An tAcht na dTithe (Gaeltacht) 1929


Uimhir 41 de 1929.


ACHT NA dTITHE (GAELTACHT), 1929.


ACHT CHUN TÓG�IL AGUS FEABHSÚ TITHE COMHNAITHE SA GHAELTACHT DO CHUR IN USACHT AGUS CHUN CÓIR�OCHT A BHEIDH AG GABH�IL LEIS NA TITHE COMHNAITHE SIN D'ÉANLAITHE CLÓIS AGUS DO MHUCA DO SHOL�THAR AGUS CHUN NA gCR�CHEANNA SAN A ÚDARÚ GO dTABHARFA� DEONTAIS� AGUS IASACHTA� DO DHAOINE SA GHAELTACHT MAR CHABHAIR CHUN TITHE COMHNAITHE DHÓIBH FÉIN AGUS AN CHÓIR�OCHT SAN ROIMHR�ITE A BHEIDH AG GABH�IL LEO SAN DO THÓG�IL NO D'FHEABHSÚ IAD FÉIN AGUS CHUN SOCRUITHE EILE DO DHÉANAMH A BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHR�ITE. [20adh Mí na Nodlag, 1929.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1.—San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tailte agus Iascaigh;

cialluíonn an abairt “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn;

nuair a húsáidtear an focal “cúram” maidir le sealbhaire tighe chomhnaithe cialluíonn agus foluíonn sé na daoine uile chomhnuíonn do ghnáth sa tigh chomhnaithe sin in éintigheas leis an sealbhaire sin, pe'ca tá gaol fola no cleamhnais acu leis an sealbhaire sin no ná fuil;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so.

Fairsinge na Gaeltachta.

2.—(1) Chun crícheanna an Achta so, ach ní níos sia ná san ná chun aon chríche eile, tuigfear gurb ionann an Ghaeltacht agus na togha-ranna ceanntair uile agus fé seach a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(2) Pé uair a mheasfaidh an tAire go bhfuil sé oiriúnach san a dhéanamh toisc atharú do theacht ar líon no ar shlí roinnte na nGaedhilgeoirí in áiteanna áirithe, féadfa sé, le hordú, an Sceideal a ghabhann leis an Acht so do leasú tré aon togha-roinn cheanntair ná luaidhtear ann, no ná beidh curtha isteach ann an uair sin tré leasú, do chur leis no tré aon togha-roinn cheanntair a luaidhtear ann, no a bheidh curtha isteach ann cheana, do scriosa dhe, agus pé uair a déanfar aon leasú den tsórt san ar an Sceideal san amhlaidh léireofar an tAcht so agus beidh éifeacht aige i dteanta agus fé réir an leasuithe sin maidir le deontaisí ceadófar fén Acht so le linn an leasú san do bheith i ngníomh agus maidir le gach ní déanfar de dhruim aon deontas den tsórt san do dheona no do cheadú.

(3) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dhineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an tOrdú san do leaga fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin i nea-mbrí, beidh an t-ordú san curtha i nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do dineadh roimhe sin fén ordú san.

Deontaisí i gcóir tithe comhnaithe.

3.—(1) Má sé tuairim an Aire tigh comhnaithe sa Ghaeltacht do bheith neamh-oiriúnach ar fad chun cóiríocht cheart shláintiúil do thabhairt dá shealbhaire agus dá chúram san féadfaidh an tAire, fé réir forálacha an Achta so agus fé réir rialachán a dhéanfaidh an tAire fé, deontas (dá ngairmtear deontas tógála san Acht so) do dheona do shealbhaire an tighe chomhnaithe sin mar chabhair chun tigh nua comhnaithe do chur suas ar ionad an tighe chomhnaithe sin, no ar ionad eile, in áit an chéad tighe chomhnaithe sin a luaidhtear.

(2) Má sé tuairim an Aire tigh comhnaithe sa Ghaeltacht do bheith neamh-oiriúnach, ar an staid ar a bhfuil sé, chun cóiríocht cheart shláintiúil do thabhairt dá shealbhaire agus dá chúram san, agus san mar gheall ar a laighead, no toisc cóiríocht shláinte, aer, solus, no cóir eile do bheith in easnamh ann no ar aon réasún eile, agus gur deimhin leis an Aire go bhfuil an tigh comhnaithe ar a leithéid sin de staid gur fiú dul fé chostas a fheabhsuithe, féadfaidh an tAire, fé réir forálacha an Achta so agus fé réir rialachán a dhéanfaidh an tAire fé, deontas (dá ngairmtear deontas feabhsúcháin san Acht so) do dheona do shealbhaire an tighe chomhnaithe sin mar chabhair chun an tigh comhnaithe sin do chur i bhfeabhas no i méid.

Deontaisí i gcóir cróite cearc,

4.—(1) Más rud é, maidir le tigh comhnaithe sa Ghaeltacht—

(a) ná beidh aon chóiríocht d'éanlaithe clóis ag gabháil leis,

no

(b) go mbeidh cóiríocht d'éanlaithe clóis ag gabháil leis, ach gurb é tuairim an Aire go bhfuil an chóiríocht san neamh-oiriúnach ar fad no nách leor í,

féadfaidh an tAire, fé réir forálacha an Achta so agus fé réir rialachán a dhéanfaidh an tAire fé, deontas (dá ngairmtear san Acht so deontas chun cró cearc do thógáil) do dheona do shealbhaire an tighe chomhnaithe sin, mar chabhair chun cóiríocht d'éanlaithe clóis do chur suas a bheidh ag gabháil leis an tigh comhnaithe sin, agus a bheidh, i gcás aon chóiríocht den tsort san do bheith ann cheana, in ionad na cóiríochta san.

