I.R. Uimh. 698/2019 - An tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú) (Uimh. 3), 2019


Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 10 Eanáir, 2020,

á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 7 (2) d’Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) (arna oiriúnú leis an Ordú um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 2017 (I.R. Uimh. 350 de 2017)) agus an tOrdú Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean) 2018 ( I.R. Uimh. 449 de 2018 ), déanaimse, Seán Kyne, Aire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, leis seo an t-ordú seo a leanas:

1. Féadfar an tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú) (Uimh. 3), 2019 a ghairm den Ordú seo.

2. Tá na limistéir a shonraítear sa Sceideal ainmnithe mar Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta chun críocha alt 7(2) d’Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) .

SCEIDEAL

Limistéar Pleanála Teanga: Tuaisceart Dhún na nGall, Co. Dhún na nGall

(1) An limistéar toghroinne i gContae Dhún na nGall seo a leanas: Ros Goill.

(2) An chuid sin de thoghroinn ceantair Chaisleán na dTuath i gContae Dhún na nGall atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Doire Fada, Droim na Coilleadh agus Droim Miasan.

(3) An chuid sin de thoghroinn ceantair Charraig i gContae Dhún na nGall atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Carraig Airt, Gleann Cheo agus Gort na Brád.

(4) An chuid sin de thoghroinn ceantair Na Ceathrú Caoile i gContae Dhún na nGall atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Na Mínte.

(5) An chuid sin de thoghroinn ceantair Chnoc Colbha i gContae Dhún na nGall atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Bun na Toinne, An Cheathrú Riabhach, An Leargain Bhreac, Na Mínte Móra agus Tír Leadáin.

(6) An chuid sin de thoghroinn ceantair an Chraoslaigh i gContae Dhún na nGall atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Críonaire, Droim na Coradh, Droim Liafala agus Droim na Rátha.

(7) An chuid sin de thoghroinn ceantair Chreamhghoirt i gContae Dhún na nGall atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: An Charraig, Droim Mhic an Leadra, Duibhleann Mór, Duibhleann Riach agus Tulach.

(8) An chuid sin de thoghroinn ceantair Chríoch na Sméar i gContae Dhún na nGall atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: An Ghlaic agus Glasán.

(9) An chuid sin de thoghroinn ceantair Ghrianfoirt i gContae Dhún na nGall atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Cionn Droma agus Cúl Baic.

(10) An chuid sin de thoghroinn ceantair Fhánaid Thiar i gContae Dhún na nGall atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Baile Uí Fhuaruisce, An Caiseal, Dumhaigh Mhór, Fál Aonaosa, An Glaidhb, Gort na Trá, An Seisíoch, An Tonn Bhán, Tulaigh Chonaill agus Oileáin i mbá na Maoile Rua.

(11) An chuid sin de thoghroinn ceantair Fhánaid Thuaidh i gContae Dhún na nGall atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Baile an Chnoic agus Baile na Brocaí, Baile na Loiste, Baile Mhicheáil, Baile Thiarnáin, An Baile Úr, Cionn an Locha, Cúl an Doire, Dumhaigh Bhig, Earra Thíre na Binne, Fán an Bhualtaigh, Machaire Dromann, Machaire Leacht, An Mhoirinn, Pollaid, An Rinn Bhuí, An Rinn Mhór, Seanach Dubh, Sliabh Chúl an Doire, Tuaim, Tulaigh na Dála agus ocht n-oileán bheaga amach ón gcósta.

(12) An chuid sin de thoghroinn ceantair Loch Caol i gContae Dhún na nGall atá comhdhéanta den bhaile fearainn seo a leanas: An Ghabhail

(13) An chuid sin de thoghroinn ceantair an Tearmainn i gContae Dhún na nGall atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Baile Bun an Abair, An Bearnas Íochtarach, An Bearnas Uachtarach, An Curraoin, Droim Díomhaoin, Droim Eochaille, Na Fánaibh agus An Srath Greadaithe.

(14) An chuid sin de thoghroinn ceantair Ghartáin i gContae Dhún na nGall atá comhdhéanta den bhaile fearainn seo a leanas: Allt na dTadhg.

(15) An chuid sin de thoghroinn ceantair Mhín an Lábáin i gContae Dhún na nGall atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Ard an Chrainn, Baile an Scáile, Carraig an Tiompáin, Cnoc an Stualaire, Corr na gCuileann, Loch Beara nó An Cruaichín, Droim na bhFuath, Droim Salach, Droim na Searrach, Gleann Domhain Beag, Ionascail, Mín an Ghainimh, Na Polláin Dhubha, An Srath Mór agus An Srath Mór Uachtarach.

Arna thabhairt faoi mo láimh,

20 Nollaig 2019.

SEÁN KYNE,

Aire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.