An tAcht um Thionscail na Gaeltachta (Leasú) 1965


Uimhir 18 de 1965.


AN tACHT UM THIONSCAIL NA GAELTACHTA (LEASÚ), 1965


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM THIONSCAIL NA GAELTACHTA, 1957. [20 Iúil, 1965.]

ACHTAÃ?TEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Mínithe.

1957, Uimh. 29.

1.—San Acht seo—

ciallaíonn “an Bord” Gaeltarra Éireann;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Thionscail na Gaeltachta, 1957.

Leasú ar alt 1 den PhríomhAcht.

1956, Uimh. 21.

2.—Déantar leis seo alt 1 den Phríomh-Acht a leasú tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “an Ghaeltacht”:

“ciallaíonn ‘an Ghaeltacht’ na limistéir a mbeidh cinnte de thuras na huaire gur limistéir Ghaeltachta iad le hordú faoi alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956;”.

Leasú ar alt 4 den Phríomh-Acht.

3.—Déantar leis seo alt 4 den Phríomh-Acht (a bhaineann le cumhachtaí agus feidhmeanna an Bhoird) a leasú tríd an méid seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (4) i ndiaidh mhír (b):

“(bi) le toiliú an Aire arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála—

(A) páirt a ghlacadh le daoine eile i bhfoirmiú comhlachta chorpraithe nó i gcomhpháirtíocht nó ar dhóigh eile,

(B) comhlacht corpraithe a fhoirmiú, nó scaireanna a cheannach nó a thógáil nó a dhíol i gcomhlacht corpraithe, agus

(C) deontas a thabhairt, ar cibé téarmaí, más aon téarmaí iad, is cuí leis, do chomhlacht corpraithe ina bhfuil scaireanna aige,

chun tionscail agus scéimeanna somhaoineacha fostaíochta a bhunú, a fhorbairt nó a chothabháil sa Ghaeltacht,

(bii) deontais a thabhairt, dá rogha féin agus ar cibé téarmaí, más aon téarmaí iad, is cuí leis, chun cabhrú le daoine miontionscadail shomhaoineacha a bhunú, a fhorbairt nó a chothabháil sa Ghaeltacht, ar choinníoll nach rachaidh aon deontas den sórt sin thar dhá mhíle punt agus nach dtabharfar aon deontas den sórt sin i leith tionscadail má tugadh deontas ón bhForas Tionscal i leith an tionscadail sin,”.

Leasú ar alt 5 den Phríomh-Acht.

4.—Déantar leis seo alt 5 den Phríomh-Acht (a bhaineann le comhdhéanamh an Bhoird) a leasú trí “Seacht gcomhalta ar a mhéid” a chur in ionad “Cúigear comhaltaí” i bhfo-alt (1).

Leasú ar alt 14 den Phríomh-Acht.

5.—Déantar leis seo alt 14 den Phríomh-Acht (a dhéanann foráil i dtaobh cruinnithe agus nós imeachta an Bhoird) a leasú trí “(mura mbíonn thar chúig chomhalta ar an mBord) nó ceathrar (má bhíonn sé chomhalta nó seacht gcomhalta ar an mBord)” a chur isteach i bhfo-alt (2) i ndiaidh “Triúr”.

Leasú ar alt 19 den Phríomh-Acht.

6.—Déantar leis seo alt 19 den Phríomh-Acht (a dhéanann foráil i dtaobh sócmhainní áirithe a shealbhaítear le haghaidh na dtionscal tuaithe a aistriú chun an Bhoird) a leasú trí na focail i bhfo-alt (3) ó “agus beidh an tsuim sin” go dtí deireadh an fho-ailt sin a scriosadh.

Leasú ar alt 26 den Phríomh-Acht.

7.—Déantar leis seo alt 26 den Phríomh-Acht (a dhéanann foráil i dtaobh airleacain inaisíoctha chun an Bhoird as an bPríomh-Chiste) a leasú—

(i) trí “dhá mhilliún punt” a chur in ionad “cúig chéad míle punt” i bhfo-alt (1), agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (2) i ndiaidh “den Acht seo”:

“; ar choinníoll, áfach,—

(a) go measfar aon suim a airleacadh amhlaidh roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1965, a scor ar an dáta sin de bheith inaisíoctha amhlaidh, agus

(b) nach mbeidh aon suim a airleacfar amhlaidh tar éis an 1ú lá d'Aibreán, 1965, inaisíoctha amhlaidh (agus ní bheidh feidhm maidir léi ag ailt 28 agus 29 den Acht seo) go dtí cibé dáta a chinnfidh an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire”.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

8.—(1) Féadfar an tAcht um Thionscail na Gaeltachta (Leasú), 1965, a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Thionscail na Gaeltachta, 1957 agus 1965, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar i dteannta a chéile iad mar aon Acht amháin.