(2) Má sé tuairim an Aire nách oiriúnach no nách leor an chóiríocht d'éanlaithe clóis atá ag gabháil le tigh comhnaithe sa Ghaeltacht agus gur deimhin leis an Aire aon déanmhas ina bhfuil an chóiríocht san do bheith ar a leithéid sin de staid gur fiú dul fé chostas a fheabhsuithe, féadfaidh an tAire, fé réir forálacha an Achta so agus fé réir rialachán a dhéanfaidh an tAire fé, deontas (dá ngairmtear san Acht so deontas chun cró cearc d'fheabhsú) do dheona do shealbhaire an tighe chomhnaithe sin mar chabhair chun an chóiríocht san do chur i bhfeabhas no i méid.

(3) Má ceaduítear deontas tógála fén Acht so féadfaidh an tAire, fé réir forálacha an Achta so agus fé réir rialachán a dhéanfaidh an tAire fé, deontas (a foluítear san Acht so san abairt deontas chun cró cearc do thógáil) do dheona, don té gur ceaduíodh an deontas tógála san do, mar chabhair chun cóiríocht d'éanlaithe clóis do chur suas no deontas (a foluítear san Acht so san abairt deontas chun cró cearc d'fheabhsú) do dheona dho mar chabhair chun cóiríocht d'éanlaithe clóis do chur i bhfeabhas no i méid a bheidh ag gabháil leis an tigh comhnaithe gur mar chabhair chun é thógáil do ceaduíodh an deontas tógála san.

Deontaisí i gcóir cróite muc.

5.—(1) Más rud é, maidir le tigh comhnaithe sa Ghaeltacht—

(a) ná beidh aon chóiríocht do mhuca ag gabháil leis, no

(b) go mbeidh cóiríocht do mhuca ag gabháil leis ach gurb é tuairim an Aire go bhfuil an chóiríocht san neamhoiriúnach ar fad no nách leor í,

féadfaidh an tAire, fé réir forálacha an Achta so agus fé réir rialachán a dhéanfaidh an tAire fé, deontas (dá ngairmtear san Acht so deontas chun cró muc do thógáil) do dheona do shealbhaire an tighe chomhnaithe sin mar chabhair chun cóiríocht do mhuca do chur suas a bheidh ag gabháil leis an tigh comhnaithe sin agus a bheidh, i gcás aon chóiríocht den tsort san do bheith ann cheana, in ionad na cóiríochta san.

(2) Má sé tuairim an Aire nách oiriúnach no nách leor an chóiríocht do mhuca atá ag gabháil le tigh comhnaithe sa Ghaeltacht agus gur deimhin leis an Aire aon déanmhas ina bhfuil an chóiríocht san do bheith ar a leithéid sin de staid gur fiú dul fé chostas a fheabhsuithe, féadfaidh an tAire, fé réir forálacha an Achta so agus fé réir rialachán a dhéanfaidh an tAire fé, deontas (dá ngairmtear san Acht so deontas chun cró muc d'fheabhsú) do dheona do shealbhaire an tighe chomhnaithe sin mar chabhair chun an chóiríocht san do chur i bhfeabhas no i méid.

(3) Má ceaduítear deontas tógála fén Acht so féadfaidh an tAire, fé réir forálacha an Achta so agus fé réir rialachán a dhéanfaidh an tAire fé, deontas (a foluítear san Acht so san abairt deontas chun cró muc do thógáil) do dheona, don té gur ceaduíodh an deontas tógála san do, mar chabhair chun cóiríocht do mhuca do chur suas no deontas (a foluítear san Acht so san abairt deontas chun cró muc d'fheabhsú) do dheona dho mar chabhair chun cóiríocht do mhuca do chur i bhfeabhas no i méid a bheidh ag gabháil leis an tigh comhnaithe gur mar chabhair chun é thógáil do ceaduíodh an deontas tógála san.

Forálacha generálta i dtaobh deontaisí.

6.—(1) Is chun oifigeach orduithe an Aire a cuirfear gach iarratas ag lorg deontais fén Acht so agus is sa bhfuirm agus sa tslí orduithe a déanfar é agus luadhfar ann na mion-innste orduithe ar neach iarrtha an deontais, ar an tigh comhnaithe gur ina chóir a bheidh an deontas á iarraidh agus ar an obair a bheidh beartuithe do dhéanamh le congnamh an deontais.

(2) Féadfar deontas a deonfar fén Acht so d'íoc in aon tsuim amháin no ina choda fé mar a mheasfaidh an tAire is ceart i ngach cás agus féadfaidh an tAire a chur mar choiníoll go ndéanfar, roimh aon deontas den tsort san no aon chuid áirithe dhe d'íoc, a thaisbeáint chun a shástachta gur dineadh an obair no cuid áirithe den obair gur mar chabhair chúichi a deonadh an deontas.

(3) Má deontar deontas tógála, deontas chun cró cearc do thógáil, no deontas chun cró muc do thógáil, mar chabhair chun tigh nua comhnaithe no cóiríocht nua do chur suas in ionad tighe chomhnaithe no cóiríochta bheidh ann cheana, tuigfear, mara n-orduighidh an tAire a mhalairt, gur cuid den obair gur mar chabhair chúichi a deontar an deontas an tigh comhnaithe no an chóiríocht san a bheidh ann cheana do leaga.

