An tAcht um an Dara Leasú ar an mBunreacht, 1941

ACHT UM AN DARA LEASÚ AR AN mBUNREACHT, 1941.


ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ.

[30adh Bealtaine, 1941.]

DE BHRÍ gur cead, de bhuadh Airteagail 46 den Bhunreacht, foráileamh ar bith den Bhunreacht do leasú ar an modh socruítear leis an Airteagal san:

AGUS DE BHRÍ go socruítear le hAirteagal 51 den Bhunreacht go dtig leis an Oireachtas, taobh istigh de thrí bliana tar éis an lae rachas an chéad Uachtarán i gcúram a oifige agus fé chuimsiú na nithe atá leagtha amach ansan ina dhiaidh sin, leasú do dhéanamh ar aon fhoráiltibh den Bhunreacht:

AGUS DE BHRÍ go ndeachaidh an chéad Uachtarán i gcúram a oifige an 25adh lá de Mheitheamh, 1938:

AGUS DE BHRÍ gur léir de thoradh taithighe gur mhaith an rud leasuithe áirithe do dhéanamh ar an mBunreacht:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil beartuithe ar an abhar san an tOireachtas do dhéanamh na leasuithe uile agus fé seach atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so ar théacs Ghaedhilge an Bhunreachta agus ar théacs Bhéarla an Bhunreachta fé seach:

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—