An tAcht Airi agus Runaithe (Leasú) 1956.

Roinn na Gaeltachta.

3.—(1) Ar an lá ceaptha beidh Roinn Stáit arna bunú ar a dtabharfar mar theideal agus dá ngairmfear Roinn na Gaeltachta.

(2) Is é is feidhm do Roinn na Gaeltachta leas cultúrtha, sóisialach agus geilleagrach na Gaeltachta a chur chun cinn; cabhrú le caomhaint agus leathnú na Gaeilge mar ghnáth-urlabhra; agus, a mhéid is gá nó is cuí, dul i gcomhairle agus comhairle a ghlacadh le Ranna eile Stáit i dtaobh seirbhísí a riaras na Ranna sin agus a bhaineas le leas cultúrtha, sóisialach nó geilleagrach na Gaeltachta nó a bhaineas leis an gcuspóir náisiúnta an Ghaeilge d'athbheochaint.

(3) Aire na Gaeltachta a tabharfar mar theideal ar an gcomhalta den Rialtas a bheas i mbun Roinn na Gaeltachta agus a gairmfear de.

(4) Bainfidh na hAchta Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1946, agus an tAcht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 (Uimh. 24 de 1925), le Roinn na Gaeltachta agus leis an gcomhalta den Rialtas a bheas i mbun na Roinne sin amhail is dá mbeadh an Roinn sin arna bunú le halt 1 den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 (Uimh. 16 de 1924).

(5) Chun críocha fo-ailt (1) d'alt 6 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1939 (Uimh. 36 de 1939), measfar Roinn na Gaeltachta agus oifig Aire na Gaeltachta a bheith arna mbunú láithreach ar an Acht seo a rith, ach in aon ordú a déanfar, maidir leis an Roinn sin nó maidir leis an Aire sin, faoin bhfo-alt sin (1) roimh an lá ceaptha, ní déarfar an t-ordú sin a bheith le teacht i ngníomh ar dháta is luaithe ná an lá ceaptha.