(4) Pé uair a ceadófar deontas do dheona do dhuine fén Acht so no a dheimhneoidh an tAire gur féidir iasacht do thabhairt do dhuine fén Acht so agus do gheobhaidh an duine sin bás sara n-íoctar suim an deontais no na hiasachta san leis, féadfaidh an tAire duine ar bith eile is oiriúnach leis do cheapa chun an deontas no an iasacht san no a mbeidh gan íoc an uair sin de do ghlaca fé réir pé coiníollacha is oirúnach leis an Aire d'fhorchur agus nuair a déanfar aon cheapa den tsort san amhlaidh beidh an deontas no an iasacht le n-a mbaineann an ceapa, no a mbeidh gan íoc de, iníoctha fén Acht so leis an té do ceapadh amhlaidh ar gach slí díreach mar do bheadh san iníoctha leis an gcéad duine sin a luaidhtear dá mba ná fuigheadh sé bás.

Srian le deontaisí do dheona.

7.—(1) Ní deonfar deontas tógála ná deontas feabhsúcháin ar bith fén Acht so i gcóir tighe chomhnaithe 'na mbeidh deontas á dheona ina chóir, no 'nar deonadh deontas ina chóir aon uair laistigh de sheacht mbliana roimh an Acht so do rith, as airgead puiblí fé aon Acht eile den Oireachtas no fé aon reacht Briotáineach.

(2) Ní deonfar deontas tógála ná deontas feabhsúcháin ar bith fén Acht so mar chabhair chun tigh comhnaithe do chur suas no do chur i bhfeabhas no i méid (pe'ca aca é) maran rud é—

(a) go mbeidh ann cheana, no go soláthrófar le congnamh deontais fén Acht so no ar shlí eile, cóiríocht d'éanlaithe clóis a bheidh ag gabháil leis an tigh comhnaithe sin agus is oiriúnach agus is leor do do réir tuairim an Aire, no

(b) gurb é tuairim an Aire, ag féachaint do gach taobh den scéal, nár cheart bheith ag súil le héanlaithe clóis do bheith ag sealbhaire an tighe chomhnaithe sin.

(3) Ní deonfar deontas tógála ná deontas feabhsúcháin ar bith fén Acht so maran rud é—

(a) go mbeidh ann cheana, no go soláthrófar le congnamh deontais fén Acht so no ar shlí eile, cóiríocht do mhuca bheidh ag gabháil leis an tigh comhnaithe sin agus is oiriúnach agus is leor do do réir tuairim an Aire, no

(b) gurb é tuairim an Aire, ag féachaint do gach taobh den scéal, nár cheart bheith ag súil le muca do bheith ag sealbhaire an tighe chomhnaithe sin.

Iasachtaí i dteanta deontaisí.

8.—(1) Pé uair is deimhin leis an Aire go bhfuil an scéal ar a leithéid sin de chuma ag duine dar dheon sé deontas fén Acht so nách féidir do, gan a thuille congnamh airgid, an obair do dhéanamh gur mar chabhair chúichi a tugadh an deontas san do féadfaidh an tAire, fé réir forálacha an Achta so agus fé réir rialachán a déanfar fé, deimhniú sa bhfuirm orduithe do thabhairt amach do sna Coimisinéirí á rá gur féidir iasacht suime nách mó ná méid an deontais sin do dheona don duine sin fén Acht so, pé suim is dó leis an Aire is ceart agus a luadhfa sé sa deimhniú san.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire deimhniú do thabhairt amach do sna Coimisinéirí fén bhfo-alt san roimhe seo, déanfaidh na Coimisinéirí, fé réir forálacha an Achta so agus fé réir rialachán a dhéanfaidh an tAire Airgid fén alt so, an méid a bheidh luaidhte sa deimhniú san do thabhairt ar iasacht don té bheidh ainmnithe sa deimhniú san agus beidh an iasacht san ionaisíoctha leis na Coimisinéirí do réir na rialachán san, maraon le hús do réir pé ráta a shocróidh an tAire Airgid.

(3) Féadfaidh an tAire Airgid rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) iasachtaí a tabharfar fén alt so do thabhairt amach, rud le n-a n-áirítear na hiasachtaí sin do thabhairt amach in aon tsuim amháin no i gcoda;

(b) orduithe muirir do dhéanamh agus fuirm na n-orduithe sin;

(c) na hiasachtaí sin d'aisíoc, rud le n-a n-áirítear an tráth no na trátha agus na coda ina ndéanfar an t-aisíoc san;

(d) coiníollacha chun a chur in áirithe gur chun na gcrícheanna chun a dtabharfar iad a cuirfear na hiasachtaí sin.

Orduithe muirir i dtaobh iasachtaí.

9.—(1) Pé uair a thabharfaidh na Coimisinéirí iasacht uatha fén Acht so déanfaid, sara roimh-íocfaid aon chuid den iasacht san, ordú (dá ngairmtear ordú muirir san alt so) do réir rialachán a dhéanfaidh an tAire Airgid fén Acht so, ag cur méid na hiasachta san, agus an úis uirthi, mar mhuirear ar an tigh comhnaithe gur ina chóir a beifear ar aigne an iasacht do thabhairt agus ar gach áitreabh a bheidh ar seilbh ina theanta do réir na sealbhaíochta céanna no fén tionóntacht chéanna, agus oibreoidh gach ordú den tsort san chun an iasacht san, fé mar agus nuair a roimh-íocfar í, agus an t-ús san do mhuirearú ar an tigh comhnaithe sin agus ar na háitreabhacha eile sin i bhfabhar do sna Coimisinéirí agus i dtosach ar gach muirear agus eire eile, reachtúil no eile, ach amháin cíos no ní eile bhaineann le sealbhaíocht agus suimeanna is iníoctha, fé sna hAchtanna TalamhCheannaigh no ar shlí eile, le Coimisiún Talmhan na hÉireann.

