An tAcht um Thionscail na Gaeltachta (Leasú) 1968.


Uimhir 30 de 1968.


AN tACHT UM THIONSCAIL NA GAELTACHTA (LEASÚ), 1968


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM THIONSCAIL NA GAELTACHTA, 1957 AGUS 1965. [23 Iúil, 1968.]

ACHTAÃ?TEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Leasú ar alt 4 den Acht um Thionscail na Gaeltachta, 1957.

1957, Uimh. 29.

1965, Uimh. 18.

1.—Déantar leis seo alt 4 (4) den Acht um Thionscail na Gaeltachta, 1957, a leasú—

(a) trí “agus sna hionaid ina bhfuil na tionscail tuaithe atá in ionaid lasmuigh den Ghaeltacht” a chur isteach i mír (bi) (a cuireadh isteach san alt sin leis an Acht um Thionscail na Gaeltachta (Leasú), 1965) i ndiaidh “sa Ghaeltacht”, agus

(b) trí “chúig mhíle punt nó cibé suim is airde ná sin, gan í a dhul thar dheich míle punt, a údaróidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais” a chur i mír (bii) (a cuireadh isteach san alt sin leis an Acht um Thionscail na Gaeltachta (Leasú), 1965, a dúradh) in ionad “dhá mhíle punt”.

Gearrtheideal agus comhlua.

2.—(1) Féadfar an tAcht um Thionscail na Gaeltachta (Leasú), 1968, a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Thionscail na Gaeltachta, 1957 go 1968, a ghairm de na hAchtanna um Thionscail na Gaeltachta, 1957 agus 1965, agus den Acht seo le chéile.