sonraí a ordaítear i gCuid II (A) den Sceideal seo a thabhairt ina leith.

Foirm Uimh.

An Tionscal, an Cheird nó an Gnó

C.I.P. 74/1

Mianadóireacht agus Cairéalacht—Gual.

C.I.P. 74/2

Mianadóireacht agus Cairéalacht—Cloch, Slinn, Gaineamh agus Gairbhéal.

C.I.P. 74/3

Mianadóireacht agus Cairéalacht—Ilghnéitheach.

C.I.P. 74/4

Táirgeadh Móna agus Forbairt Phortaigh.

C.I.P. 74/5

Monarchana Bagúin.

C.I.P. 74/6

Marú Beithíoch agus Ullmhú agus Leasú Feola seachas i Monarchana Bagúin.

C.I.P. 74/7

Im Uachtarlainne, Cáis, Bainne Comhdhlúite, Miongrach Seacláide, Uachtar Reoite agus Táirgí Bainne Inite eile.

C.I.P. 74/8

Cannú Torthaí agus Glasraí agus Déanamh Torthaí agus Glasraí Leasaithe, Subhanna, Géiléithe, etc.

C.I.P. 74/9

Muilleoireacht Ghráin agus Ábhair Bheatha d'Ainmhithe.

C.I.P. 74/10

Arán, Brioscaí agus Milseoga Plúir.

C.I.P. 74/11

Déanamh agus Mínghlanadh Siúcra.

C.I.P. 74/12

Déanamh Cocó, Seacláide agus Milseoga Siúcra.

C.I.P. 74/13

Cannú agus Leasú Éisc.

C.I.P. 74/14

Margairín, Saillte Cumaiscthe Cócaireachta agus Cumasc Ime.

C.I.P. 74/15

Ullmhóidí Ilghnéitheacha Bia.

C.I.P. 74/16

Driogaireacht.

C.I.P. 74/17

Brachadóireacht.

C.I.P. 74/18

Grúdaireacht.

C.I.P. 74/19

Uiscí Aertha agus Uiscí Mianrúla, Lionn Úll agus Lionn Piora, Coirdéal agus Sú Teile, etc.

C.I.P. 74/20

Tobac.

C.I.P. 74/21

Éadach Olla agus Uirstéid (gan Baill Éadaigh a áireamh).

C.I.P. 74/22

Sníomh agus Fí Lín agus Cadáis agus Déantúis díobh.

C.I.P. 74/23

Iút, Canbhás, Réón, Níolóin, Téadra agus Ildhéantúis Teicstíleacha.

C.I.P. 74/24

Góiséireacht.

C.I.P. 74/25

Bróga.

C.I.P. 74/26

Baill Éadaigh—Culthacha, Cótaí Móra, Hataí, Caipíní, etc. d'Fhir agus do Bhuachaillí.

C.I.P. 74/27

Baill Éadaigh—Déanamh Léinte.

C.I.P. 74/28

Baill Éadaigh—Baill Éadaigh (seachas Góiséireacht) do Mhná agus do Chailíní.

C.I.P. 74/29

Baill Éadaigh—Baill Éadaigh Ilghnéitheacha.

C.I.P. 74/30

Déanamh Earraí Teicstíleacha Cumtha, seachas Baill Éadaigh.

C.I.P. 74/31

Déantúis Adhmaid agus Coirc, seachas Troscán.

C.I.P. 74/32

Déanamh Troscáin agus Feisteas.

C.I.P. 74/33

Déanamh Páipéir agus Táirgí Páipéir.

C.I.P. 74/34

Clódóireacht, Foilsitheoireacht agus Ceirdeanna Gaolmhara.

C.I.P. 74/35

Craicneoireacht, Súdaireacht agus Cóiriú Leathair.

C.I.P. 74/36

Déantúis de Leathar agus de Leathair Tacair, seachas Coisbheart agus Cóir Ghléasta eile.

C.I.P. 74/37

Leasuithe Talún.

C.I.P. 74/38

Ola, Péint, Dúch agus Snasán.

C.I.P. 74/39

Ceimiceáin agus Drugaí.

C.I.P. 74/40

Gallúnach, Glanadóirí agus Coinnle.

C.I.P. 74/41

Gloine agus Earraí Gloine, Earraí Criadóireachta, Séiní agus Cré.

C.I.P. 74/42

Táirgí Tógála Cré, Earraí Aispeiste, Táirgí Plástair, Giopais agus Coincréide, Slinn agus Cloch Chóirithe.

C.I.P. 74/43

Stroighin.

C.I.P. 74/44 (a)

Cearda Miotail (gan Innealra ná Trealamh Iompair a áireamh) —Iarann agus Cruach.

C.I.P. 74/44 (b)

Cearda Miotail (gan Innealra ná Trealamh Iompair a áireamh)—Miotail Neamh—Iarnúla.

C.I.P. 74/45

Déanamh agus Cóimeáil Innealra seachas Trealamh Leictreachais.

C.I.P. 74/46

Déanamh Innealra, Fearas agus Gaireas Leictreachais.

C.I.P. 74/47

Déanamh agus Deisiú Long agus Bád.

C.I.P. 74/48

Déanamh Trealaimh Iarnróid.

C.I.P. 74/49

Cóimeáil, Déanamh agus Deisiú Feithiclí Inneallghluaiste Bóthair agus Talún.

C.I.P. 74/50

Cóimeáil, Déanamh agus Deisiú Feithiclí seachas Feithiclí Inneallghluaiste Bóthair agus Talún.

C.I.P. 74/51

Scuaba.

C.I.P. 74/52

Tuairisceán Ginearálta do Thionscail Ilghnéitheacha Déantúsaíochta.

C.I.P. 74/54

Údaráis Áitiúla.

C.I.P. 74/55

Canálacha, Dugaí agus Cuanta.

C.I.P. 74/56

Iarnróid—Déanamh, Cothabháil agus Deisiú seachas Trealamh Iarnróid, Busanna Mótair agus Loraithe Mótair.

C.I.P. 74/57

Gnóthais Leictreachais.

C.I.P. 74/58

Gnóthais Oibreacha Gáis.

C.I.P. 74/59

Gnóthais Oibreacha Uisce.

C.I.P. 74/60

Tionscal Neachtlainne, Ruaimniúcháin agus Glantóireachta.

(B)—Maidir le gnóthais ar gá an t-eolas, na tuairisceáin agus na sonraí a ordaítear i gCuid II (B) den Sceideal seo a thabhairt ina leith.

Foirm Uimh. C.I.P. 74/61—Tuairisceán Ginearálta.

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Taoisigh an 18ú lá seo

de Mheitheamh, 1975.

LIAM MAC COSGAIR,

Taoiseach.

NÓTA MÍNÍÚCHÁIN.

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi .)

Is é is cuspóir don ionstraim seo cumacht a thabhairt chun Móráireamh reachtúil a dhéanamh ar Tháirgeadh Tionscail don bhliain 1974, míniú a thabhairt ar scóp an Mhóráirimh agus a chur faoi deara tuairisceáin a thabhairt don Phríomh-Oifig Staidrimh i dtaobh na ngnóthas go léir ar eisíodh na foirmeacha ordaithe ina leith.