(2) Tuigfear ordú muirir do bheith ina mhorgáiste ar n-a dhéanamh tré dhintiuir do réir bhrí na Conveyancing Acts, 1881 to 1911, agus isiad na Coimisinéirí bheidh mar mhorgáistithe chun crícheanna na nAcht san agus beidh acu dá réir sin, maidir le gach ordú muirir, na comhachta uile bronntar leis na hAchtanna san ar mhorgáistithe fé mhorgáistí dintear tré dhintiuir.

(3) Pé uair a dhéanfaidh na Coimisinéirí ordú muirir déanfaid láithreach a chur fé ndeár an t-ordú san do chlárú in Oifig Chlárathachta na nDintiuirí no in Oifig Chlárathachta na Talmhan (pe'ca aca is gá sa chás) agus ní bheidh aon táille ná éileamh eile iníoctha ar son ná i dtaobh an chláruithe sin.

(4) Beidh ordú muirir a dhineann deifir do thalamh a bheidh cláruithe in Oifig Chlárathachta na Talmhan ionchláruithe san Oifig sin mar ualach a dhineann deifir don talamh san is cuma an té bheidh ainmnithe san ordú san mar únaer no mar shealbhaire an talaimh sin, no mar ghlacadóir na hiasachta le n-a mbaineann an t-ordú san, do bheith cláruithe san Oifig sin mar únaer an talaimh sin no gan a bheith.

(5) Nuair a dhéanfaidh Coimisiún Talmhan na hÉireann, fé aon chomhacht reachtúil a bheidh dílsithe ionta chuige sin, talamh no tionóntacht i dtalamh do chur in áirde agus a bheidh an talamh no an tionóntacht san fé réir orduithe mhuirir, díolfar an talamh no an tionóntacht san fé réir an mhuirir do cruthnuíodh leis an ordú muirir sin maraon le haon mhuirear, eire, no fiachas eile gur gá do réir dlí an talamh no an tionóntacht san do dhíol fé n-a réir.

Iasachtaí do bhaint amach.

10.—(1) An méid a bheidh dlite agus ag dul do sna Coimisinéirí de thurus na huaire pe'ca ar son colna no úis é, ar scór orduithe mhuirir, beidh sé ina fhiacha síbhialta bheidh ag na Coimisinéirí ar an té is sealbhaire de thurus na huaire ar an áitreabh a bheidh fé mhuirear ag an ordú muirir sin agus féadfaidh na Coimisinéirí (i dteanta aon tslí eile chun é bhaint amach) é bhaint den tsealbhaire sin dá réir sin in aon chúirt dlighinse inniúla gan dochar do cheart an tsealbhaire sin, nuair nách é an duine dar tugadh an iasacht é, i gcoinnibh an duine sin.

(2) In aon imeachta bhunóidh na Coimisinéirí fén alt so no ar shlí eile in aon chúirt dlí chun an méid no aon chuid den mhéid a bheidh dlite, pe'ca ar son colna no úis é, ar scór orduithe mhuirir do bhaint amach beidh deimhniú dheabhróidh bheith séaluithe le séala na gCoimisinéirí agus bheith ag deimhniú an mhéide bheidh dlite ar scór an orduithe mhuirir sin ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar an méid a bheidh á dheimhniú amhlaidh do bheith dlite agus ag dul do sna Coimisinéirí.

Teoranta le méideanna na ndeontas agus na n-iasacht.

11.—(1) Ní raghaidh méid iomlán na ndeontas agus na n-iasacht a tabharfar fén Acht so thar suim dhá chéad go leith míle punt.

(2) Ní raghaidh méid aon deontais aonair a deonfar fén Acht so—

(a) thar suim cheithre fichid punt i gcás deontais thógála, ná

(b) thar suim dachad punt i gcás deontais fheabhsúcháin, ná

(c) thar suim cúig bpunt i gcás deontais chun cró cearc do thógáil no deontais chun cró muc do thógáil, ná

(d) thar suim dhá phunt agus deich scillinge i gcás deontais chun cró cearc d'fheabhsú no deontais chun cró muc d'fheabhsú.

(3) Ag deona deontaisí tógála agus deontaisí feabhsúcháin do tabharfaidh an tAire tosach do shealbhairí tithe comhnaithe ina mbíonn an Ghaedhilg mar theangain teaghlaigh ag an líntighe do ghnáth agus, imeasc sealbhairí a leithéidí sin de thithe comhnaithe, tabharfaidh an tAire tosach do shealbhairí na dtithe comhnaithe is cumhainge dá líon agus is mí-fholláine agus is ísle luacháil fé sna hAchtanna Luachála.

(4) Sa mhéid gur féidir é, ag féachaint don líon agus don mhéid in áiteanna fé leith de chásanna ina bhfeicfear don Aire gur ceart deontaisí do dheona fén Acht so agus do sna forálacha san roimhe seo den alt so, déanfar trí chúigiú ar a laighead den airgead a bheidh ar fáil chun deontaisí do dheona fén Acht so do chur chun deontaisí do dheona do shealbhairí tithe comhnaithe atá suidhte i dtogha-ranna ceanntair sa Ghaeltacht ina bhfaighfí suim nár mhó ná scilling is fiche de thora as luacháil na n-ionoighreachtaí uile sa togha-roinn cheanntair fé sna hAchtanna Luachála (lasmuich d'ionoighreachtaí is fiú níos mó ná fiche punt do réir luachála) do roinnt ar an méid daoine bhí sa togha-roinn cheanntair do réir mhoráireamh 1926.

