An tAcht um an Ochtú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Scaoileadh ar Phósadh), 2019

Airteagal 41 den Bhunreacht a leasú

1. Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 41 den Bhunreacht:

(a) aisghairfear mír i d'fho-alt 2° d'alt 3 den téacs Gaeilge;

(b) aisghairfear mír i d'fho-alt 2° d'alt 3 den téacs Sacs-Bhéarla;

(c) déanfar mír ii d'fho-alt 2° d'alt 3 den dá théacs a uimhriú mar mhír i;

(d) déanfar mír iii d'fho-alt 2° d'alt 3 den dá théacs a uimhriú mar mhír ii;

(e) déanfar mír iv d'fho-alt 2° d'alt 3 den dá théacs a uimhriú mar mhír iii;

(f) cuirfear an fo-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i g Cuid 1 den Sceideal in ionad fho-alt 3° d'alt 3 den téacs Gaeilge;

(g) cuirfear an fo-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i g Cuid 2 den Sceideal in ionad fho-alt 3° d'alt 3 den téacs Sacs-Bhéarla.