I.R. Uimh. 334/2019 - An Tordú Um Acht Na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta A Ainmniú), 2019


Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 9 Iúil 2019 á rá go

ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 7(2) d‘Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) (arna oiriúnú leis an Ordú um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 2017 (I.R. Uimh. 350 de 2017)) agus an tOrdú Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean) 2018 ( I.R. Uimh. 449 de 2018 ), déanaimse, Seán Kyne, Aire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, leis seo an t-ordú seo a leanas:

1. Féadfar an tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú), 2019 a ghairm den Ordú seo.

2. Tá na limistéir a shonraítear sa Sceideal ainmnithe mar Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta chun críocha alt 7(2) d‘Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) .

SCEIDEAL

Limistéar Pleanála Teanga: Dún na nGall Theas, Co. Dhún na nGall

(1) Na limistéir toghroinne seo a leanas: Cill Charthaigh, Cill Ghabhlaigh, Cró Chaorach, Gleann Cholm Cille, Inis Caoil agus Málainn Bhig.

(2) An chuid sin de thoghroinn ceantair Ard an Rátha atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Carraig an tSléibhe agus An Srath Uachtair.

(3) An chuid sin de thoghroinn ceantair Ghleann Gheis atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Áighe, Gleann Gheis, Mín na Coilleadh, Mín na Gualanna, Mín na bPoll, Mín na Téighe, Mínte Seisce agus Sceadamán.

(4) An chuid sin de thoghroinn ceantair na Leargadh Móire atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Baile Mún, Cró na Saileach, An Chruach Bheag, Droim na Fiongaile, Gort Sháile, Leirg an Dachtáin, Leitir, Mín Uí Chanann, Mínte Caoracháin, Mucros, An Rualach, Srath Bruithne Íochtarach, Srath Bruithne Uachtarach, An Tamhnaigh agus Iomascan.

(5) An chuid sin de thoghroinn ceantair Mhaol Mosóg atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Allt na gCapall, An Caiseal, Cnoc na gCapall, Cró an Chaorthainn, Mín an Bhealaigh, Mín Ghiolla Charraigh agus Maol Mosóg.

Arna thabhairt faoi mo láimh,

2 July 2019.

SEÁN KYNE,

Aire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.