Socrú chun có-cheannach do dhéanamh.

12.—(1) Más oiriúnach agus sa mhéid gur oiriúnach leis san do dhéanamh féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, socrú do dhéanamh chun a chur in usacht do dhaoine dá ndeonfar deontaisí fén Acht so abhair agus feistisí do cheannach a theastóidh uatha chun na hoibreacha do dhéanamh gur mar chabhair chúcha a deonfar na deontaisí sin.

(2) Pé uair is dó leis an Aire go bhfuil ana-dheacracht ag gabháil le haol no gainimh no iasacht scafaill agus ghléasra eile d'fháil agus go gcuireann san cosc no bac le hoibreacha do dhéanamh gur dineadh, no go mbeifear ar aigne, deontaisí no iasachtaí fén Acht so do cheadú mar chabhair chúcha, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, pé socrú do dhéanamh a mheasfa sé, leis an toiliú roimhráite, do bheith ceart chun aol no gainimh no iasacht scafaill no ghléasra eile do chur ar fáil no chun a chur in usacht iad d'fháil (pe'ca is gá sa chás) ar fhiacha réasúnta.

Faoiseamh o rátaí.

13.—(1) Chun aon ráta do mheas agus do ghearra a chruinneoidh údarás áitiúil chun seirbhíse aon bhliana airgeadais áitiúla chríochnóidh laistigh d'fhiche bliain o chríochnú aon oibre gur deonadh deontas fén Acht so mar chabhair chun a déanta, tuigfidh an t-údarás áitiúil sin gurb é an luacháil fé sna hAchtanna Luachála atá ar an tigh comhnaithe gur mar chabhair chun é do chur suas, do chur i bhfeabhas no do chur i méid a deonadh an deontas san no le n-a ngabhann an cró cearc no an cró muc gur mar chabhair chun é do chur suas, do chur i bhfeabhas no do chur i méid a deonadh an deontas san ná an luacháil do bhí i bhfeidhm don tigh comhnaithe sin, no don tigh comhnaithe 'nar cuireadh an tigh comhnaithe sin ina ionad, díreach roimh thosach na hoibre sin.

(2) San alt so cialluíonn agus foluíonn an abairt “údarás áitiúil” comhairle chontae, comhairle chontae-bhuirge no bhuirge eile, comhairle bhailecheanntair, agus coimisinéirí baile.

Dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta.

14.—Ní dhéanfaidh an tAire aon chomhacht d'fheidhmiú ná éinní do chinne ná teacht ar aon tuairim fén Acht so, maidir le cóiríocht d'éanlaithe clóis no do mhuca, gan dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta ina thaobh roimh ré.

Airgeadas.

15.—(1) Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a tabharfar gach deontas agus iasacht a tabharfar fén Acht so.

(2) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghfar ag cur an Achta so i bhfeidhm.

Rialacháin.

16.—(1) Féadfaidh an tAire, tré rialacháin a déanfar fén Acht so le toiliú an Aire Airgid, gach ní no éinní acu so leanas d'ordú, sé sin le rá:—

(a) crot agus déanmhas tithe comhnaithe, cróite cearc, agus cróite muc go ndeonfar deontaisí fén Acht so mar chabhair chun a gcurtha suas, agus na coiníollacha cólíonfar maidir le hionad agus le haghaidh na dtithe comhnaithe, na gcróite cearc agus na gcróite muc san;

(b) cineál, carachtar, agus méid na n-oibreacha déanfar le congnamh na ndeontas so fé seach: deontaisí feabhsúcháin, deontaisí chun cróite cearc d'fheabhsú, agus deontaisí chun cróite muc d'fheabhsú;

(c) na habhair a húsáidfear ag déanamh oibreacha (pe'ca cur-suas, feabhsú no méadú iad) chun a ndeonfar deontaisí fén Acht so;

(d) coiníollacha chun a chur in áirithe gur chun na gcrícheanna chun a ndeonfar deontaisí fén Acht so a cuirfear iad;

(e) coiníollacha bhainfidh le deontaisí d'íoc fén Acht so agus go sonnrách an fhianaise tabharfar roimh aon deontas den tsort san no aon chuid áirithe dhe d'íoc;

(f) sa mhéid ná foráltar san ar shlí eile leis an Acht so, an saghas cáis ina bhféadfaidh agus na coiníollacha ar a bhféadfaidh an tAire deontaisí do dheona agus deimhnithe i gcóir iasachtaí do thabhairt amach fén Acht so;

(g) éinní no aon rud dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

(2) Na forálacha d'aon Acht áitiúil no d'aon fho-dhlithe, rialacha, rialacháin, no scéim, pé údarás fé n-ar dineadh iad, i dtaobh foirgintí nua no sráideanna nua do dhéanamh, do leaga amach, no do dhréineáil, sa mhéid go mbeid buiniscionn le rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so ní bhainfidh na forálacha san le tigh le n-a mbainfidh an rialachán san agus a bheidh do réir an rialacháin sin.

(3) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialachán san do leaga fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin i nea-mbrí, beidh an rialachán san curtha i nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do dineadh roimhe sin fén rialachán san.

Gearr-theideal.

17.—Féadfar Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929, do ghairm den Acht so.

SCEIDEAL.

Na Togha-ranna Ceanntair a hairitear sa Ghaeltacht chun cricheanna an Achta so.

I gContae an Chlair.

An Mhainistir

Eanach

Bealach

Baile Aodha

Baile na Caillighe

Baile Aistín

Baile Bhaiscin

Druim na Doimhne

Cathair Mhurchaidh

Carn

Baile an Chaisleáin

Clochán

Cluain dá Ghad

Cluain dhá Drom

Cuain an Atha

Cluain Chumhra

Cluain I

Cúr an Chláir

Coradh Finne

Críoch

Doirín

Dún Beag

Drom Críche

Drom Eilithe

Díseart

Eidhneach

Inis Díomáin

Formaoil

Forbhair

Gleann Eidhneach

Gleann Mór

Cill Bhaile Eoghain

Cill Críost

Cill Clochair

Cill Fiachrach

Cill Fionnabhrach

Cill Feadán

Cill an Dísirt

Cill Chonduibh

Cill Ard

Cill Easpog Fhlannán

Cill Fhaíle

Cill Dhíomair

Cill Inghine Baoi

Cill Eoin

Cill Mhichíl

Cill Mhuire

Cill na Móna

Cill Reachtais

Cill Seanaigh

Cill Tochomhrach

Cinn Tuirc

Cnoc

Cnoc na Buaile

Cnoc na nGabhar

Lios Ceannúir

Lios Uí Chathasaigh

Lios Dún Bhearna

Lisín

Lorga

Machaire Riabhach

Sráid na Cathrach

Sliabh Eilbhe

Mágh Mhín

Mágh

Mágh Fhearta

Mullach

Nuachongbháil

Ucht Máma

Cuibhreann Coille

Ráthóna

Ráth

Ráth Boirne

Rinn Fhaolán

Ruadhán

Béal �th an Ghabhann

Teampul Mháille

Tulaigh

Tulach Críon

I gContae Chorcaighe.

Mainistir Uí Bádhamhna

Eadarghóbhail

Ath an Chairn

Aichill

Ardachaidh

Ard an Phuill

Airgidín

Alltach

Baile an Ghoirtín

Baile an Spidéil

Baile Mac Chéin

Bhaile an Mhoirtéalaigh

Beanntraighe (Tuath)

Béal Ath an Ghaorthaidh

(Tuathcheanntar Dhún Maonmhuighe)

Béal Ath an Ghaorthaidh

(Tuathcheanntar Mhagh Chromdha)

Béilic

Briadach

Baile an Bhuiltéaraigh

Cill Ia (Tuathcheanntar Eochaille Uimh. 1)

Cillín Liath

Cill Modomhnóg

Cill na Manach

Cill na Martra

Cnoc an Bhile

Na Cnuic

Cnoc Sceach

Liathdruim

Maolach

Mágh Eile

Cathrach

An Chathair Mhór

Ceann Droma

Ceannmhuighe

Oileán Cléire

Carraig Bhuidhe

Baile na Martra

Gleann Bearchán, Thuaidh

Gleann Bearchán, Theas

Caisleán na Gaoithe

Claonráth

Cluaindroichead

Cluain Molt

Cluain Príost

Cluain Chaoin

Cloch Domhnall

Cúil Curraichín

Cúl Móinteain

Cuailleach

Cúirt an tSéafraigh

Cuilinn

Coradh Ghlais

Coradhghlais

Darach

Seisceanach

Midhros

Ráthaluisc

Ráth an Bharraigh

Ráth Cláirín

Ráth Cumhaill

Ros Cairbre

Ros Mór

Scairt

Sraoilleán

An Sciobairín (Tuath)

Doire

Doire Finghín

Cnoc Damhais

Drom dá Liag, Thuaidh

Drom dá Liag, Theas

Dún Guairne

Dún Maonmhuighe, Thuaidh

An Ghearrabha

Garrdha Bhotha

An Gleann Garbh

Gort na Scríne

Gort na Sceiche

Gort na Tiobratan

Iochtar Maolrubha

Inse Gíleach

Caolchoill

Cill Briotán

Cill Cascán

Cill Ceatighearn

Cill Crónait

Cill Fachtna Beag

Cill Ciarán Mór

Cill Achaidh nAoineach

Sliabh Riabhach

Tír Eiltean

Teampul Michíl

Teampul O Málus

Tigh Molaga

Tulach

Na hUlláin

Baile Phobal Uí Chaoimh

Na Doiríní

Eochaill (Tuath)

I gContae Dhun na nGall.

Alt na Péiste

Ath na gCoire

Arainn

Ard an Rátha

Na hAirde

Binn Boghaine

Bun an Ghleanna

Carraig Airt

Mín an Labáin

An Clochán

Carcair Mhór

Crannphort

Cró na Sméar

Craosloch

Na Croisbhealaigh

Cróbheithe

Cró Caorach

Cró na Ráid

Caisleán na dTuatha

Dubhcharraigh

Dún Dhamh

Dún Feannachaidh

Dún Ghleo

Dún Lughaidh

Fánaid, Thuaidh

Fánaid, Thiar

Baile na Finne

An Gleann

Gleann Colm Cille

Gleann Gheis

Gleann Léithín

Na Gleanntaí

Gort an Choirce

An Grafaidh

Dún Glas

Inis Chaol

Cill Carthaigh

Cill Ghabhalaigh

Na Cealla Beaga

Cnoc Eala

An Learga Mhór

Leitir Ceannainn (Tuath)

Leitir Mhic an Bháird

Loch Iascach

Loch Caol

Machaire

Machaire Chlochair

Málainn Bheag

Mín an Chladaigh

Mín Charraigeach

Béal na nGallóglach

Mulmusóg

Ros Guill

Inis Mic an Duirn

Sidhechor

Tamhain an Mhullaigh

Tearmonn

Taobh Scaoilte

I gContae na Gaillimhe.

Mainistir Féichín, Thoir

Mainistir Féichín, Thiar

Eadarghóbhail

An Aill

Eanach Dhúin (Tuathcheanntar Thuama)

Eanach Dhúin (Tuathcheanntar na Gaillimhe)

Ard Rathain

Baile Ath an Ríogh

Eachdhruim Uí Cheallaigh

Baile na Stac

Baile an Doire

Baile an Duibh

Baile an Teampuill

Baile Uí Chathaláin

Cluain Chaoin (Tuathcheanntar Bhaile Loch Riach)

Cluain Chaoin (Tuathcheanntar an Chreagáin)

Cluain Chaoin (Tuathcheanntar Thuama)

An Fhairche

Cluain Baireann

Baile Colbha

Creamhchoill

Na Creaga

An Crampán

Corr

Currach Mór

Cois Caolsháile

Cumar

Páirc na bhFiadh

Doire Connlaigh

Doire an Ghlasáin

Doire Láir

Doire Liath

Domhnach Pádraig

Dúnbhaile

Dún Lochán

Dubhros

Drom Mocua

An Dún Mór, Thuaidh

An Dún Mór, Theas

Iorras Fhlannán

Poll an tSionnaigh

Na Furbacha

Gaillimh (Tuath)

Gleann na Madaidhe

Garmna

Mainistir na Gráige

Cnocán Iubhair

Ath Cinn

Leamhchoill

Baile na Cúirte

Baile na Cille (Tuathcheanntar an Chlocháin)

Baile na Cille (Tuathcheanntar Ghleann na Madaidhe)

Baile na Cille (Tuathcheanntar an Chreagáin)

Baile na Páirce

Bearna

Beitheach

Beitheach Mhóir

Béal Chláir

Fearbhán

Binn Corr

Buidheamhnach

Ballán

Bun Abhann

Uillinn

Inis Bó Finne

Inis Mhór

Cill Bhionán

Cill Conmhaicne

Cill Cainiarn

Cill Cuanna

Cill Cuimín (Tuathcheanntar na Gaillimhe)

Cill Cuimín (Tuathcheanntar Uachtair Aird)

Cill Cruan

Cill Aithninn

Cill Eanna

Cill Fháilghe

Cillín

Cillín Bharra

Cill Fhear Éireann

Cill Fhear Oráin

Cill Liadhán

Cill tSeiscinn

Cill Einne

Cill O gCillín

Cill Fhobhar

Cill Fhursa

Cill Maolán

Cill Seanbhotha

Cill Tartan

Cill Tulach (Tuathcheanntar Ghleann na Madaidhe)

Cill Tulach (Tuathcheanntar Bhaile Loch Riach)

Cinn Mhara

Cill Tomás

Cnoc Buidhe

Leacach Beag

Cathair Mhór

Camas

Ceapa Lusca

Ceapa Ard

Carn Mór

Ceathramha Bhrún

Ceathramhna na gCorr

Ceathramha Riabhach

Gallach Uí Cheallaigh

Caisleán Buidhe

Caisleán Táilliuir

Baile Chláir na Gaillimhe

Clár Thuama

Droichead an Chláirin

An Cloigean

An Clochán

Conga

Leitir Breacán

Leitir Feoir

Leitir Mór

Leathbhaile

Lios Ceanannán

Lisín an Bhaile

Sliabh

An Creagán

An Baile Iochtair

Mágh Chuilinn

Maigheann

Muigh-Iorras

Baile an Mhuilinn

Uarán Mór

Uachtar Ard

Abhainn Gabhla

Ráth Folrach

Ráth Osan

Ráithín

Rinn Mhaol

Ros

Cloch na Rón

Cnoc an tSeagail

Screig

Sailchearnach

Seanchill

Sailchearnach

Scainimh

Sceicheánach

Sliabh an Iongna

An Spidéal

Sráidbhaile

Teampull an Tóchair

Teach Dachonna

Tobar an Dois

Tuaim (Tuath)

Tuaim (Baile)

Tulach O Cadhain

Turlach

Poll na bPéist

I gContae Chiarraighe.

Ard Aodha

Eaglais

Na Beitheacha

Baile an Sceilg

Baile an Bhóthair

An Baile Breac

An Baile Dubh

Baile na Cúirte

Baile an Chlochair

Bonnán

Barr Trí gCom

Béal

An Buailltín

Imleach

Gleann Fleisce

Gleann Beithe

Gleann Liath

Gleann Loch

Gleann Mór

Na Gleannta

Grianán

Lios na gCeann

Inse

Neidín

Cinn Aird

Cill Bonán

Cill Gharrdha an Lóndraigh

Cnoc Bréandan

Cathair Uíbh Rathach

Cathair Domhnall

Ceanbhaidh

Ceapach

Gleann Charrthaigh

Cuan an Chaisleain

Caisleán Ghriaghaire

Taobh Daodh

Baile an Teampuill

Clochán

Cluain

Claedeach

Cill Garbhán

Cill Gobán

Cill Ghobnatan

Cill Airne (Tuath)

Cill Fhionán

Cill Fhorglan

Cill Maelcéadar

Cill Cúán

Cnoc Glas

Leac

Leathárd

Licín

Loch Brain

Loch an Churtháin

Máistir Gaoithe

Crionna

Currach Beag

Currach Mór

Damhros

Duibhlios

Doire Fhianna

Doire Fhionán

Daingean Uí Chúise

Dubhcharraig

Dún Lóich

Dún Chaoin

Dún Urlaing

An Drom Mór

Márthain

Mám

Baile an Mhuilinn

Binn Ard

Mágh Laithimh

An Caladh

An Ráth Mhór

Gort na Cloiche

An tSnaidhm

An Gleann Iarthach

Sráidbhaile

Taithile

Tír Aniarthach

Oileán Dairbhre

Fionntráigh

I gContae Mhuigheo.

Acaill

Eadarghóbhail

Achadh Fobhair, Thuaidh

Ard na Riagh, Theas (Tuath)

Ath Tigh an Mheasaigh, Thoir

Ath Tigh an Mheasaigh, Thiar

Béal an Atha Móir

Baile an Chalaidh

Baile an Daingin

Baile an Róba

Baile an Chaisil

Baile Fhíodh Cruaiche, Thuaidh

Baile Fhíodh Cruaiche, Theas

Béal Ath hAmhnas

Béal Ath hEin

Baile na gCrochabhrach

Baile Odhbha

Beannchar Iorraís

Barr Rúscaighe

Cill Béacán

Béal Deirg Mór

Béal Ath Bheáraighe

Béal an Mhuirthidh

Sáilín, Thuaidh

Sáilín, Theas

Both Thóla

Bun an Bhaoille

Buirgheas Ceara

An Caladh

Ceapach Dubh

An Corrán

Caisleán an Bharraigh (Tuath)

Cliara

An Clochar Mór

Cluain Chaoin

Conga

Cúl na hAithche

Cuan Ard

Corrán Acaille

Cúrsa

Cruach Pádraig

Cros Baoithín

Cúil Dubh

Cúil na Cleithe

Dealgan

Doire Lochán

Dumhaigh Eige

An Drom Mín

Garraidhe Mór

Gleann na Muaidhe

Gleann Caisleain

Gleann Cumha

Guala Mhór

Maolda

Coill O Mádra

Oileán Eadaigh

Cill Comán

Cill Fian, Thoir

Cill Fian, Theas

Cill Fian, Thiar

Cill Garbhán

Cill an Ghaobhair

Cill Ceallaigh

Cill Alaidh

Cill Abhaille

Cill Liadan

Cill Meadhoin

Cill Mobhí

Coillte Mághach

Cill Mhidheán

An Cnoc, Thuaidh

An Cnoc, Theas

Cnoc an Daimh

Cnoc na Lobhar

Cnapach

Leacain, Thuaidh

Leacain, Theas

An Leitir Bhric

Lochán Buidhe

Cluain Chearbán

Muing na Bó

Na Muingí

An Eill

Béal Ath na Lúb

Baile O bhFiacháin, Thoir

Baile O bhFiacháin, Thiar

Abhainn Brain

Pont Abhann

Partraighe

Cnoc na Rátha

Ros Laogh

Cnoc na Saileach

Seiscinn

Sruthair

Sliabh Magh Eanna

Sliabh Mór

An tSráid

Teach Dhuinn

Tamhnaigh na Groighe

Tuath Canánach

Tuaim Mhór

Turlach

Tuaim Geis

Urlár

I gContae Phortláirge.

An Aird Mhór (Tuathcheanntar Dhún Garbhán)

An Aird Mhór (Tuathcheanntar Eochaille)

An Baile Dubh

Baile Uí Sheain

Baile Uí Inidh

Baile Fhinn

Baile Mac Airt

Baile Mhic Cairbre

Baile na Molt

Baile na Sagart

Both an Dúin

Ceapach

Ceapach Chuinn

Carraig an Chaisleain

Carraig Liath

Clais Mhór

Cluain Fhiadh na nDéiseach

Cuilleagán

Cumarach

Com Airglinn

Drom Anna

Drom Mór

Drom Rua

Dún Garbhán (Tuath)

Paróiste na bhFíodh

Caisleán na Sionnach

Garrán na Muiris

Baile Sheoirse

Gleann an Mhuilinn

Grág na nGabhar

An Ghreallach

An Ghráinseach

Gort na Péice

Goirtín

Caoirín

Cill Barra Meidín

Cill Cocán

Cill Mochoma

Cill Rónán

Ceann Sáile Beag

Cnocán Breandán

Lios Mór (Tuath)

Mágh Deilge (Tuathcheanntar. Dhún Garbhán)

Mágh Deilge (Tuathcheanntar Leasa Mhóir)

An Curraichín

Sliabh gCruinn

Ráth O gCormaic

Rinn O gCuanach

Seisceanán

Rann Muire

Tigh na Sagart

Teampul Michíl

An Teampul Geal

I gContae an Chabhain.

Doire Leathan

Doire na Neannta

Dún Mhac Iomhair

I gContae Liathdroma.

Drom Caorthain

Druim Railgheach Thoir

I gContae Luimnigh.

Mainistir na Féile

Cathair

Drom Treasna

Cnoc Uí Choileain

Uíbh Rosa

Seanadh Ghualann

I gContae Lughbhaidhe.

Druim Mullach

I gContae Roscoman.

Bealach an Doirín

Ceathramha Riabhach

Crannach

Críoch

Díseart

Cill Garadh

Teach Mac Chonaill

I gContae Shligigh.

Cliathmhuine Theas

Drom Colm

Lios an Doill Thoir

Lios an Doill Thuaidh

Ros Inbher Thiar

Baile idir Dhá Abhainn

Achadh Conaire Thoir

Achadh conaire Thiar

Ath Cláir

Beann Fhada

Cill Mac Taidhg

I gContae Thiobrad Arann Theas

Baile Uí Phéacháin

An Caisleán Nua